Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Paisinéirí a chosaint agus cabhrú le hearnáil iompair an Aontais dul i ngleic le géarchéim an Mheánoirthir

  • Alt nuachta
  • 8 Bealtaine 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
Mother and child looking in the airport departure lounge

 

Tá treoraíocht curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún d’earnáil an iompair agus na turasóireachta chun soiléiriú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le rialacha an Aontais atá ann cheana cabhrú le déileáil le tionchair na coinbhleachta sa Mheánoirthear. Tá an treoraíocht sin beartaithe go háirithe agus ganntanais scairdbhreosla a d’fhéadfadh a bheith ann á gcur san áireamh, má leanann an choinbhleacht ar aghaidh.

Leagtar béim sa treoir ar an méid seo a leanas:

  • Paisinéirí a ndéanann cealú difear dóibh, leanann siad de thairbhe a bhaint as cearta aerphaisinéirí. Tá siad i dteideal aisíocaíochta, athródú nó filleadh, cúnamh ag an aerfort agus cúiteamh i gcás cealuithe ag an nóiméad deireanach. Ní fhéadfar aerlínte a dhíolmhú ó chúiteamh airgeadais ach amháin nuair is féidir leo a chruthú gur imthosca urghnácha ba chúis leis an gcealú. Níor cheart praghsanna arda breosla a mheas mar imthoisc urghnách.
  • Ceanglaítear ar aerlínte praghsanna deiridh na dticéad a thaispeáint roimh ré a bhuí leis an Rialachán maidir le hAersheirbhísí, rud a chinntíonn praghsáil thrédhearcach ar tháillí aeir. Fágann sé sin nach gceadaítear dóibh táillí breise a ghearradh go cúlghabhálach mar gheall ar fhormhuirir bhreosla.
  • Is féidir aerlínte a dhíolmhú ón riail 90% i dtaca le breosla a chur ar bord faoin tionscnamh ReFuelEU Aviation, chun cuidiú leo dúnadh bealaí áirithe a sheachaint. Maidir le sliotáin aerfoirt, féadfar aerlínte a dhíolmhú ó na gnáthoibleagáidí maidir le sliotáin tuirlingthe agus éirí de thalamh mar gheall ar shaincheisteanna soláthair breosla ag aerfoirt.

I gcomhthreo leis an treoraíocht sin, d’eisigh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) Feasachán Faisnéise Sábháilteachta freisin chun páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoi úsáid shábháilte bhreosla eitlíochta Jet A san Eoraip. 

Trí bhearta tacaíochta airgeadais sealadacha, tacófar freisin le modhanna eile iompair a ndéanann costais arda díosail difear dóibh, mar atá iompar de bhóthar, iompar d’iarnród, iompar d’uiscebhealaí intíre agus iompar muirí.

Tuilleadh eolais

Suíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Iompair  

Treoraíocht maidir le rialacha an Aontais is infheidhme maidir le paisinéirí agus oibreoirí turasóireachta agus iompair

Gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh

Sonraí

Dáta foilsithe
8 Bealtaine 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide