Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Alt nuachta
  • 5 Samhain 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad

An Eoraip a nascadh trí iarnróid ardluais

 

Ba cheart taisteal ar fud na hEorpa a bheith éasca, tapa agus inbhuanaithe, cibé acu atáthar ag tabhairt cuairt ar theaghlach le linn na laethanta saoire, ag caitheamh deireadh seachtaine ar shiúl le cairde, nó ag freastal ar chomhdháil oibre i dtír eile. Sin an fáth a ghlac an Coimisiún sraith tograí nua chun dlús a chur le leathadh amach líonra iarnróid ardluais na hEorpa agus chun borradh a chur faoin infheistíocht i mbreoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin. Is é is aidhm dóibh córas iompair an Aontais a dhéanamh níos éifeachtúla, níos idirnasctha agus níos inrochtana, faoi threoir phrionsabail an iomaíochais agus na hinbhuanaitheachta.

Ag tógáil ar an nGréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T), tá sé d’aidhm ag an bplean gníomhaíochta le haghaidh iarnróid ardluais amanna turais a laghdú agus an t-iarnród a dhéanamh níos tarraingtí mar rogha mhalartach ar eitiltí gearraistir. Agus traenacha ag sroicheadh luasanna 200 km/u agus os a chionn, titfidh na hamanna taistil idir príomhchathracha an Aontais go mór 

📍 Cóbanhávan – Beirlín: ó 7 n-uaire go 4 huaire

📍 Páras – an Róimh: ó 10u50 go 8u45

📍 Sóifia – an Aithin: ó 13u40 go 6 huaire

📍 Vín – Liúibleána: ó 6u05 go 4u30

A bhuí le naisc nua trasteorann, beifear in ann turais níos tapúla agus níos simplí a dhéanamh freisin, cuir i gcás na cinn seo a leanas 

🛤️ Liospóin – Maidrid – Páras

🛤️ Taillinn – Ríge – Vilnias –Vársá 

Chun an fhís sin a fhíorú, leagtar amach sa phlean gníomhaíochtaí nithiúla, cuir i gcás na cinn seo a leanas

  • deireadh a chur le scrogaill trasteorann, agus roghanna ann luasanna os cionn 250 km/u a bhaint amach nuair atá sin inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de
  • straitéis chomhordaithe maoinithe a fhorbairt chun an infheistíocht is gá a shlógadh
  • feabhas a chur ar na dálaí don tionscal iarnróid agus d’oibreoirí iarnróid infheistíocht a dhéanamh, nuáil a dhéanamh agus oibriú ar bhealach iomaíoch (e.g. feabhas a chur ar chórais ticéadaithe agus áirithinte trasteorann)
  • rialachas ar leibhéal an Aontais a neartú, caighdeáin chomhchuibhithe agus próisis údarúcháin chomhchuibhithe ina measc

Chomh maith le taisteal níos tapúla, áirithint níos éasca, agus praghsanna níos inacmhainne, maolófar plódú tráchta leis an bplean agus saorófar toilleadh ar ghnáthlínte iarnróid, rud a chuirfidh borradh faoi gheilleagair réigiúnacha agus faoin turasóireacht.

Sa dara cuid den phacáiste, an plean infheistíochta iompair inbhuanaithe, leagtar amach cur chuige coiteann chun borradh a chur faoin infheistíocht i mbreoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin, lena ndírítear ar eitlíocht agus ar uisce-iompar. Chun spriocanna RefuelEU Aviation agus FuelEU Maritime a bhaint amach, beidh thart ar 20 milliún tona de bhreoslaí inbhuanaithe ag teastáil faoi 2035, agus meastar go mbeidh €100 billiún d’infheistíocht ag teastáil ina leith.

Tuilleadh eolais

Preaseisiúint – iompar iarnróid ardluais agus iompar inbhuanaithe

Bileog eolais – iarnród ardluais

Ceisteanna agus Freagraí – iarnród ardluais

Bileog eolais – iompar inbhuanaithe

Ceisteanna agus Freagraí – iompar inbhuanaithe

Iomaíochas

Plean le haghaidh iarnród ardluais

An plean infheistíochta um an iompar inbhuanaithe

Sonraí

Dáta foilsithe
5 Samhain 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide