Page contents Page contents An gá atá le measúnuithe tionchairUllmhaítear measúnuithe tionchair ar thionscnaimh a meastar go mbeidh tionchar suntasach acu ar an ngeilleagar, ar an tsochaí nó ar an gcomhshaol. Orthu sin, tá:tograí reachtachationscnaimh neamhreachtacha (e.g. cláir airgeadais, moltaí maidir leis an gcaibidlíocht i leith comhaontuithe idirnáisiúnta)gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligtheTugtar achoimre ar thorthaí an phróisis mheasúnaithe tionchair sa tuarascáil ar an measúnú tionchair. Déanann comhlacht neamhspleách, An Bord um Ghrinnscrúdú Rialála, cáilíocht gach tuarascála a scrúdú agus eisíonn sé a thuairim ansin.Sa tuarascáil ar an measúnú tionchair, ní mór go mbeadh cur síos ar an méid seo:tionchar an tionscnaimh ó thaobh an chomhshaoil, na sochaí agus an gheilleagair, lena n-áirítear an tionchar a d'imreofaí ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar an iomaíochas, mar aon le ráiteas ar leith má mheastar gur gan tábhacht an tionchar siniad siúd a ndéanfaidh an tionscnamh difear dóibh, agus an dóigh a dtarlóidh sinan straitéis chomhairliúcháin gona torthaíDéantar tuarascálacha ar an measúnú tionchair a fhoilsiú i dteannta na dtograí, nó i dteannta na ngníomhartha sin a ghlacann an Coimisiún. Seoltar ansin iad chuig reachtóirí an Aontais Eorpaigh, chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle, d'fhonn go ndéana siad siúd a marana orthu agus cinneadh á dhéanamh acu cé acu a ghlacfar nó nach nglacfar an dlí atá á bheartú.Tuarascálacha ar mheasúnú tionchairReachtóireacht níos fearrCuid lárnach den chlár oibre le haghaidh rialáil níos fearr iad na measúnuithe tionchair seo, agus é d'aidhm acu beartais agus dlíthe an Aontais Eorpaigh a dhearadh agus a mheasúnú ar an dóigh is mó éifeacht agus éifeachtúlacht.Sna treoirlínte maidir le rialáil níos fearr, tá treoir le fáil ag an gCoimisiún leis na measúnuithe tionchair a dhéanamh. Ag gabháil leo, tá bosca uirlisí ina bhfuil comhairle chomhlántach le fáil.Conas cur leisSna measúnuithe tionchair tosaigh a leagtar amach anailís tosaigh an Choimisiúin ar an bhfadhb, ar na cuspóirí beartais, agus ar na réitigh éagsúla gona dtionchair dhóchúla. Tugtar deis do gheallsealbhóirí aiseolas a thabhairt ina dtaobh.Aiseolas a thabhairt maidir le measúnuithe tionchair tosaighIna dhiaidh sin, déantar an measúnú tionchair agus téitear i gcomhairle leis na geallsealbhóirí, trí bhíthin chomhairliúcháin phoiblí, maidir leis na príomhghnéithe a bhaineann le hábhar.Páirt a bheith agat i measúnuithe tionchairAch a gcríochnaítear an togra reachtach, maille lena thuarascáil ar an measúnú tionchair, agus a bhfoilsíonn an Coimisiún é, tugtar deis eile, nuair a sheoltar chuig reachtóirí an Aontais Eorpaigh é, do na saoránaigh agus do gheallsealbhóirí aiseolas a thabhairt i dtaobh an togra.Aiseolas uaitse ar thograí reachtacha agus ar mheasúnuithe tionchair gaolmharaComhar idir institiúidí an Aontais EorpaighSa chomhaontú idirinstitiúideach nua maidir le reachtóireacht níos fearr, a comhaontaíodh in Aibreán 2016, aithnítear gur cuidiú dearfach a bhíonn sna measúnuithe tionchair seo chun cáilíocht na reachtaíochta sin an Aontais Eorpaigh a fheabhsú.De réir an chomhaontaithe sin, tabharfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle dá n-aird go hiomlán measúnuithe tionchair an Choimisiúin agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le tograí reachtacha. Le linn an phróisis reachtaigh, féadfaidh na comhreachtóirí measúnuithe tionchair a dhéanamh freisin i dtaca le mórleasuithe.Comhaontú idirinstitiúideach maidir le reachtóireacht níos fearrCoimhdeacht agus comhréireachtAgus beartais á bhforbairt, measúnaítear sna measúnuithe tionchair ceartchur i bhfeidhm phrionsabal na coimhdeachta (e.g. gan aon chur isteach ón Aontas Eorpach más féidir déileáil go héifeachtach leis an gceist sna Ballstáit féin) agus phrionsabal na comhréireachta (e.g. gan bearta an Aontais a dhul thar a bhfuil riachtanach leis na cuspóirí a bhaint amach).