Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Dlí a ullmhú agus a mholadh

Tá sé de chúram ar an gCoimisiún tograí le haghaidh reachtaíocht Eorpach nua a phleanáil, a ullmhú agus a mholadh. Tugtar an "ceart tionscnaimh" air sin. Is é is aidhm do dhlíthe an Aontais Eorpaigh leasanna an Aontais agus a shaoránach a chosaint. Saoránaigh, gnólachtaí, an tsochaí shibhialta, údaráis phoiblí nó páirtithe leasmhara eile a bhféadfadh dlí nó beartas difear a dhéanamh dóibh, is féidir leo a dtuairimí faoin bpróiseas reachtóireachta a chur in iúl.

Right of initiative

The European Commission is responsible for planning, preparing and proposing new European legislation. This is called the 'right of initiative'.

EU laws defend the interests of the Union and its citizens as a whole. Citizens, businesses, civil society, public authorities or any other stakeholder who may be affected can have their say in the process.

An bunús atá le dlíthe agus beartais an Aontais

Molann an Coimisiún dlíthe agus beartais ar a thionscnamh féin. Ina theannta sin, is féidir go ndéanfaidh sé amhlaidh ar iarratas ó dhream éigin díobh seo a leanas:

  • an Chomhairle Eorpach (cinn stáit nó cinn rialtais na mBallstát)
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh (airí rialtais na mBallstát)
  • Parlaimint na hEorpa (a dtoghann saoránaigh an Aontais a cuid feisirí go díreach)
  • Na saoránaigh féin, i gcás inar éirigh le Tionscnamh ó na Saoránaigh a raibh siad páirteach ann

Déanann an Coimisiún dlíthe agus beartais a ullmhú ar shlí thrédhearcach agus de réir na fianaise atá ann, agus na tuairimí atá ag saoránaigh agus páirtithe leasmhara á gcur san áireamh. Rialáil Níos Fearr a thugtar air sin.

Rialáil Níos Fearr: cén fáth agus cén chaoi

An phleanáil a dhéantar ina gcomhair

Tugann an Coimisiún gealltanas polaitiúil ina chlár oibre bliantúil líon áirithe tosaíochtaí a bhaint amach le linn bliain féilire ar leith.

Clár oibre an Choimisiúin

An chaoi a sainítear a raon feidhme

Úsáideann an Coimisiún Glao ar fhianaise chun raon feidhme na nithe seo a leanas a shainiú:

  • dlí nó beartas nua atá íogair ó thaobh na polaitíochta de agus/nó tábhachtach
  • meastóireacht ar dhlí nó ar bheartas atá ann cheana
  • seiceáil oiriúnachta ar shraith dlíthe gaolmhara nó ar shraith beartas gaolmhar atá ann cheana

Sa Ghlao ar fhianaise déantar cur síos ar an bhfadhb atá ann agus ar na cuspóirí atá le baint amach, mínítear an fáth a bhfuil gá le beart ón Aontas Eorpach, leagtar amach roghanna beartais, agus déantar cur síos ar phríomhghnéithe na straitéise comhairliúcháin, lena n-áirítear an bhfuil gá le comhairliúchán poiblí lena ngabhann ceistneoir.

Dhá chéim a bhí seicheamhach roimhe seo, cuirtear le chéile iad sa Ghlao ar fhianaise, mar atá: an treochlár/an measúnú ar thionchar tionscanta agus an ceistneoir (nuair is ábhartha).

Aiseolas a thabhairt maidir le treochláir agus measúnuithe tionchair tosaigh a foilsíodh le déanaí

Evaluating laws

An chaoi a meastar a dtionchar

Nuair is mórthionchair a mheastar a bheidh ag dlí nó beartas de chuid an Aontais Eorpaigh, déanann an Coimisiún measúnú tionchair sula ndéanfaidh sé an togra uaidh a chur le chéile.

Is éard is aidhm don mheasúnú seo anailís a dhéanamh, ar bhonn níos mionsonraithe, ar an bhfadhb atá ann, ar an ngá atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag na réitigh éagsúla atá á moladh ar an ngeilleagar, ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol.

Cuirtear torthaí an mheasúnaithe tionchair san áireamh nuair a bhíonn cinneadh an Choimisiúin á dhéanamh.

Tuilleadh eolais faoi na measúnuithe tionchair

Aiseolas a thabhairt maidir le gnéithe de na measúnuithe tionchair

Cé atá i dteideal páirt a ghlacadh ann?

Aon duine a bhfuil spéis aige i ndlí nó i mbeartas atá ann cheana nó atá beartaithe, nó a bhféadfadh an dlí nó an beartas sin difear a dhéanamh dó, is féidir leis a chuid tuairimí a chomhroinnt trína bharúlacha nó páipéir sheasaimh a sheoladh isteach nó trí fhreagra a thabhairt ar chomhairliúcháin phoiblí. Áirítear leis sin: údaráis phoiblí, náisiúnta, áitiúla agus réigiúnacha, gnólachtaí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus saoránaigh aonair.

An chaoi ar féidir páirt a ghlacadh ann

Tá deiseanna éagsúla ann chun rannchuidiú le próiseas reachtóireachta an Aontais Eorpaigh le linn an phróisis féin – ón gcéim ullmhúcháin go dtí tograí le haghaidh dlíthe nua agus meastóireachtaí ar an gcaoi a bhfuil ag éirí leis na dlíthe de chuid an Aontais atá ann cheana.

Ar an tairseach ‘Cloisimis Uait’ is féidir leat do chuid tuairimí agus smaointe a chomhroinnt faoi thionscnaimh an Choimisiúin i ngach réimse beartais agus sin a dhéanamh i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Is féidir leat d’ainm a chur síos le fógraí a fháil faoi fhorbairtí nua de réir mar atá tionscnaimh ag teacht chun cinn, agus is féidir sin a dhéanamh tar éis ghlacadh na reachtaíochta.

Cuireann an Coimisiún aiseolas san áireamh nuair a bhíonn tuilleadh forbartha á dhéanamh aige ar dhlí nó ar bheartas nó nuair a bhíonn meastóireacht á déanamh aige ar roinnt dlíthe gaolmhara nó ar roinnt beartas gaolmhar i réimse beartais ar leith.

Rannchuidigh leis an bpróiseas reachtóireachta ar an tairseach ‘Cloisimis Uait’.

Cineálacha eile comhairliúcháin

D'fhéadfadh an Coimisiún comhairle a lorg ar shaineolaithe i réimse ar leith nó dul i muinín na modhanna seo a leanas, cuir i gcás, chun tuairimí ó pháirtithe leasmhara áirithe a fháil:

  • comhairliúcháin spriocdhírithe
  • cruinnithe
  • ceardlanna
  • seimineáir
  • buíonta ionadaithe ó fhiontair bheaga
  • pléfhóraim ar líne

A gcáilíocht a dhearbhú

Leagtar síos sna Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr agus sa bhosca uirlisí a ghabhann leo na caighdeáin cháilíochta is cóir a leanúint i dtaca le beartais agus dlíthe a phleanáil agus a mholadh.

Na Treoirlínte maidir le Rialáil níos Fearr agus an bosca uirlisí a ghabhann leo

Deimhníonn an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála, ar bord neamhspleách é, cáilíocht na ndréacht-mheasúnuithe tionchair uile ón gCoimisiún chomh maith le cáilíocht na meastóireachtaí móra agus na seiceálacha oiriúnachta uaidh.

I bprionsabal, caithfear tuairim dhearfach ina leith a fháil ón mBord chun gur féidir leis an gCoimisiún tionscnamh, agus an measúnú ar tionchar atá ag gabháil leis, a ghlacadh.

An Bord um Ghrinnscrúdú Rialála

Fógraí a fháil faoi threochláir agus comhairliúcháin phoiblí nua.