Page contents Page contents Cad é an Bord seo agus cad é a dhéanann sé?Tar éis Thuarascáil an Chúigear Uachtarán maidir le hAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a chomhlánú, chinn an Coimisiún i mí Dheireadh Fómhair 2015 Bord Fioscach Eorpach a bhunú mar bhord comhairleach neamhspleách maidir le cúrsaí fioscacha. Is iad seo a leanas na príomhfhreagrachtaí atá ar an mBord:Airteagal 24, Rialachán (AE) 2024/1263 meastóireacht ex post thráthúil a sholáthar maidir le cur chun feidhme chreat rialachais fhioscaigh an Aontais comhairle a thabhairt maidir leis an seasamh fioscach ionchasach is iomchuí don limistéar euro trí chéile, agus maidir leis na seasaimh fhioscacha náisiúnta iomchuí atá i gcomhréir leis laistigh de rialacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáiscomhairle a thabhairt, arna iarraidh sin don Choimisiún nó don Chomhairle, maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, lena n-áirítear maidir le síneadh a chur leis an gclásal éalaithe ginearálta i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2024/1263comhoibriú go dlúth le hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha dá dtagraítear in Airteagal 8a de Threoir 2011/85/AEmoltaí a dhéanamh maidir le forbairt an chreata bhuiséadaigh amach anseo.Cathaoirleach agus ceathrar Comhaltaí atá ar an mBord Fioscach Eorpach, agus tacaíonn Rúnaíocht leis an mbord. Is saineolaithe iad an Cathaoirleach agus na Comhaltaí a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu iad maidir le beartas fioscach, airgeadas poiblí agus maicreacnamaíocht, agus taithí acu ar rialachas eacnamaíoch na hEorpa agus ar rialacha fioscacha an Aontais.Cén fáth ar cuireadh ar bun é?Leis an ngéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais tar éis 2007, cuireadh béim ar a thábhachtaí atá sé do na Ballstáit beartais fhioscacha fhreagracha a chur i bhfeidhm, ar beartais iad a réitíonn riachtanas an airgeadais phoiblí inbhuanaithe agus an gá atá le gníomhaíocht cobhsúcháin eacnamaíche. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin don limistéar euro. Cuireann an Bord meastóireacht ar chur chun feidhme rialacha fioscacha an Aontais ar fáil don Choimisiún agus don Chomhairle, ina measc sin oiriúnacht na staide fioscaí iarbhír ar leibhéal an limistéir euro agus ar an leibhéal náisiúnta.Cén uair a bunaíodh an Bord?Bunaíodh an Bord an 21 Deireadh Fómhair 2015 le Cinneadh (AE) 2015/1937 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2015 lena mbunaítear Bord Fioscach Eorpach neamhspleách comhairleach. Glacadh Cinneadh nua ón gCoimisiún an 29 Iúil 2024 le Cinneadh (AE) 2024/2115 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2024 lena mbunaítear Bord Fioscach Eorpach neamhspleách comhairleach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/1937. Go ginearálta, tagann comhaltaí an Bhoird le chéile uair sa mhí nó níos minice más gá.Conas a roghnaítear na comhaltaí?Is le glao oscailte ar léiriú spéise a thosaíonn próiseas roghnúcháin struchtúrtha trédhearcach an chúigear comhaltaí boird. Tugann painéal roghnúcháin, ar a bhfuil oifigigh ardleibhéil ón gCoimisiún, faoi agallaimh agus gearrliosta iarrthóirí a dhéanamh chun cathaoirleach agus comhaltaí boird a cheapadh. Ansin téann an Coimisiún i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, le Comhairle na nAirí agus le Parlaimint na hEorpa maidir leis na hiarrthóirí ar an ngearrliostaCé na critéir chun comhaltaí an Bhoird a roghnú?Tá an méid seo a leanas ar na critéir chun measúnú a dhéanamh ar iarratais:Inniúlacht agus taithí chruthaithe ábhartha na n-iarratasóirí lena léiríonn siad gur saineolaithe idirnáisiúnta aitheanta iad maidir leis an maicreacnamaíocht, airgeadas poiblí, beartas fioscach agus bainistiú buiséadach;Tuiscint dhomhain ar rialacha fioscacha an Aontais agus ar an ról atá aige maidir le feidhmiú an Aontais Eorpaigh agus an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta;Inniúlacht agus taithí chruthaithe ábhartha ar cheapadh beartas eacnamaíoch; is é sin, inniúlacht agus taithí a bhfuarthas, más féidir, ó obair in institiúidí ceaptha beartas, in institiúidí a chuireann comhairle ar fáil maidir le beartas nó sa saol acadúil;Eolas ar institiúidí an Aontais, ar phróisis chinnteoireachta an Aontais agus ar ról an Choimisiúin Eorpaigh.Buntáiste a bheadh i dtaithí ar anailís eacnamaíoch a dhéanamh ó dhearcadh cothrománach trastíre.A mhéid is féidir, is é is aidhm don phróiseas roghnúcháin cothromaíocht a bhaint amach maidir le hionadaíochas, inscne agus tionscnamh geografach na n-iarratasóirí, agus cúraimí sonracha an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh agus an cineál saineolais is gá á gcur san áireamh. An bhfuil an Bord neamhspleách nó an cuid den Choimisiún é?Ceanglaítear ar chomhaltaí an Bhoird gníomhú go neamhspleách agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon institiúid, comhlacht ná rialtas de chuid an Aontais ná ó aon institiúid, comhlacht ná rialtas náisiúnta, an Coimisiún Eorpach ina measc. Tá sé d’oibleagáid orthu aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a chur in iúl. Cosnaítear neamhchlaontacht chomhairle an Bhoird trína chomhdhéanamh cothrom, rud a chuireann éagsúlacht taithí, cúlraí agus tuairimí i láthair.Ní fostaithe de chuid an Choimisiúin iad comhaltaí an Bhoird agus tá siad tiomanta saineolas neamhspleách a chur ar fáil. Cé gur gá ardrúnaíocht an Bhoird a cheangal leis an gCoimisiún mar gheall ar chúiseanna praiticiúla riaracháin, cuir i gcás chun rochtain a fháil ar shonraí comhchosúla, ceapadh an bord go cúramach mar chomhlacht atá uathrialaitheach go hiomlán.Leagtar amach sainordú agus socrú an Bhoird go trédhearcach i gCinneadh (AE) 2024/2115 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2024 lena mbunaítear Bord Fioscach Eorpach neamhspleách comhairleach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/1937. Dá bhrí sin, tá bunús dlí soiléir ag a shainordú agus a neamhspleáchas, i gcomhréir le dea-chleachtais do chomhlachtaí neamhspleácha.Cén fáth nach ndéanann an Bord cinntí fioscacha?Luaitear go soiléir i dTuarascáil an Chúigear Uachtarán an méid seo a leanas maidir leis an mbord: ‘ba cheart dó comhairle a thabhairt maidir le beartas, seachas beartas a chur i bhfeidhm. Ba cheart forfheidhmiú na rialacha a bheith faoi chúram an Choimisiúin Eorpaigh i gcónaí.’Tá sainordú an Choimisiúin bunaithe sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, mar a leagtar amach go soiléir ról gach institiúide i gceapadh beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta. Ní féidir le ‘sainchomhlacht iomlán neamhspleách’ cinntí fioscacha a dhéanamh toisc go sáródh sé sin sainchumais institiúidí éagsúla an Aontais, ina measc sin cuntasacht agus nósanna imeachta cinnteoireachta atá leagtha amach sa Chonradh.I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach gan ról an Bhoird a bunaíodh ar leibhéal an Aontais, is é sin chun comhairle a chur ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle, a mheascadh suas le ról na gcomhairlí fioscacha náisiúnta a bunaíodh ar an leibhéal náisiúnta.An bhfuil tuairimí an Bhoird poiblí?I gcomhréir leis an gcinneadh ón gCoimisiún lena mbunaítear an Bord (Airteagal 7), cuirtear gach tuarascáil agus comhairle ó BFE ar fáil don phobal.An bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag an mBord?Síníodh Meabhrán Tuisceana idir an Bord agus seirbhísí ábhartha an Choimisiúin. Cuireann ardrúnaíocht tacaíocht theicniúil agus phraiticiúil ar fáil don Bhord.Cad é an caidreamh idir an Bord agus comhairlí fioscacha náisiúnta?Ceanglaítear ar na Ballstáit uile comhairlí fioscacha náisiúnta a bheith acu faoi rialacháin an ‘dé-phaca’. Is comhlachtaí neamhspleácha iad na comhairlí fioscacha náisiúnta, a dhéanann monatóireacht ar chomhlíonadh na rialacha fioscacha náisiúnta sna Ballstáit.Ceanglaítear ar Bhallstáit uile an Aontais comhairlí fioscacha náisiúnta a bheith acu faoi threoir 2011/85 ón gComhairle. Is comhlachtaí neamhspleácha iad na comhairlí fioscacha náisiúnta, a dhéanann monatóireacht ar chomhlíonadh na rialacha fioscacha náisiúnta sna Ballstáit agus a dhéanann réamhaisnéisí maicreacnamaíocha a mheasúnú/a tháirgeadh, a chuireann taca faoi na buiséid náisiúnta.Ní chuireann an Bord isteach ar obair na gcomhairlí fioscacha náisiúnta, ach oibríonn sé i gcomhar leo, go háirithe maidir le dea-chleachtais a mhalartú agus comhthuiscint a éascú maidir le hábhair a bhaineann le rialacha fioscacha an Aontais. Téann an comhar sin chun tairbhe don Bhord agus do chomhairlí fioscacha náisiúnta araon agus neartaíonn sé iad.