Saoráid chomhdhála a dhearadh
Déanann Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta a cuid eolais a roinnt go rialta le hailtirí, tógálaithe, tionscnóirí seomraí comhdhála agus ionaid chomhdhála phoiblí agus phríobháideacha.
Cinntíonn ár sainfhoireann go bhfuil na seomraí cruinnithe go léir ina mbíonn ár n-ateangairí ag obair, san Eoraip agus lasmuigh di, ag teacht leis na caighdeáin ábhartha ISO agus lenár sonraíochtaí.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an roinn ateangaireachta chun comhairle ghinearálta a lorg i dtaca le seomraí cruinnithe, go háirithe i ndáil leis an mbealach chun na caighdeáin idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm go praiticiúil. Is féidir leis an roinn comhairle a chur ar fáil freisin maidir le teicneolaíochtaí nua, ar nós ardáin cruinnithe fíorúla ar a ndéantar ateangaireacht, a chomhtháthú i dtimpeallacht seomra cruinnithe atá ann cheana.
Botháin ateangaireachta
Bíonn an Fhoireann um Chomhlíonadh Teicniúil ag obair chun na caighdeáin lena gcinntítear coinníollacha oibre den chéad scoth d’ateangairí a threisiú agus cuidíonn siad chun ateangaireacht ar an gcaighdeán is airde a chur ar fáil do thoscairí.
Ní mór botháin ateangaireachta a bheith fuaimdhíonach, córas aerchóiriúcháin a bheith iontu chomh maith le neart soilse agus cathaoireacha eirgeanamaíocha, agus ní mór radharc díreach iomlán a bheith uathu ar na toscairí go léir.
Tá caighdeáin ISO leagtha síos do bhotháin ateangaireachta bhuana agus shoghluaiste, agus do threalamh comhdhála agus ateangaireachta freisin:
- ISO 17651-1:2024 – Ateangaireacht chomhuaineach – Timpeallacht oibre na nAteangairí Cuid 1: Riachtanais agus moltaí maidir le bothanna buana
- ISO 17651-2:2024 – Ateangaireacht chomhuaineach – Timpeallacht oibre na nAteangairí Cuid 2: Riachtanais agus moltaí maidir le bothanna soghluaiste
- ISO 17651-3:2026 – Ateangaireacht chomhuaineach – Timpeallacht oibre na nAteangairí Cuid 3: Riachtanais agus moltaí maidir le moil ateangaireachta
- ISO 24019:2022 – Ardáin soláthair ateangaireachta comhuainí
- ISO 20109:2025 – Ateangaireacht chomhuaineach – Trealamh – Riachtanais
- ISO 22259:2019 – Córais chomhdhála – Trealamh – Riachtanais
Doiciméid
- 6 MÁRTA 2026
- български(190.49 KB - PDF)
- español(120.25 KB - PDF)
- čeština(171.06 KB - PDF)
- dansk(167.51 KB - PDF)
- Deutsch(147.84 KB - PDF)
- eesti(119.66 KB - PDF)
- ελληνικά(192.58 KB - PDF)
- français(173.45 KB - PDF)
- hrvatski(170.33 KB - PDF)
- italiano(144.05 KB - PDF)
- latviešu(151.12 KB - PDF)
- lietuvių(185.68 KB - PDF)
- magyar(351.1 KB - PDF)
- Malti(179.66 KB - PDF)
- Nederlands(170.93 KB - PDF)
- polski(223.85 KB - PDF)
- português(167.2 KB - PDF)
- română(179.79 KB - PDF)
- slovenčina(188.16 KB - PDF)
- slovenščina(183.36 KB - PDF)
- suomi(185 KB - PDF)
- svenska(170.87 KB - PDF)
- 22 AIBREÁN 2025
- 6 MÁRTA 2026
