Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

An ghéarchéim sa Mheánoirthear

Pointí tábhachtacha

  • Cháin an tAontas Eorpach go lom na hionsaithe gan idirdhealú atáthar a dhéanamh i réigiún na Murascaille, agus d’athdhearbhaigh sé a dhlúthpháirtíocht leis na tíortha atá thíos leo.
  • Rinne Ballstáit den Aontas breis agus 35,000 saoránach den Aontas a aisdúichiú go sábháilte, os cionn 13,000 saoránach a aisdúichiú trí eitiltí aisdúichithe a fuair tacaíocht ón Aontas ina measc.
  • In 2026 tá cabhair dhaonnúil dar luach €458 milliún san iomlán á cur ar fáil ag an Aontas don Phalaistín, don Liobáin, don tSiria, don Iordáin agus don Éigipt.

Tá an tAontas Eorpach tiomanta aghaidh a thabhairt ar na géarchéimeanna casta sa Mheánoirthear, an méid atá ag tarlú san Iaráin le déanaí ina measc sin. Tá sé ag gníomhú ar go leor bealaí, idir shaoránaigh a aslonnú agus tacaíocht dhaonnúil a chur ar fáil agus rannpháirt a ghlacadh ar bhonn taidhleoireachta, chun díghéarú a dhéanamh agus tuilleadh coinbhleachta a chosc.

An choinbhleacht san Iaráin

 

Cháin an tAontas go soiléir ionsaithe neamh-idirdhealaitheacha na hIaráine. Ón 28 Feabhra 2026 i leith, tá an tAontas i dteagmháil go leanúnach le ceannairí ar fud an Mheánoirthir agus na hEorpa, agus tá sé i ndlúthpháirtíocht leis na tíortha a ndearna an Iaráin ionsaí orthu agus ag tacú le mianta daonlathacha mhuintir na hIaráine.

D’athdhearbhaigh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, agus Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa, chomh maith leis an Ardionadaí/Leas-Uachtarán, Kaja Kallas, tiomantas an Aontais don chobhsaíocht réigiúnach, agus d’iarr siad go ndéanfaí an méid seo a leanas:

  • díghéarú láithreach agus an ghuaim is mó is féidir a choinneáil
  • sibhialtaigh agus bonneagar sibhialtach a chosaint
  • Cairt na Náisiún Aontaithe a urramú go hiomlán

Athdhearbhaíodh seasamh an Aontais sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 19 Márta 2026, inar cháin na 27 gceannaire uile ionsaithe na hIaráine, inar iarr siad sos cogaidh láithreach, agus inar iarr siad moratóir ar ionsaithe ar bhonneagar fuinnimh agus uisce.

 

Ba dhíol sásaimh don Uachtarán von der Leyen agus don Uachtarán Costa, in éineacht le ceannairí eile, an sos cogaidh coicíse agus thathantaigh siad ar an dá thaobh deireadh tapa marthanach a chur leis an gcogadh. 

Príomhghníomhaíochtaí taidhleoireachta

  1. 28 Feabhra 2026

    D’athdhearbhaigh an tUachtarán von der Leyen agus an tUachtarán Costa tiomantas an Aontais don chobhsaíocht réigiúnach, don tsábháilteacht núicléach agus d’iarrachtaí taidhleoireachta, agus d’iarr siad ar na páirtithe uile guaim a choinneáil orthu féin agus cloí leis an dlí idirnáisiúnta.

  2. 5 Márta 2026

    Thionóil an tArdionadaí/Leas-Uachtarán, Kaja Kallas, cruinniú comhpháirteach aireachta idir an tAontas agus Comhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille.

  3. 9 Márta 2026

    Bhí malartú tuairimí ag an Uachtarán von der Leyen agus an tUachtarán Costa le ceannairí na hIordáine, na hÉigipte, Bhairéin, na Liobáine, na Siria, na Tuirce, na hAirméine, na hIaráice, Chatar, Chuáit, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, na hAraibe Sádaí agus Óman. 
    Leag siad béim ar dhlúthpháirtíocht an Aontais leis an réigiún, cháin siad ionsaithe agus thacaigh siad le hiarrachtaí taidhleoireachta chun an teannas a mhaolú, sibhialtaigh a chosaint agus an tslándáil fuinnimh a chosaint.

  4. 18 Márta 2026

    Bhuail an tUachtarán von der Leyen le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Guterres chun iarmhairtí an chogaidh sa Mheánoirthear a phlé, agus an dlí idirnáisiúnta agus an comhar iltaobhach á gcaomhnú.

  5. 17 Aibreán 2026

    Ghlac an tUachtarán von der Leyen páirt san fhíschomhdháil maidir le stiúradh iomlán buan a athbhunú i gCaolas Hormuz.

Cuidiú le saoránaigh an Aontais

Is í sábháilteacht shaoránaigh na hEorpa sa réigiún príomhthosaíocht an Aontais. Ghníomhaigh an tAontas go pras chun cabhrú leo siúd atá sáinnithe de dheasca na coinbhleachta filleadh abhaile go sábháilte. Rinneadh níos mó ná 35,000 saoránach den Aontas a aisdúichiú go sábháilte ón réigiún, chomh maith leis na mílte a d’imigh ar bhealaí tráchtála.

Thacaigh Lárionad Comhordaithe Práinnfhreagartha an Choimisiúin Eorpaigh leis na Ballstáit agus iad ag eagrú eitiltí aisdúichithe. Rinneadh an méid seo a leanas trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta:

  • Os cionn 92 eitilt aisdúichithe
    a oibríodh
  • Breis agus 13,400 saoránach den Aontas
    a tugadh abhaile go sábháilte
  • 5 eitilt rescEU
    a cuireadh ar fáil

Bearta slándála muirí agus fuinnimh

Tá dhá oibríocht chabhlaigh ag an Aontas chun bealaí muirí a dhaingniú san Aigéan Indiach agus sa Mhuir Rua: EUNAVFOR Atalanta agus EUNAVFOR Aspides.

Faoi láthair, níl aon saincheist láithreach ann maidir le slándáil an tsoláthair. Tá córas fuinnimh na hEorpa ullmhaithe go maith agus athléimneach, a bhuí le bearta chun an soláthar a éagsúlú, cúltaiscí a chur i dtoll a chéile, agus nascacht a fheabhsú. 

Mar sin féin, tá an Eoraip fós neamhchosanta ar luaineacht praghsanna dhomhanda. Mar fhreagairt air sin, tá an Coimisiún Eorpach ag moladh bearta sealadacha spriocdhírithe chun faoiseamh láithreach a chur ar fáil agus athchóirithe struchtúracha á gcur chun cinn aige ag an am céanna ar fud phríomh-chomhpháirteanna na praghsála leictreachais. Ar na bearta sin tá státchabhair a leathnú, éifeachtúlacht eangaí a fheabhsú, cánacha leictreachais a ísliú i gcoibhneas le breoslaí iontaise agus an Córas Trádála Astaíochtaí a nuachóiriú.

Cabhair dhaonnúil

Freagairt an Aontais ar an gcoinbhleacht idir Iosrael agus an Phalaistín

Tar éis ionsaithe foréigneacha neamh-idirdhealaitheacha a rinne Hamas ar fud Iosrael an 7 Deireadh Fómhair 2023, cháin an tAontas iad agus dhearbhaigh sé a dhlúthpháirtíocht le hIosrael, agus béim á leagan aige ar a cheart féinchosanta laistigh den dlí daonnúil idirnáisiúnta. D’athdhearbhaigh an tAontas gur gá sibhialtaigh a chosaint i gcónaí agus chuir sé in iúl gur cúis imní dó an tionchar daonnúil in Gaza mar gheall ar oibríochtaí míleata Iosrael agus rochtain shrianta.

Ba dhíol sásaimh don Aontas an sos cogaidh i mí Dheireadh Fómhair 2025 agus gur scaoileadh saor na ngiall, agus d’iarr sé ar na páirtithe uile an méid sin a chur i bhfeidhm go hiomlán, tarraingt siar Iosrael ó Gaza agus rochtain dhaonnúil gan bhac ina measc sin. Thathantaigh an tAontas ar pháirtithe leasmhara idirnáisiúnta iarrachtaí a neartú i dtreo réiteach dhá stát, ina mbeadh Iosrael agus Stát Palaistíneach ag maireachtáil taobh le taobh faoi shíocháin laistigh de theorainneacha slána aitheanta. Chuir sé in iúl gur údar náire is ea an staid dhaonnúil thubaisteach leanúnach in Gaza agus d’iarr sé ar Iosrael rochtain láithreach gan bhac a cheadú, chomh maith le dáileadh leanúnach na cabhrach daonnúla ar scála.

Tacaíocht airgeadais

  • Chuir an tAontas €400 milliún de thacaíocht éigeandála ar fáil d’Údarás na Palaistíne idir mí Iúil 2024 agus mí Feabhra 2025.

  • Is é is aidhm do chlár ilbhliantúil €1.6 billiún atá beartaithe le haghaidh 2025-2027 cuidiú leis an téarnamh sa Bhruach Thiar, in Iarúsailéim Thoir agus in Gaza. San áireamh leis sin tá cúnamh airgeadais díreach d’Údarás na Palaistíne dar luach €620 milliún, rud atá nasctha go páirteach lena thiomantas d’athchóirithe.

  • Tríd an nGrúpa Deontóirí don Phalaistín, tá an tAontas ag obair lena Bhallstáit agus lena chomhpháirtithe idirnáisiúnta chun tacaíocht pholaitiúil a shlógadh le haghaidh rialachas inmharthana amach anseo ar Stát Palaistíneach agus chun tacú le cur chun feidhme na n-athchóirithe.

Tacaíocht dhaonnúil an Aontais do mhuintir na Palaistíne

Is é an tAontas an deontóir idirnáisiúnta is mó do mhuintir na Palaistíne le breis agus fiche bliain anuas; tá cabhair dhaonnúil dar luach os cionn €1.25 billiún curtha ar fáil aige. San áireamh leis sin tá níos mó ná €550 milliún ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2023 ann. Seachadadh cuid den chabhair sin trí Aerdhroichead Daonnúil an Aontais, rud a d’iompair os cionn 5,400 tona de sholáthairtí riachtanacha ar 81 eitilt ó shin i leith.

Trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, cuireann an tAontas cúnamh ar fáil freisin trí Chonair Mhuirí na Cipire. Tá mol lóistíochta de chuid an Aontais bunaithe sa Chipir chun cabhair a threorú ó Bhallstáit an Aontais go Gaza. Ó 2024 i leith, tá 451 othar agus 1240 duine muinteartha aslonnaithe chuig an Aontas chun cóir leighis a fháil.

  • 16 AIBREÁN 2025
More about the EU support to Palestinians - Factsheet

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 26 Márta 2026