Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Conair na hÚcráine i dtreo aontachas leis an Aontas

Forbhreathnú

Dul chun cinn na hÚcráine go dtí seo

Chuir an Coimisiún i láthair a thuairim ar iarratas na hÚcráine i mí an Mheithimh 2022, agus bhronn na Ballstáit uile stádas mar iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas ar an Úcráin an mhí sin.  

I mí na Nollag 2023, chomhaontaigh ceannairí an Aontais tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin. Chuir an tAontas tús foirmiúil leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Úcráin i mí an Mheithimh 2024.  

Tá caibidlíocht aontachais an Aontais bunaithe ar shé chnuasach théamacha. Go dtí seo, cuireadh tús le 2 chnuasach as na 6 chnuasach atá ann:

  • Bunphrionsabail
    Cuireadh tús leis i mí an Mheithimh 2026, agus cuimsítear leis na bunluachanna agus na bunphrionsabail ar a bhfuil an tAontas bunaithe, ón smacht reachta go hinstitiúidí daonlathacha láidre.
  • Caidreamh seachtrach
    Cuireadh tús leis i mí Iúil 2026, agus leagtar síos ann na paraiméadair maidir leis an gcaoi a ndéanann tíortha is iarrthóirí a mbeartais idirnáisiúnta, trádála agus cosanta a ailíniú leis an Aontas.

Le linn na caibidlíochta, ní mór don Úcráin athchóirithe a chur i bhfeidhm chun ailíniú le dlíthe agus caighdeáin an Aontais, ar a dtugtar an acquis freisin. Léirigh an tír go bhfuil acmhainneacht shuntasach aici athchóirithe a chur i gcrích, fiú le linn an chogaidh. 

Tá dul chun cinn déanta ag an Úcráin cheana féin maidir le roinnt snáithe tábhachtacha, ina measc:

  • athchóiriú ar a córas ceartais
  • geilleagar margaidh feidhmiúil a fhorbairt
  • an comhrac i gcoinne an sciúrtha airgid
  • an córas riaracháin phoiblí a nuachóiriú
  • cearta mionlach náisiúnta a chosaint 

Tuilleadh eolais faoi phróiseas aontachais an Aontais

Is láidre atá an Eoraip leis an Úcráin

In ainneoin chogadh foghach na Rúise agus in ainneoin na gcruatan atá roimh an Úcráin faoi láthair, tá tús curtha ag an Úcráin le turas a mbainfidh idir Úcránaigh agus Eorpaigh tairbhe nach beag as

Le haontachas na hÚcráine, mhéadófaí an chobhsaíocht agus an tslándáil réigiúnach, threiseofaí ár gcomhluachanna maidir leis an tsaoirse agus an daonlathas, agus dhéanfaí ár n-éagsúlacht chultúrtha agus ár n-oidhreacht chultúrtha a shaibhriú. Leathnódh sé freisin an margadh aonair, rud a chruthódh deiseanna nua do ghnólachtaí Eorpacha agus a neartódh iomaíochas na hEorpa. 

naisc láidre stairiúla agus chultúrtha ag an Úcráin leis an Eoraip agus is mian léi tairbhe a bhaint as an gcobhsaíocht pholaitiúil agus eacnamaíoch atá ag na Ballstáit. 

Is daonlathas lánfheidhme uachtaránachta-parlaiminte atá san Úcráin, agus tá riarachán poiblí dea-fheidhmiúil aici a choinnigh ag imeacht í le linn an chogaidh. Tá sochaí shibhialta ghníomhach ann agus cruthaíodh gur cothrom agus saor atá an córas toghcháin.  

Gach Úcránach atá ag troid ar son todhchaí níos fearr, tá a shúile ar an Eoraip. Agus le chéile, is féidir linn an troid sin a bhuachan. Le chéile, is féidir linn ár nAontas a iomlánú. Le chéile, is féidir linn an Úcráin a thabhairt isteach inár mbaile Eorpach coiteann. Sin aisling laochra agus mhairtírigh na hÚcráine. Agus sin an aisling atá againne freisin. Le cheile, is sinne an Eoraip.

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

An Úcráin a thabhairt níos gaire don Aontas 

Tá an tAontas ag obair cheana féin chun an Úcráin a lánpháirtiú de réir a chéile ina mhargadh aonair agus chun deis a thabhairt do mhuintir na hÚcráine tairbhe a bhaint as cuid de na buntáistí atá ag saoránaigh na hEorpa.

Trádáil

comhaontú comhlachais ag an Aontas agus ag an Úcráin ó bhí 2014 ann. Is é an comhaontú sin an phríomhuirlis chun an Úcráin agus an tAontas a thabhairt níos gaire dá chéile: cuireann sé naisc pholaitiúla níos doimhne, naisc eacnamaíocha níos láidre, agus meas ar luachanna coiteanna chun cinn.  

Áirítear sa chomhaontú an limistéar domhain cuimsitheach saorthrádála (DCFTA), lena gcuirtear borradh faoin trádáil idir an tAontas agus an Úcráin trí tharaifí ar earraí agus ar sheirbhísí a ghearradh de réir a chéile. Rannchuidíonn sé freisin chun an Úcráin a lánpháirtiú i margadh aonair an Aontais tríd an Úcráin a spreagadh chun cinnte a dhéanamh go bhfuil sí ag teacht le caighdeáin an Aontais.  Tháinig DCFTA nuashonraithe i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2025, rud a chuideoidh chun sreafaí trádála a fheabhsú a thuilleadh.  

Is é an tAontas príomh-chomhpháirtí trádála na hÚcráine, arb ionann é agus os cionn 50% dá trádáil in earraí in 2024. Shroich an trádáil iomlán in earraí idir an tAontas agus an Úcráin €67.2 billiún in 2024, rud a chiallaíonn go bhfuil méadú faoi dhó tagtha ar thrádáil earraí ó tháinig DCFTA i bhfeidhm in 2016. 

Tuilleadh eolais faoin trádáil idir an tAontas agus an Úcráin 

Comhtháthú an mhargaidh aonair 

Chuaigh an Úcráin isteach i gClár an Mhargaidh Aonair i mí Feabhra 2023. Cuireann rannpháirtíocht sa chlár sin ar chumas chuideachtaí beaga agus meánmhéide (FBManna) na hÚcráine tacaíocht a fháil agus rochtain a fháil ar mhargaí an Aontais. 

Faigh tuilleadh eolais faoin gcaoi a bhfuil an tAontas ag tacú le lánpháirtiú na hÚcráine sa mhargadh aonair 

Taighde, nuálaíocht agus oideachas

Glacann eolaithe agus saoránaigh ón Úcráin páirt i gcláir thábhachtacha de chuid an Aontais maidir le taighde, nuálaíocht agus oideachas trí na cláir Fís Eorpach agus Erasmus+.  

I mí na Nollag 2023 d’oscail an Coimisiún oifig nua Fís Eorpach i gCív. Cuidíonn rannpháirt na hÚcráine sa chlár Fís Eorpach agus i gClár Taighde agus Oiliúna Euratom le héiceachóras taighde agus nuálaíochta na tíre a chaomhnú agus a chothú.  

Ó thús chogadh foghach na Rúise, tá €210 milliún curtha ar fáil trí chlár Erasmus+ chun tacú le tionscadail oideachais, oiliúna, óige agus spóirt a bhfuil baint ag an Úcráin agus ag muintir na hÚcráine leo.  

Ghlac níos mó ná 52,000 Úcránach páirt i soghluaisteacht Erasmus+, rud a chuir ar chumas mac léinn agus ball foirne leanúint dá gcuid staidéir nó dá ngníomhaíochtaí gairmiúla, naisc acadúla a choinneáil leis an Eoraip, agus ullmhú do théarnamh na hÚcráine amach anseo agus do lánpháirtiú na hÚcráine san Aontas. 

Tuilleadh eolais faoi thacaíocht an Aontais do thaighde agus nuálaíocht na hÚcráine 

Nascacht 

Tá an Úcráin comhlachaithe le clár na Saoráide um Chónascadh na hEorpa ó mhí an Mheithimh 2023. Chuir sé sin ar a gcumas d’údaráis agus cuideachtaí na hÚcráine iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú ón Aontas le haghaidh tionscadail leasa choitinn in earnáil an iompair, earnáil an fhuinnimh agus san earnáil dhigiteach, rud a chuireann tuilleadh feabhais ar nascacht na hÚcráine lena comharsana san Aontas. 

Tháinig an Úcráin isteach i limistéar fánaíochta an Aontais an 1 Eanáir 2026. Is féidir le saoránaigh den Úcráin a thaistealaíonn chuig Ballstáit an Aontais a seirbhísí móibíleacha a úsáid gan stró anois, gan costais fánaíochta bhreise a íoc. Is amhlaidh atá i gcás na saoránach den Aontas atá ag fánaíocht san Úcráin.

An Cultúr

Ó 2022 i leith, tá €23 mhilliún curtha ar fáil ag Eoraip na Cruthaitheachta chun tacú le hearnálacha cultúrtha, cruthaitheacha agus closamhairc na hÚcráine.

Faigh tuilleadh eolais faoin gcaoi a bhfuil an tAontas ag tacú le hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha na hÚcráine 

Amlíne

  1. 14 Iúil 2026

    Chuir an tAontas agus an Úcráin tús le cnuasach caibidlíochta aontachais maidir le gníomhaíochtaí seachtracha ag an tríú comhdháil idir-rialtasach. 

  2. 15 Meitheamh 2026

    Chuir an tAontas agus an Úcráin tús leis an gcéad chnuasach caibidlíochta aontachais maidir le bunphrionsabail ag an dara comhdháil idir-rialtasach.

  3. 30 Meán Fómhair 2025

    Chuir an Úcráin próiseas scagtha na gcaibidlí caibidlíochta i gcrích leis an gCoimisiún Eorpach. 

  4. 25 Meitheamh 2024

    Chuir an tAontas tús foirmiúil leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Úcráin ag an gcéad chomhdháil idir-rialtasach.

  5. 12 Márta 2024

    Chuir an Coimisiún dréachtchreat le haghaidh chaibidlíocht aontachais na hÚcráine faoi bhráid na Comhairle.

  6. 14 Nollaig 2023

    Chinn an Chomhairle Eorpach tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin.

  7. 8 Samhain 2023

    Mhol an Coimisiún don Chomhairle tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin.

  8. 23 Meitheamh 2022

    D’aithin an Chomhairle Eorpach an pheirspictíocht Eorpach agus bhronn sé stádas mar iarrthóir ar an Úcráin.

  9. 17 Meitheamh 2022

    D’eisigh an Coimisiún a thuairim ar an iarratas ar bhallraíocht san Aontas.

  10. 28 Feabhra 2022

    Chuir an Úcráin isteach ar bhallraíocht san Aontas.

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 14 Iúil 2026