
Ar tháinig tú riamh ar fhógra polaitiúil i nuachtán nó ar leathanach gréasáin, gan a bheith ar an eolas go raibh páirtí polaitiúil nó eintiteas eachtrach taobh thiar de? Níl ansin ach sampla amháin, ach i ré na faisnéise, tá méadú ag teacht ar líon na bhfógraí sin atá le feiceáil. Ón 10 Deireadh Fómhair, beidh feidhm ag rialacha nua uile-Aontais a chuideoidh linn an réimse polaitiúil casta seo a láimhseáil agus a thuiscint ar líne agus as líne, le níos mó trédhearcachta.
Fágann na rialacha go bhfuil sé éasca dúinn fógraí polaitiúla a aithint, tuiscint a fháil ar cé atá ag íoc astu agus fios a bheith againn ar díríodh nó nár díríodh orainn chun na fógraí sin a fháil agus conas a rinneadh sin. Ar an gcaoi sin, is fearr is féidir linn ár gcearta daonlathacha a fheidhmiú ar bhealach eolasach. Cinnteoidh na rialacha nua freisin go n-urramófar go hiomlán leis an bhfógraíocht pholaitiúil ár gceart chun príobháideachais agus go gcosnófar ár saoirse tuairimíochta agus ár saoirse cainte.
As seo amach san Aontas:
- ní mór fógraí polaitiúla íoctha agus/nó spriocdhírithe a lipéadú amhlaidh agus ní mór roinnt eolais bhunriachtanaigh a sholáthar fúthu, cuir i gcás a n-urraitheoir, an toghchán nó an reifreann lena bhfuil siad nasctha, na méideanna a íocadh, agus aon úsáid a bhaintear as teicnící spriocdhírithe.
- más fógraí polaitiúla spriocdhírithe ar líne iad, urramófar coinníollacha níos déine. Ní féidir sonraí a bhailítear ó dhuine a úsáid ach amháin tar éis toiliú sainráite agus ar leithligh a bheith tugtha acu lena n-úsáid le haghaidh fógraíocht pholaitiúil. Ní féidir catagóirí speisialta sonraí pearsanta, cuir i gcás sonraí a nochtann tuairimí polaitiúla, bunadh ciníoch nó eitneach a úsáid ar mhaithe le próifíliú.
- chun cur isteach eachtrach a chosc, ní bheidh urraitheoirí tríú tír in ann íoc as fógraí sna trí mhí roimh thoghchán nó reifreann i mBallstát den Aontas.
Níl feidhm ag na rialacha nua maidir le haon tuairimí a chuirtear in iúl i gcáil phearsanta nó in ábhar eagarthóireachta. Ní rialaítear ábhar fógraí polaitiúla leis an Rialachán.
Tá treoirlínte eisithe ag an gCoimisiún Eorpach maidir leis an gcaoi ar féidir leo siúd a ndéanann na rialacha difear dóibh na treoirlínte a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Cuimsítear leis sin urraitheoirí, soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla agus foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla.
Comhlánaíonn na rialacha fógraíochta polaitiúla sin tionscnaimh eile a sheol an tAontas chun ár ndaonlathas a chosaint agus chun saorthoghcháin chóra a chur chun cinn. In 2020 sheol an Coimisiún plean gníomhaíochta um an daonlathas Eorpach chun saoránaigh a chumhachtú, saoirse na meán a neartú, agus daonlathais níos athléimní a fhorbairt ar fud an Aontais.
Ag féachaint chun cinn, faoi dheireadh 2025, glacfaidh an Coimisiún an Sciath Eorpach don Daonlathas, creat straitéiseach atá ceaptha chun an daonlathas a chosaint, a neartú agus a chur chun cinn san Aontas.
Tuilleadh eolais
An daonlathas agus cearta toghcháin
- Dáta foilsithe
- 10 Deireadh Fómhair 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
An nuacht ghaolmhar
Cuireadh tús le sraith nua de na painéil saoránach nuair a tionóladh an chéad seisiún den Phainéal Saoránach maidir le hAthléimneacht Dhaonlathach sa Bhruiséil. Tuilleadh eolais.
Ghlac an Coimisiún Eorpach tograí nua lena laghdófar an rómhaorlathas agus lena simpleofar rialacha an Aontais do shaoránaigh agus do ghnólachtaí.
An méid a dhéanfaidh an Coimisiún Eorpach in 2025. Féach leat an clár oibre atá dírithe ar an Aontas a dhéanamh níos iomaíche agus níos sláine le rialacha níos simplithe de chuid an Aontais