
Leag an Coimisiún amach pleananna chun borradh a chur faoin iomaíochas, an tslándáil a fheabhsú agus an athléimneacht eacnamaíoch a neartú i mbliana nuair a fógraíodh a chlár oibre le haghaidh 2025. Tá plean ag gabháil leis sin chun ualaí riaracháin a laghdú agus rialacha an Aontais a shimpliú.
Gach bliain, leagann an Coimisiún liosta gníomhaíochtaí amach a dhéanfaidh sé an bhliain ina diaidh sin. An uair seo, is ar an méid seo a leanas a dhíreoidh an Coimisiún:
- rathúnas agus iomaíochas inbhuanaithe
- an chosaint agus an tslándáil
- tacú le daoine agus ár sochaithe agus ár múnla sóisialta a neartú
- ár gcáilíocht saoil a chothabháil:
- an daonlathas a chosaint agus ár luachanna a chaomhnú
- cumhacht agus comhpháirtíochtaí a ghiaráil ar fud an domhain
- ár nAontas a ullmhú don todhchaí
Is toradh é an clár oibre ar dhlúthchomhar le Parlaimint na hEorpa, leis na Ballstáit agus le comhlachtaí comhairliúcháin an Aontais. Féachtar ann ar na háiteanna ina gcuirfidh sé tionscnaimh nua i láthair, ina dtarraingeoidh sé siar tograí atá ar feitheamh agus ina ndéanfaidh sé athbhreithniú ar reachtaíocht de chuid an Aontais atá ann cheana.
Táthar ag díriú go láidir ar an simpliú i mbliana chomh maith. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún é a dhéanamh níos fusa rialacha an Aontais a chur i bhfeidhm go praiticiúil, iad a shimpliú agus ualaí riaracháin a laghdú. Sa Teachtaireacht maidir le cur i bhfeidhm agus simpliú, rud a cuireadh i láthair inniu freisin, tá spriocanna agus uirlisí chun an t-ualach rialála a laghdú agus feabhsuithe tapa fiúntacha a chur ar fáil do dhaoine agus do ghnólachtaí.
Tuilleadh eolais
Bileog eolais maidir le Clár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2025
Bileog eolais faoin Teachtaireacht maidir le simpliú agus cur chun feidhme
- Dáta foilsithe
- 12 Feabhra 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
An nuacht ghaolmhar
The 2026 Commission work programme outlines actions to build a more sovereign and independent Europe. It addresses the challenges arising from the threats to our security and democracy, the conflicts and geopolitical tensions, the risks to our economy, and the accelerating climate change.
Ón 10 Deireadh Fómhair, beidh feidhm ag rialacha nua uile-Aontais a chuideoidh linn an réimse polaitiúil casta seo a láimhseáil agus a thuiscint ar líne agus as líne, le níos mó trédhearcachta.
As Denmark assumes the rotating presidency of the Council of the EU, the College of Commissioners visited Aarhus. During the visit they exchanged with the Danish government on the policy topics that will dominate the agenda for the next six months.
In an era of rapid geopolitical shifts, the EU is stepping up to protect its citizens and improve its defence capabilities. With the white paper for European defence/Readiness 2030, the Commission set out a vision to strengthen the European defence industry and invest in defence.