Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Painéil Saoránach: cuidigh chun beartais an Aontais atá gar do do chroí a mhúnlú

  • Alt nuachta
  • 23 Meán Fómhair 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
EU citizens taking part in the Citizens' panel on Democratic resilience

Ní bhíonn a fhios agat cén uair a chuirfí scairt ort... Bhí fear ina shuí ag an tábla sa seomra bia nuair a cuireadh scairt ghutháin air; iarradh air páirt a ghlacadh i bpainéal saoránach Eorpach maidir le héifeachtúlacht fuinnimh. ‘Dúirt siad rud éigin faoin Aontas Eorpach agus faoi Phainéal Saoránach’. Ghlac sé leis an gcuireadh, agus d’fhág an díospóireacht ag an bPainéal go raibh sé ar bís chun ‘eolas a chur ar a bhfuil i gceist le bheith i do shaoránach Eorpach.’

Tagann 150 duine le chéile, a roghnaítear go randamach ó gach ceann de 27 mBallstát an Aontais, ag na Painéil Saoránach Eorpach chun téama beartais de chuid an Aontais a phlé os comhair a chéile. Is ar chleachtas daonlathach ón tSean-Ghréig atá na Painéil bunaithe; dhá mhíle bliain ó shin, thagadh gnáthshaoránaigh na Gréige le chéile i ngrúpaí chun plé a dhéanamh ar na hábhair a raibh tionchar acu ar a saol laethúil. Leis na Painéil Saoránach Eorpach, táthar tar éis an choincheap a athoibriú don 21ú haois, ach is é an prionsabal céanna atá i gceist i gcónaí: saoránaigh a gcuid dtuairimí a chomhroinnt agus a phlé ar an leibhéal Eorpach maidir leis na hábhair a bhaineann leo.  

An deireadh seachtaine seo caite, cuireadh tús le sraith nua de na painéil saoránach nuair a tionóladh an chéad seisiún den Phainéal Saoránach maidir le hAthléimneacht Dhaonlathach sa Bhruiséil. I ndiaidh don Phainéal smaointe a ghiniúint maidir leis an téama agus athbhreithniú a dhéanamh ar na smaointe sin, forbróidh sé sraith moltaí a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh chun cur go díreach le hobair an Choimisiúin chun an daonlathas a neartú. 

Tá painéil saoránach á reáchtáil go rialta le cúig bliana anuas. Tá páirt glactha cheana féin ag níos mó ná 1000 saoránach den Aontas, rud a chuireann bonn eolais faoi cheapadh beartas i leith topaicí amhail ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, buiséad an Aontais, agus an fuath a chomhrac. Daoine óga is ea aon trian de na rannpháirtithe ach tá an roghnú go hiomlán randamach. Ar an gcaoi sin, léiríonn an plé réimse leathan dearcthaí agus tuairimí agus is daonlathach na moltaí a eascraíonn as sin. 

Mar sin, an chéad uair eile a bhuailfidh do ghuthán, cá bhfios nach é sin do sheans? 

Tuilleadh eolais 

Painéil Saoránach Eorpach 

Athléimneacht dhaonlathach – Painéal Saoránach Eorpach 

 

Dáta foilsithe
23 Meán Fómhair 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide