Page contents Page contents Rialacha do sheirbhísigh shibhialta an Aontais Eorpaigh Tá baill na seirbhíse sibhialta Eorpaí faoi réir roinnt ceart agus oibleagáidí lena rialaítear a gcuid gníomhartha agus a n-iompar agus iad i mbun a ngníomhaíochtaí gairmiúla. Tá na rialacha sin sna Rialacháin Foirne agus sa Chód um Dhea-iompraíocht Riaracháin, rud atá i gceangal le Rialacha Nós Imeachta an Choimisiúin. Na coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, cuimsíonn siad bronntanais agus gradaim a fhaightear, gníomhaíochtaí seachtracha le linn do na baill foirne a bheith ag obair don Aontas Eorpach, agus fostaíocht i ndiaidh dóibh scor d'obair an Aontais. Tá rialacha ar leith ann do na Coimisinéirí Eorpacha. Gearáin Is féidir le saoránaigh gearán a dhéanamh má mheasann siad gur sháraigh an Coimisiún Eorpach na prionsabail maidir le seirbhís phoiblí atá leagtha amach sa Chód um Dhea-iompraíocht Riaracháin. Complaints procedure Coinbhleachtaí leasa Tá sé d'oibleagáid ar fhoireann an Aontais Eorpaigh bheith neamhspleách neamhchlaonta oibiachtúil dílis. Aon leas pearsanta nó aon leas in aon ghnólacht nó in aon eagraíocht a d'fheadfadh comhlíonadh na n-oibleagáidí sin a chur i mbaol, ní mór an leas sin a dhearbhú láithreach bonn. Ní mór faomhadh roimh ré a fháil do ghníomhaíochtaí seachtracha a thagann faoi na rialacha seo, bíodh íocaíocht i gceist leo nó ná bíodh. Ní mór do na baill foirne an institiúid a bhfuil siad ag obair di a chur ar an eolas freisin: má tá a gcéile fostaithe agus an áit a bhfuil sé/sí fostaithe; nó má tá aon leas pearsanta ann a d'fhéadfadh a neamhspleáchas a chur i mbaol, nó má thagann aon choinbhleacht leasa eile i gceist agus a gcuid dualgais á ndéanamh acu. Bronntanais a fháil Ní féidir le baill foirne an Aontais Eorpaigh glacadh le bronntanais ó thríú páirtithe nó bheith faoi chomaoin acu gan cead a fháil roimh ré, ach amháin más lú ná €50 luach an bhronntanais agus gan luach carnach os a chionn sin i gceist. Tar éis an post a fhágáil Más mian le ball foirne de chuid an Aontais Eorpaigh a institiúid a fhágáil agus post nua a thosú laistigh de 2 bliana, ní mór dó sin a chur in iúl don Choimisiún chun réamhúdarú a fháil. Má bhaineann an ghníomhaíocht sin leis an obair a rinne siad le linn na 3 bliana deiridh a chaith siad leis an gCoimisiún agus dá bhféadfadh an obair sin a bheith i gcoinbhleacht le leasanna dlisteanacha an Choimisiúin, d'fhéadfadh an Coimisiún é a chosc nó cead a thabhairt dó, faoi réir aon choinníoll riachtanacha. Tá cosc i bprionsabal ar oifigigh shinsearacha, sna 12 mhí tar éis dóibh imeacht ón tseirbhís, dul i mbun brústocaireachta nó aon chineáil abhcóideachta eile i leith na hinstitiúide ina raibh siad fostaithe maidir le nithe a raibh siad freagrach astu le linn na 3 bliana deiridh ag obair san institiúid sin dóibh. Documents 13 MEITHEAMH 2023Occupational activities of former senior officials – annual report - 2023Teangacha eile (2)Deutsch(555.07 KB - PDF)Íoslódáilfrançais(726.82 KB - PDF)Íoslódáil 27 IÚIL 2022Occupational activities of former senior officials – annual report - 2022Teangacha eile (2)Deutsch(420.18 KB - PDF)Íoslódáilfrançais(601.9 KB - PDF)Íoslódáil 9 NOLLAIG 2021Occupational activities of former senior officials – annual report 2021Teangacha eile (2)Deutsch(634.15 KB - PDF)Íoslódáilfrançais(799.53 KB - PDF)Íoslódáil 7 MÁRTA 2012Guidelines on gifts and hospitality for Commission staff 21 NOLLAIG 2020Occupational activities of former senior officials – annual report 2020Teangacha eile (2)Deutsch(489.58 KB - PDF)Íoslódáilfrançais(630.15 KB - PDF)Íoslódáil 23 NOLLAIG 2019Occupational activities of former senior officials – annual report 2019Teangacha eile (2)Deutsch(269.37 KB - PDF)Íoslódáilfrançais(437.56 KB - PDF)Íoslódáil 21 NOLLAIG 2018Occupational activities of former senior officials – annual report 2018Teangacha eile (2)Deutsch(178.03 KB - PDF)Íoslódáilfrançais(343.72 KB - PDF)Íoslódáil 22 NOLLAIG 2017Occupational activities of former senior officials – annual report 2017Teangacha eile (2)Deutsch(135.33 KB - PDF)Íoslódáilfrançais(246.75 KB - PDF)Íoslódáil 22 NOLLAIG 2016Occupational activities of former senior officials – annual report 2016 4 NOLLAIG 2015Occupational activities of former senior officials – annual report 2015 8 NOLLAIG 2000Rules of Procedure of the Commission (Commission Decision C(2000)3614), including the Code of Good Administrative Behaviour for Staff of the European Commission in their Relations with the Public (8 December 2000) 1 EANÁIR 2016Staff Regulations Naisc ghaolmhara Eitic agus ionracas i gcás na gCoimisinéiríAn Clár Trédhearcachta