An Cód um Dhea-Iompraíocht Riaracháin
Cuireann an Coimisiún Eorpach roimhe na luachanna seo a leanas a chur chun cinn: seirbhís, neamhspleáchas, freagracht, cuntasacht, éifeachtúlacht agus trédhearcacht. Léirítear na luachanna sin sa Chód um Dhea-Iompraíocht Riaracháin, a ghlac an Coimisiún an 13 Meán Fómhair 2000.
Leis an gCód, cuirtear an pobal ar an eolas faoi na caighdeáin iompair lenar féidir leis a bheith ag súil agus é ag déileáil leis an gCoimisiún.
Leagtar amach ann na prionsabail lena dtreoraítear iompar riaracháin sheirbhísí an Choimisiúin:
- Dlíthiúlacht
- Neamh-idirdhealú agus cóir chomhionann
- An chomhréireacht (ní mór na bearta a dhéantar a bheith i gcomhréir leis an aidhm atá á saothrú)
- Comhsheasmhacht.
An Cód um Dhea-Iompraíocht Riaracháin
Nós imeachta gearáin
Má mheasann tú go bhfuil a Chód um Dhea-Iompraíocht Riaracháin sáraithe ag an gCoimisiún le linn dó a bheith ag freastal ar an bpobal, is féidir leat gearán a dhéanamh. Scrúdóidh an Coimisiún an gearán agus tabharfaidh sé freagra ort.
Conas gearán a chur isteach
Is féidir leat gearán a chur isteach tríd an bpost nó tríd an bhfoirm seo a líonadh isteach ar líne.
Is féidir an fhoirm ghearáin a sheoladh go leictreonach nó i bhformáid páipéir. Más fearr leat leagan páipéir a sheoladh, ní mór duit an fhoirm a phriontáil amach i leagan RTF agus é a sheoladh chuig Ard-Rúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh. Cuirfidh siadsan ar aghaidh chuig roinn ábhartha an Choimisiúin í:
Ard-Rúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh
Aonad C.2 – Eitic, Dea-Riarachán agus Dea-Chaidreamh leis an Ombudsman Eorpach
B-1049 Bruxelles/An Bhruiséil
Belgique//An Bheilg
Cé a bheidh ag plé le do ghearán
Déanfaidh an Ard-Rúnaíocht nó an Roinn ábhartha anailís ar ábhar do ghearáin agus tabharfaidh sí freagra i scríbhinn ort laistigh de dhá mhí.
Mura mbíonn tú sásta leis an bhfreagra sin, tá mí agat chun iarraidh ar Ardrúnaí an Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar thoradh do ghearáin, ag tosú ón dáta a fuair tú an freagra ón gCoimisiún ar do ghearán tosaigh. Freagróidh an tArd-Stiúrthóir an iarraidh ar athbhreithniú uait laistigh de mhí amháin.
Bealaí eile chun gearán a chur isteach
Is féidir leat gearán a chur díreach isteach chuig an Ombudsman Eorpach. Tá eolas praiticiúil faoi conas é sin a dhéanamh ar fáil ar shuíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh