An clár trédhearcachta
Is bunachar sonraí é an clár trédhearcachta ina liostaítear eagraíochtaí a dhéanann iarracht tionchar a imirt ar reachtóireacht agus ar chur chun feidhme beartas in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Sonraítear sa chlár na leasanna atá á gcur chun cinn, iadsan atá ag iarraidh na leasanna sin a chur chun cinn agus na buiséid a chaitear chun na gcríoch sin. Ar an dóigh sin, fágann an clár gur féidir grinnscrúdú poiblí a dhéanamh – tugtar deis do shaoránaigh agus do ghrúpaí leasa eile gníomhaíochtaí stocairí a leanúint.
Déan cuardach sa chlár trédhearcachta, nó cláraigh d’eagraíocht.
Bíonn gach páirtí a chláraíonn faoi cheangal ag Cód Iompair comhchoiteann.
Cruinnithe le hionadaithe leasa
Mar chuid de thiomantas an Choimisiúin don trédhearcacht, foilsíonn Coimisinéirí, a gcomhaltaí cabinet agus baill foirne uile an Choimisiúin a bhfuil feidhmeanna bainistíochta acu eolas agus miontuairiscí maidir le cruinnithe a thionóltar le hionadaithe sainleasa.
Ní féidir cruinnithe a bhaineann le déanamh agus cur chun feidhme dlíthe agus beartas san Aontas Eorpach a reáchtáil mura bhfuil na hionadaithe leasa cláraithe i gclár trédhearcachta an Aontais.
Tá na mionsonraí le fáil sna cinntí ón gCoimisiún i mí na Nollag 2024: