Tá an-tábhacht leis an gcomhar domhanda agus leis an dlúthpháirtíocht chun comhrac éifeachtach a chur ar phaindéim COVID-19 agus rochtain luath a chinntiú ar vacsaíní, diagnóisic agus córacha leighis.Ní slán do dhuine nó gur slán do chách.Sin é an chúis go bhfuil an fhreagairt iltaobhach á stiúradh ag an Aontas chun a chinntiú nach bhfágfar aon duine ar lár. Tá an tslándáil sláinte agus téarnamh domhanda inbhuanaithe ag brath air. Page contents Page contents Príomhphointe Comhpháirtíocht an Aontais le Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib22 Meitheamh 2022 – Sheol an Coimisiún Eorpach agus an Spáinn comhpháirtíocht nua an Aontais le Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib maidir le monaraíocht áitiúil vacsaíní, leigheasanna agus teicneolaíochtaí sláinte eile, sin agus athléimneacht na gcóras sláinte a neartú. Déanfaidh an chomhpháirtíocht na naisc shóisialta, eacnamaíocha agus eolaíocha idir an dá réigiún a chomhlánú agus a fheabhsú tuilleadh. Team Europe Is é €46 bhilliún méid foriomlán fhreagairt dhomhanda an Aontais ar phaindéim COVID-19 ó ‘Team Europe’, ar gníomhaíocht chomhpháirteach é ina bhfuil an tAontas, na Ballstáit agus institiúidí airgeadais na hEorpa páirteach. Tá an maoiniú sin ag cuidiú le breis agus 130 tír chomhpháirteacha aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil sláinte a gcórais sláinte a neartú bearta uisce agus sláintíochta a chur i bhfeidhm iarmhairtí socheacnamaíocha na paindéime a mhaolú Tá beagnach €10 mbilliún curtha ar fáil chun príomhearnálacha a threisiú ar mhaithe leis an ngéarchéim a cheansú, mar shampla earnálacha na sláinte, an uisce agus na sláintíochta. Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta Ón uair a bhuail an phaindéim, rinne Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta comhordú agus cómhaoiniú ar 23 mhilliún earra cosanta pearsanta agus trealaimh leighis a sheachadadh chuig breis agus 30 tír chun tacú leo lena bhfreagairt ar COVID-19. Seachadadh 32 mhilliún dáileog vacsaíne chuig 40 tír tríd an Sásra. Cruinniú Mullaigh Sláinte Domhanda Ag an gCruinniú Mullaigh Sláinte Domhanda, thug ceannairí an G20 gealltanas i leith sraith beart lena gcuirfear dlús le deireadh a chur le géarchéim COVID-19 i ngach áit agus lena n-ullmhófar níos fearr do phaindéimí a bheidh ann amach anseo. Chuir an G20 béim ar a thábhachtaí atá monaraíocht mhéadaithe agus éagsúlaithe, agus d’aithin sé an ról atá ag maoin intleachtúil maidir le cothromas a chinntiú. Chuir an G20 béim shoiléir freisin ar an ngá atá ann rochtain chothrom a chinntiú ar vacsaíní agus tacú le tíortha ísealioncaim agus meánioncaim. Chuir Team Europe samplaí nithiúla i láthair an chruinnithe mullaigh, lena n-áirítear a chuid oibre le comhpháirtithe tionsclaíocha atá ag monarú vacsaíní san Eoraip chun dáileoga vacsaíní a chur ar fáil go tapa do thíortha ísealioncaim agus meánioncaim. Tacaíocht chun vacsaíní a tháirgeadh go háitiúil Chun borradh a chur faoin acmhainneacht monaraíochta san Afraic agus faoin rochtain ar vacsaíní, cógais agus teicneolaíochtaí sláinte, sheol Team Europe tionscnamh dar luach €1 bhilliún an 21 Bealtaine 2021 chun tacú le sprioc an Aontais Afracaigh 60% de na vacsaíní a úsáidtear ar an mór-roinn a mhonarú go háitiúil faoi 2040, agus córais chógaisíochta áitiúla á neartú ag an am céanna. Ina theannta sin, i gcomhpháirtíocht leis an Spáinn, sheol an tAontas comhpháirtíocht le Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib chun tacú le monarú áitiúil vacsaíní, cógas agus teicneolaíochtaí sláinte eile, agus chun athléimneacht na gcóras sláinte a neartú. An maratón gealltanas I mí na Bealtaine 2020 sheol an Coimisiún an Fhreagairt Dhomhanda ar an gCoróinvíreas – maratón gealltanas chun cistí a shlógadh ar mhaithe le taighde agus forbairt a dhéanamh ar thástálacha, córacha leighis agus vacsaíní.Na córais sláinte agus an téarnamh domhanda a neartú, ba é sin sprioc an mharatóin gealltanas agus gheall deontóirí ó gach cearn den domhan beagnach €16 bhilliún, €1.4 billiún ón gCoimisiún san áireamh. An Luasaire um Rochtain ar Uirlisí COVID-19 (ACT) I mí Aibreáin 2020 sheol an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, an tAontas Eorpach agus eagraíochtaí domhanda sláinte an Luasaire um Rochtain ar Uirlisí COVID-19 (ACT). Is é is aidhm dó: dlús a chur le vacsaíní, tástálacha agus cóireálacha COVID-19 a fhorbairt rochtain chothrom dhomhanda orthu a chinntiú córais sláinte a neartú Tagann rialtais, eolaithe, an tsochaí shibhialta, carthanais agus eagraíochtaí domhanda sláinte le chéile faoin Luasaire ACT. Go dtí seo tá €23.06 billiún geallta chun tacú leis an obair. COVAX Is é atá sa tSaoráid um Rochtain Dhomhanda ar Vacsaín COVID-19 (COVAX) tionscnamh domhanda arb é is aidhm dó rochtain chothrom a chur ar fáil ar vacsaíní in aghaidh COVID-19. Is iad Gavi, an Comhaontas Vacsaíne, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus an Chomhghuaillíocht um Nuálaíochtaí maidir le hUllmhacht d’Eipidéimí (CEPI) atá i gceannas ar an tSaoráid, i dteannta le UNICEF, an príomh-chomhpháirtí seachadta. Colún vacsaíne an Luasaire ACT is ea é. Go dtí seo tá €12.2 billiún geallta chun tacú le COVAX. A bhuí le breis agus €5 bhilliún ó Team Europe an Aontais, táimid ag tarraingt níos gaire do sprioc COVAX a bhaint amach i dtaca le 1.8 billiún dáileog a chur ar fáil do na geilleagair ísealioncaim. Is é Gána an chéad tír a fuair dáileoga vacsaíne COVID-19 tríd an tSaoráid COVAX, rud a tharla an 24 Feabhra 2021. Bhain 600,000 dáileog de vacsaín tarrthála Accra amach. ‘Fíorléirú stairiúil ar an dlúthpháirtíocht dhomhanda’ an cur síos a rinne an tUachtarán von der Leyen ar an seachadadh. Faoi lár mhí an Mheithimh 2022 bhí breis agus 1.5 milliún dáileog seachadta chuig 145 thír a bhuí le COVAX. Sásra an Aontais um vacsaíní a roinnt Le sásra an Aontais um vacsaíní a roinnt cuirtear ar a gcumas do na 27 mBallstát dáileoga a cheannaigh an tAontas a roinnt le tríú tíortha, trí COVAX san áireamh.Faoi mhí an Mheithimh 2022 bhí breis agus 477 milliún dáileog comhroinnte ag Ballstáit an Aontais ar thíortha ar fud an domhain, méid ar mó é ná an sprioc a bhí againn maidir le vacsaíní a chomhroinnt. Is trí COVAX a comhroinneadh an mhórchuid acu, isteach agus amach le 407 milliún dáileog. Ina theannta sin, sheachaid Ballstáit an Aontais 70 milliún dáileog trí dheontais dhéthaobhacha – mar shampla, chuig ár gcomharsana sna Balcáin Thiar. San am i láthair, tá 62% de dhaonra an domhain vacsaínithe. Is í an Eoraip a d’easpórtáil nó a chomhroinn cuid mhór de na dáileoga a bhfuil gá leo le haghaidh na vacsaíní sin. Agus is amhlaidh a dhéanfaimid níos mó. Cuirfimid dlús lenár n-iarrachtaí chun tacú leis an Afraic mar a bhfuil ráta vacsaínithe níos ísle ná in áiteanna eile ar domhan. Sin an fáth ar fhógair an tUachtarán von der Leyen, ag an Dara Cruinniú Mullaigh faoi COVID-19, €300 milliún breise chun dlús a chur le leathadh amach agus glacadh vacsaíní san Afraic agus €100 milliún breise chun feabhas a chur ar rochtain ar dhiagnóisic agus ar theiripí agus chun córais sláinte a neartú i dtíortha comhpháirtíochta. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin €427 milliún ($450 milliún) a thabhairt don Chiste Domhanda um Ullmhacht i leith Paindéimí chun tacú le hiarrachtaí cosc a chur ar phaindéimí amach anseo agus freagairt dóibh ar bhealach níos fearr, faoi réir comhaontú maidir lena rialachas. Leanfaimid de bheith ag obair i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta amhail na Stáit Aontaithe chun dlús a chur le hiarrachtaí vacsaínithe, chun slabhraí soláthair domhanda agus monaraíocht áitiúil a neartú agus chun feabhas a chur ar ailtireacht dhomhanda na slándála sláinte. San iomlán, tá gealltanas tugtha ag Team Europe go roinnfidh sé 700 milliún dáileog faoi 2022. Is é an cuspóir atá againn deimhin a dhéanamh de go mbeidh 70% de dhaonra an domhain vacsaínithe a luaithe is féidir. 70%de dhaonra an domhain vacsaínithe a luaithe is féidir700 milliún dáileogan líon a mheastar a bheidh deonaithe ag Team Europe faoi lár 2022 Easpórtálacha vacsaíní Le linn na paindéime lean an tAontas de bheith cothrom agus oscailte don domhan. Ó bhí Nollaig 2020 ann, easpórtáladh beagnach 2.5 billiún dáileog vacsaíní chuig 168 dtír. Bhí an tAontas ar thús cadhnaíochta san obair ar fhreagairt na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) ar phaindéim COVID-19. Mar fhreagairt ar imthosca eisceachtúla phaindéim COVID-19, le linn an 12ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT, tháinig na hAirí ar chomhaontú maidir le roinnt soiléirithe agus tarscaoileadh oibleagáidí áirithe de chuid Chomhaontú TRIPS chun ligean do Chomhaltaí incháilithe EDT údarú a thabhairt do chuideachta vacsaíní COVID-19 a mhonarú agus a easpórtáil ar bhealach tapa simplithe gan toiliú úinéir na paitinne. Doiciméid 6 NOLLAIG 2021Factsheet: Team Europe COVID-19 global solidarity
Tá an-tábhacht leis an gcomhar domhanda agus leis an dlúthpháirtíocht chun comhrac éifeachtach a chur ar phaindéim COVID-19 agus rochtain luath a chinntiú ar vacsaíní, diagnóisic agus córacha leighis.Ní slán do dhuine nó gur slán do chách.Sin é an chúis go bhfuil an fhreagairt iltaobhach á stiúradh ag an Aontas chun a chinntiú nach bhfágfar aon duine ar lár. Tá an tslándáil sláinte agus téarnamh domhanda inbhuanaithe ag brath air.
Comhpháirtíocht an Aontais le Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib22 Meitheamh 2022 – Sheol an Coimisiún Eorpach agus an Spáinn comhpháirtíocht nua an Aontais le Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib maidir le monaraíocht áitiúil vacsaíní, leigheasanna agus teicneolaíochtaí sláinte eile, sin agus athléimneacht na gcóras sláinte a neartú. Déanfaidh an chomhpháirtíocht na naisc shóisialta, eacnamaíocha agus eolaíocha idir an dá réigiún a chomhlánú agus a fheabhsú tuilleadh.
Ag an gCruinniú Mullaigh Sláinte Domhanda, thug ceannairí an G20 gealltanas i leith sraith beart lena gcuirfear dlús le deireadh a chur le géarchéim COVID-19 i ngach áit agus lena n-ullmhófar níos fearr do phaindéimí a bheidh ann amach anseo. Chuir an G20 béim ar a thábhachtaí atá monaraíocht mhéadaithe agus éagsúlaithe, agus d’aithin sé an ról atá ag maoin intleachtúil maidir le cothromas a chinntiú. Chuir an G20 béim shoiléir freisin ar an ngá atá ann rochtain chothrom a chinntiú ar vacsaíní agus tacú le tíortha ísealioncaim agus meánioncaim.
I mí na Bealtaine 2020 sheol an Coimisiún an Fhreagairt Dhomhanda ar an gCoróinvíreas – maratón gealltanas chun cistí a shlógadh ar mhaithe le taighde agus forbairt a dhéanamh ar thástálacha, córacha leighis agus vacsaíní.Na córais sláinte agus an téarnamh domhanda a neartú, ba é sin sprioc an mharatóin gealltanas agus gheall deontóirí ó gach cearn den domhan beagnach €16 bhilliún, €1.4 billiún ón gCoimisiún san áireamh.
Le sásra an Aontais um vacsaíní a roinnt cuirtear ar a gcumas do na 27 mBallstát dáileoga a cheannaigh an tAontas a roinnt le tríú tíortha, trí COVAX san áireamh.Faoi mhí an Mheithimh 2022 bhí breis agus 477 milliún dáileog comhroinnte ag Ballstáit an Aontais ar thíortha ar fud an domhain, méid ar mó é ná an sprioc a bhí againn maidir le vacsaíní a chomhroinnt. Is trí COVAX a comhroinneadh an mhórchuid acu, isteach agus amach le 407 milliún dáileog.