Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Do thionscadal a bhainistiú faoi chonradh soláthair

An méid is féidir a bheith ag súil leis nuair a bhronntar conradh poiblí ort: an pointe teagmhála, na cineálacha conarthaí atá ar fáil, na córais tuairiscithe agus na leasuithe.

Ciallaíonn soláthar poiblí comhlachtaí poiblí ag ceannach oibreacha, soláthairtí agus seirbhísí ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais. Clúdaíonn sé sin oifigí a fháil agus a fheistiú, trealamh TF a cheannach, obair chomhairleoireachta nó cúnamh teicniúil a choimisiúnú, staidéir a dhéanamh, feachtais faisnéise agus chumarsáide a reáchtáil, cúrsaí oiliúna a chur ar bun, foilseacháin a cheannach, agus rochtain a fháil ar bhunachair sonraí.

An t‑údarás conarthach

Le linn chéim an iarratais agus nuair a bhronntar conradh poiblí ort, beidh pointe teagmhála sonrach agat laistigh den údarás conarthach. D’fhéadfadh d’údarás conarthach a bheith éagsúil ag brath ar an gcineál bainistíochta a dhéantar ar do chonradh poiblí.

Bainistíocht dhíreach

Nuair a dhéanann an Coimisiún bainistíocht dhíreach ar chonarthaí soláthair, bíonn sé ag feidhmiú i ról an údaráis chonarthaigh, rud a fhágann go bhfuil sé freagrach as an nós imeachta bronnta uile, ó ghlaonna ar thairiscintí a fhoilsiú go dtí na cinntí bronnta, síniú na gconarthaí soláthair, agus obair leantach ar a gcur chun feidhme.

Bainistíocht indíreach

Faoi bhainistíocht indíreach, cuireann an Coimisiún de chúram ar thríú páirtí an conradh a chur chun feidhme. D’fhéadfadh tír chomhpháirtíochta, eagraíocht idirnáisiúnta nó gníomhaireacht forbartha, cuir i gcás, a bheith i gceist leis an tríú páirtí sin.

I mórchuid na gcásanna, beidh ar an údarás conarthach ainmnithe sin faomhadh an Choimisiúin a lorg ag céimeanna tábhachtacha áirithe roimh bhronnadh an chonartha. Má mheasann an Coimisiún, áfach, gur féidir leis dul in iontaoibh a rialacha agus nósanna imeachta, cuirfidh sé teorainn leis an maoirseacht le nach mbeidh i gceist ach seiceálacha ina dhiaidh sin.

Bainistíocht chomhpháirteach

Roinneann an Coimisiún bainistiú conarthaí soláthair le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha leis na Ballstáit. Is é an Coimisiún a bhíonn freagrach i gcónaí as treoirlínte maidir le conarthaí agus fógraí bronnta a fhoilsiú.

Is é an bhainistíocht chomhroinnte an modh bainistíochta is coitianta, ós rud é gur faoi lucht riaracháin náisiúnta na mBallstát atá sé tuairim agus 75% de bhuiséad an Aontais a chaitheamh. Tá an rogha ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh faoin mbealach lena chur chun feidhme – faoi dheontais nó faoi sholáthar, cuir i gcás.

Na rialacha atá leagtha síos sa treoir i dtaca le soláthar, beidh feidhm acu maidir leis na Ballstáit, atá i gceannas ar an bpróiseas iomlán; ní dhéanann an Coimisiún ach seiceálacha agus rialuithe.

Cineálacha conarthaí

Chun seirbhísí, soláthairtí nó oibreacha a chur ar fáil don Choimisiún, síníonn an dá pháirtí (an conraitheoir agus an t-údarás conarthach) conradh tar éis na tréimhse neamhghníomhaíochta (10 lá tar éis gach táirgeoir a bheith curtha ar an eolas maidir leis an toradh, de ghnáth).

Leagtar amach sa chonradh na seirbhísí agus earraí go léir is gá a chur ar fáil chomh maith le coinníollacha maidir le tíolacadh, spriocdhátaí agus aon dualgais tuairiscithe nó athbhreithnithe atá le comhlíonadh ag an dá pháirtí.

Sainmhínítear ann freisin na céimeanna éagsúla atá i gceist le tíolacadh táirgí insoláthartha (seirbhísí, soláthairtí nó oibreacha) agus cineálacha na dtuairiscí atá le hullmhú ag an gconraitheoir.

Tá roinnt cineálacha conarthaí ann ag brath ar na seirbhísí, soláthairtí nó oibreacha a chuirtear ar fáil:

  • conarthaí díreacha nó orduithe ceannaigh – sainmhínítear na hearraí nó na seirbhísí, íocaíochtaí, spriocdhátaí agus oibleagáidí dlíthiúla ag an tús. Is féidir an conradh a chur chun feidhme gan aon fhoirmiúlacht bhreise. Úsáidtear na conarthaí sin le haghaidh gach cineáil ceannachán: seirbhísí, soláthairtí nó oibreacha.
  • creatchonarthaí – sainmhínítear leo sin na seirbhísí nó na soláthairtí, an liosta praghsanna, na páirtithe, an socrú dlíthiúil, an fad agus an modh ina ndéantar ceannacháin ar leith. Sainmhínítear gnéithe riachtanacha eile an chaidrimh chonarthaigh ag céim níos faide anonn i gconradh sonrach. Is féidir creatchonarthaí a úsáid le haghaidh seirbhísí agus soláthairtí, agus is annamh a úsáidtear iad i dtaca le hoibreacha. Níl feidhm acu maidir le foirgnimh.
  • conarthaí sonracha nó foirmeacha ordaithe – is conarthaí sonracha iad sin atá mar chuid de chreatchonradh. De ghnáth sonraítear iontu an dáta agus sainmhínítear na seirbhísí seachadta sonracha, chomh maith le haon téarmaí eile nach sainmhínítear ar leibhéal an chreatchonartha.
  • conarthaí lamháltais – is foirm shonrach de chonradh díreach iad conarthaí lamháltais a cheadaíonn do chonraitheoir oibreacha a chur i gcrích nó seirbhísí a sholáthar agus a bhainistiú thar thréimhse fhada ama, go háirithe nuair a bhíonn gá le toradh ar infheistíocht.
  • conarthaí measctha – leis na conarthaí seo comhcheanglaítear oibreacha agus/nó soláthairtí agus/nó seirbhísí; féadfar soláthar agus lamháltais a chomhcheangal leo freisin. Mar shampla, chumhdódh lamháltas seirbhíse na caifitéirí agus na ceaintíní, na meaisíní díola nó an siopa preasa laistigh d’fhoirgneamh institiúide.
  • conarthaí foirgnimh – clúdaíonn na conarthaí seo ceannach, malartú, léas fada, cearta úsáide, léasú, fáil ar cíos nó fruilcheannach talún, foirgneamh nó réadmhaoine eile, agus an rogha ann iad a cheannach nó gan an rogha sin.

Íocaíocht agus tuairiscí ar dhul chun cinn

Ag brath ar chineál na seirbhísí, na n-oibreacha nó na soláthairtí a chuirtear ar fáil, sainmhínítear sa chonradh spriocdhátaí sonracha i dtaca le gach íocaíocht.

I gcásanna ar leith, d’fhéadfadh sé gur gá do chonraitheoirí tuairiscí ar dhul chun cinn a chur ar fáil in éineacht lena sonraisc. Léirítear sna tuairiscí sin an méid atá déanta agus atá ina údar le híocaíocht, agus sainaithnítear iontu na táirgí insoláthartha a cuireadh ar fáil, aon deacrachtaí a tháinig chun cinn, moilleanna, etc.

Leasú nó modhnú ar chonradh

Le linn téarma conartha, d’fhéadfadh sé tarlú go gcomhaontaíonn na páirtithe clásal amháin nó níos mó den chonradh a mhodhnú. Go ginearálta, ní dhéanann leasú modhnú substaintiúil ar choinníollacha an nós imeachta soláthair bunaidh.

3 chineál leasuithe atá ann, ag brath ar a bhfuil gá le nós imeachta soláthair nó le fógra bronnta a fhoilsiú.

  • leasú teicniúil – mionathrú nó athrú nach ndéanann difear do ghnéithe substaintiúla an chonartha
  • leasú le nós imeachta – athrú substaintiúil ar an gconradh a éilíonn nós imeachta idirbheartaithe gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré
  • modhnú conartha – athrú ar an gconradh atá i gceist leis seo, ceann nach n-éilíonn nós imeachta soláthair ach atá faoi réir ag foilsiú fógra modhnuithe nó ag foilsiú ar líne

Athbhreithniú lár-téarma agus tagarmharcáil

Sainmhínítear i mórchuid na gcreatchonarthaí na rialacha maidir le tagarmharcáil agus athbhreithnithe lár-téarma.

Leis an gcóras tagarmharcála bíonn sé d’oibleagáid ar an gconraitheoir athbhreithniú rialta a dhéanamh ar a thairiscint airgeadais chun praghsanna agus caighdeáin teicneolaíochta na n-earraí a sheachadtar a choinneáil ar aon dul le coinníollacha reatha an mhargaidh.

Más gá, sainmhínítear agus leagtar amach sa chonradh an tréimhse le haghaidh na n-athbhreithnithe lár-téarma chun measúnú a dhéanamh ar an méid atá déanta agus le feiceáil an bhfuil praghsanna an chonartha go fóill ag teacht le praghsanna an mhargaidh.

Úinéireacht na dtorthaí

Ag deireadh an chonartha, mura sonraítear a mhalairt, is é an t-údarás conarthach úinéir na dtorthaí. Déantar na cearta maoine intleachtúla a rialú le clásail chonarthacha shonracha.