Beartas bainistithe doiciméad
Is é is aidhm do bheartas bainistithe doiciméad an Choimisiúin – ar a bhfuil an t-acrainm e-Domec (cartlannú digiteach agus bainistiú doiciméad sa Choimisiún Eorpach) – comhsheasmhacht an bhainistithe doiciméad a chinntiú i ranna uile an Choimisiúin. Cuireann rialacha caighdeánacha aonfhoirmeacha ar chumas an Choimisiúin eolas a chur ar fáil tráth ar bith maidir leis na hábhair dá bhfuil sé freagrach. Cuirtear na rialacha sin i bhfeidhm tríd an gcóras TF Ares/NomCom.
Comhaid a chaomhnú
Ní mór comhaid a choinneáil ar mhaithe le feidhmiú cuí an Choimisiúin mar sheirbhís phoiblí ó thaobh riaracháin agus dlí de.
Trí chomhaid a chaomhnú, déantar trédhearcacht agus ceart rochtana a chinntiú freisin, agus féadfar na cartlanna stairiúla a oscailt don phobal tar éis 30 bliain.
Ach ní gá gach comhad a choinneáil go deo. Coinnítear cuid acu go buan agus cuid eile go ceann tréimhse áirithe ama.
Bunús dlí
- Cinneadh ón gCoimisiún maidir le bainistiú taifead agus cartlanna
- Rialacha cur chun feidhme an Choimisiúin maidir le bainistiú taifead agus cartlanna
- An ceathrú hathbhreithniú ar an liosta coinneála coiteann ar leibhéal an Choimisiúin le haghaidh chomhaid an Choimisiúin Eorpaigh
- Ráiteas príobháideachais maidir le bainistiú agus caomhnú dhoiciméid an Choimisiúin (sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma)
- Ráiteas príobháideachais maidir le bainistiú agus caomhnú fadtéarmach chartlanna an Choimisiúin Eorpaigh
Beartas cartlainne an Choimisiúin
Áirítear i mbeartas cartlainne an Choimisiúin nósanna imeachta agus straitéisí inmheánacha araon maidir le cartlanna, chomh maith le comhar agus comhordú le hinstitiúidí agus páirtithe eile.
An méid a dhéanann an Coimisiún go hinmheánach
Cuireann an Coimisiún an creat dlíthiúil, na straitéisí agus na nósanna imeachta i bhfeidhm chun a chartlanna a bhainistiú agus chun iad a oscailt don phobal tar éis 30 bliain.
Leagtar síos i Liosta Coiteann Coinneála (CRL) an Choimisiúin na coinníollacha agus na tréimhsí coinneála le haghaidh gach cineáil comhaid de chuid an Choimisiúin. Nuair a mheastar comhaid a bheith dúnta, cinnfear leis an liosta ar cheart na comhaid a chaomhnú nó a scriosadh. Le himeacht ama (15 bliana ar a mhéad) ní mór don Choimisiún rogha a dhéanamh as na cartlanna is mian leis a choinneáil mar chartlann stairiúil.
An méid a dhéanann an Coimisiún go seachtrach
Cuireann an Coimisiún comhar chun cinn maidir le cartlanna le tíortha den Aontas agus le hinstitiúidí eile den Aontas agus le comhlachtaí cartlainne idirnáisiúnta tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- comhchathaoirleacht a dhéanamh ar Ghrúpa na gCartlann Eorpach, agus rúnaíocht a chur ar fáil dó, grúpa ina bhfuil saineolaithe ardleibhéil ó na tíortha uile san Aontas
- dlúthchaidreamh a choinneáil le Fóram DLM
- oibriú i gcomhar le hinstitiúidí eile an Aontais sa Mheitheal Idirinstitiúideach um Chartlanna.
Is í an tSeirbhís um Chartlann Stairiúil a osclaíonn cartlann agus taisctear í i gCartlann Stairiúil an Aontais Eorpaigh i bhFlórans na hIodáile.