Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Tascfhórsa an Choimisiúin Eorpaigh um Chomhionannas

Tascfhórsa an Choimisiúin Eorpaigh um Chomhionannas

Tá an Tascfhórsa seo inmheánach sa Choimisiún agus tá sé comhdhéanta d’ionadaithe (‘Comhordaitheoirí Comhionannais’) ó na hArd-Stiúrthóireachtaí uile agus ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Is é an Leas-Ard-Rúnaí atá i gceannas ar Chomhordú Beartais a dhéanann cathaoirleacht air agus faigheann sé tacaíocht ó Rúnaíocht atá lonnaithe in Ardrúnaíocht an Choimisiúin.

An méid a dhéanann an Tascfhórsa

  • tacaíonn sé leis an gCoimisinéir um Chomhionannas, Hadja Lahbib, ina cuid oibre laethúla
  • cuidíonn sé chun tionscnaimh nithiúla a ullmhú lena gcuirtear an comhionannas chun cinn
  • bíonn ról lárnach aige i dtaca le príomhshruthú an chomhionannais i mbeartais uile an Aontais, óna ndearadh go dtí a gcur i bhfeidhm

Cuireadh an Tascfhórsa um Chomhionannas ar bun ag deireadh 2019 chun tacú leis an gCoimisinéir um Chomhionannas ina cuid iarrachtaí ‘tiomantas na hEorpa don chuimsiú agus don chomhionannas a neartú, gan beann ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar aois, ar mhíchumas, ar ghnéaschlaonadh nó ar chreideamh reiligiúnach’.

Cad atá i gceist le príomhshruthú an chomhionanais?

Is éard atá i gceist leis an próiseas chun peirspictíocht chomhionannais a chomhtháthú i ngach céim de cheapadh beartas an Choimisiúin agus i ngach réimse beartais. Cinntítear leis go gcuirfidh beartais, reachtaíocht agus cláir mhaoiniúcháin an Aontais comhionannas idir mná agus fir chun cinn agus go ndéanfaidh siad idirdhealú ar fhorais inscne, tionscnaimh chiníoch nó eitnigh, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó gnéaschlaonta a chomhrac, i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 10 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Airteagal 8 CFAE
Ina ghníomhaíochtaí uile, beidh sé d'aidhm ag an Aontas neamhionannais idir fir agus mná a dhíchur agus comhionannas eatarthu a chur ar aghaidh.


Airteagal 10 CFAE
Agus a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, is é is aidhm don Aontas gach idirdhealú a chomhrac atá bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomh gnéasach.

 

Ní cuspóir ann féin é príomhshruthú comhionannais ach bealach chun cuspóirí comhionannais an Choimisiúin a bhaint amach.

Ceisteanna coitianta:

  • Cén ról atá ag Comhordaitheoirí Comhionannais ar an Tascfhórsa um Chomhionannas?

Is iad na Comhordaitheoirí Comhionannais ionadaithe Ard-Stiúrthóireachtaí éagsúla an Choimisiúin ar an Tascfhórsa um Chomhionannas. Is é an ról atá acu feasacht a mhúscailt i dtaca leis an tábhacht a bhaineann le clár oibre an bheartais comhionannais, comhionannas a phríomhshruthú i mbeartais atá á bhforbairt ag a nArd-Stiúrthóireacht féin, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le cur i bhfeidhm straitéisí Aontas an Chomhionannais ina gcuid earnálacha féin.

  • Cén tasc atá ag Ardrúnaíocht an Tascfhórsa um Chomhionannas?

Bainistíonn agus tacaíonn an Ardrúnaíocht leis an Tascfhórsa um Chomhionannas trí fheasacht a mhúscailt agus acmhainneacht a fhorbairt ar fud an Choimisiúin i dtaca le hábhair a bhaineann leis an gcomhionannas agus trí chomhionannas a phríomhshruthú ar fud bheartais agus ghníomhaíochtaí an Aontais.
EC-TASK-FORCE-EQUALITY-SECRETARIATatec [dot] europa [dot] eu (EC-TASK-FORCE-EQUALITY-SECRETARIAT[at]ec[dot]europa[dot]eu)

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 27 Eanáir 2026