
Le 5 bliana anuas, tá dul chun cinn déanta ag an Aontas chun dul i ngleic leis an gciníochas, go háirithe trí bhacainní a bhaint a chruthaítear le hidirdhealú ciníoch agus trí iarrachtaí frithchiníochais a chomhtháthú i mbeartais ábhartha uile an Aontais. Ach tá fadhbanna fós ann. Agus léirítear i suirbhé de chuid an Aontais a rinneadh le déanaí go measann beirt as gach triúr saoránach fós gur saincheist fhorleathan é an t-idirdhealú ciníoch ina dtíortha féin. Tá straitéis frithchiníochais curtha chun cinn ag an gCoimisiún Eorpach anois chun ciníochas de gach cineál a chomhrac ar mhaithe lena chinntiú go mbeidh Eoraip ann ina mbeidh rath ar dhaoine aonair.
Cuireann an straitéis nua le plean gníomhaíochta frithchiníochais an Aontais Eorpaigh 2020-2025.
Is é is aidhm dó cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú dhlíthe frith-idirdhealaithe an Aontais atá ann cheana a neartú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Comhionannas Ciníoch ó 2000 agus breithniú a dhéanamh ar smachtbhannaí níos láidre i gcás inar gá
- na rialacha maidir le dul i ngleic leis an bhfuathchaint agus leis an bhfuathchoireacht a neartú, agus cearta íospartach a chinntiú trí dhlíthe an Aontais
- tacú le comhlachtaí comhionannais i dtíortha an Aontais a gcuid oibre a dhéanamh.
Leis an straitéis freisin, rachfar i ngleic le bacainní agus cothófar cuimsiú san oideachas, san fhostaíocht, sa chúram sláinte agus sa tithíocht. Tá an méid seo a leanas molta ag an gCoimisiún:
- feachtas uile-Aontais maidir le comhionannas chun feasacht a mhúscailt agus saoránaigh a spreagadh
- leanúint de thionscnaimh rochtana comhionainne, mar shampla, trí thacú le tíortha an Aontais deireadh a chur le claontacht i gcleachtais cúraim sláinte, agus rochtain ar phoist a fheabhsú
- staidéar a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus réitigh a shainaithint chun tithíocht a fheabhsú do na grúpaí is leochailí.
Ina theannta sin, díreofar leis an straitéis ar chomhpháirtíochtaí frithchiníochais a fhorbairt ar gach leibhéal den tsochaí tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- leanúint d’obair an chomhordaitheora frithchiníochais chun idirphlé agus comhar cuiditheach a chur chun cinn i measc institiúidí an Aontais, thíortha an Aontais, na sochaí sibhialta agus an lucht acadúil
- tacaíocht a mhéadú d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a dhéanann an ciníochas a chomhrac.
Trí na tionscnaimh sin, rachaidh straitéis frithchiníochais an Aontais 2026-2030 i ngleic le ciníochas de gach cineál, ciníochas i gcoinne na ndaoine gorma, frithghiofógachas, frithsheimíteachas, ciníochas frith-Áiseach agus fuath frith-Mhoslamach. Déanfaidh an Coimisiún monatóireacht ar an gcur i bhfeidhm agus cuirfidh sé athbhreithniú meántéarma i láthair chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn.
Tuilleadh eolais
Straitéis Frithchiníochais an Aontais Eorpaigh 2026-2030
Tuarascáil ar chur i bhfeidhm phlean gníomhaíochta frithchiníochais an Aontais Eorpaigh
Tacú le daoine, ár sochaithe agus ár samhail shóisialta a neartú
- Dáta foilsithe
- 20 Eanáir 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
An nuacht ghaolmhar
Commission and Irish Presidency host a high-level Equality Data Roundtable on 30 September–1 October 2026, uniting key stakeholders to improve robust, ethical equality data and shape future EU action.
Ghlac an Coimisiún Eorpach an pacáiste um shoghluaisteacht chothrom lena ráthófar cearta sóisialta d’oibrithe, gan beann ar an áit chónaithe san Aontas is rogha leo.
D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach a sheachtú Tuarascáil bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta, ina ndéantar measúnú ar staid an smachta reachta ar fud Bhallstáit uile an Aontais, chomh maith le ceithre thír is iarrthóirí, is iad sin: an Albáin, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia.
Tá bearta molta ag an gCoimisiún Eorpach chun neartú a dhéanamh ar fhreagairt an Aontais Eorpaigh ar thírdhreach coiriúil atá ag teacht chun cinn agus é ag éirí níos sofaisticiúla, níos idirnáisiúnta agus níos digití.