Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach san Aontas Eorpach

An creat straitéiseach nua maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach i dtíortha an Aontais Eorpaigh agus ullmhú an tionscnaimh tar éis 2020. Tráthchlár: 2020-2030.

Na Romaigh san Aontas

Is iad na Romaigh an mionlach eitneach is mó san Eoraip. Meastar go bhfuil idir 10 agus 12 mhilliún Romach ina gcónaí san Eoraip agus astu sin tá thart ar 6 mhilliún acu ina saoránaigh nó cónaitheoirí den Aontas. Bíonn an chlaontacht agus an t-imeallú sóisialta go fóill á bhfulaingt ag go leor Romach san Aontas, in ainneoin an toirmisc atá ar idirdhealú ar fud Bhallstáit an Aontais.

Is scáth-théarma é ‘Romaigh’ a chuimsíonn grúpaí éagsúla, cuir i gcás Romaigh, Sintígh, Kale, Romanichel, Boyash/Rudari, Aisceailígh, Éigiptigh, Léinigh, Dom, Lom, Rom agus Abdal, chomh maith le daonraí den Lucht Siúil (gens du voyage, Giofóga, Camminanti, etc.). Úsáidtear an téarmaíocht sin i ndoiciméid bheartais agus i bpléití an Aontais go minic.

Creat Straitéiseach an Aontais maidir leis na Romaigh um Chomhionannas, um Chuimsiú agus um Rannpháirtíocht

Is ar an lánpháirtiú socheacnamaíoch go príomha a dhírigh an creat a bhí ann roimhe seo. An 7 Deireadh Fómhair 2020, d’eisigh an Coimisiún creat straitéiseach neartaithe athchóirithe de chuid an Aontais maidir leis na Romaigh ina leagtar amach cur chuige cuimsitheach trí cholún. Cuireann an cur chuige sin le cuimsiú socheacnamaíoch na Romach imeallaithe tríd an gcomhionannas a chothú agus an rannpháirtíocht a chur chun cinn. Ba cheart go mbeadh an deis ag gach Romach barr a gcumais a bhaint amach agus páirt a ghlacadh sa saol polaitiúil, sóisialta, eacnamaíoch agus cultúrtha.

Ina theannta sin d’eisigh an Coimisiún Togra le haghaidh dréachtmholadh ón gComhairle maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach, atá á scrúdú faoi láthair ag an gComhairle.

Towards a comprehensive three-pillar approach

Leagtar amach trí chuspóir chothrománacha sa chreat straitéiseach nua, sa bhreis ar na ceithre chuspóir earnála atá sa chreat a bhí ann roimhe seo.

Leagtar amach príomhspriocanna an Aontais, feabhsaítear bailiú sonraí, tuairisciú agus faireachán, agus moltar punann nua táscairí chomh maith. I gCreat Faireacháin 2020 a d’fhoilsigh FRA leagtar amach mionsonraí na gcuspóirí agus na dtáscairí nua. Leis an gcur chuige difreáilte atá ann i measc na mBallstát, cuirfear feabhas le héifeachtacht na n-iarrachtaí agus cuirfear an fhoghlaim beartais chun cinn.

I gCreat Straitéiseach an Aontais maidir leis na Romaigh cuirtear níos mó béime ar an éagsúlacht atá ann i measc na Romach, chun cinnte a dhéanamh de go bhfreastalóidh na straitéisí náisiúnta ar riachtanais shonracha grúpaí éagsúla, cuir i gcás mná, daoine óga agus páistí Romacha, saoránaigh shoghluaiste de chuid an Aontais, Romaigh gan stát, LADTI agus Romaigh níos sine, chomh maith leo siúd atá faoi mhíchumas. Spreagann sé cur chuige trasnach, agus tugtar aird ar an dóigh ar féidir le gnéithe éagsúla d’fhéiniúlacht an duine teacht le chéile chun an t-idirdhealú a dhéanamh níos measa.

Cuimsiú na Romach a phríomhshruthú thar réimsí beartais, cuirtear níos mó béime air sin a nascadh le bearta spriocdhírithe a thacaíonn le rochtain éifeachtach chomhionann na Romach ar chearta agus ar sheirbhísí.

Deiseanna comhionanna – Fíoraímis do chách iad!

 

Faigh tuilleadh eolais faoin tionscnamh nua seo trí na cuir i láthair agus an plé a tharla mar thoradh ar an gcomhdháil ardleibhéil dhigiteach lenar seoladh creat straitéiseach an Aontais maidir leis na Romaigh.

Ullmhú a dhéanamh le haghaidh an tionscnaimh maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach tar éis 2020

Is in 2020 a tháinig deireadh le Creat an Aontais maidir le Straitéisí Náisiúnta um Lánpháirtiú na Romach suas go dtí 2020, agus rinneadh tionscnamh beartais nua a ullmhú agus ceachtanna phaindéim COVID-19 san áireamh ann.

Chuaigh an Coimisiún i mbun gníomhaíochtaí comhairliúcháin spriocdhírithe leis na príomhpháirtithe leasmhara chun ceisteanna réamhbhreathnaitheacha a phlé agus chun ionchur a bhailiú a chuirfeadh leis an machnamh faoin tionscnamh nua. In Iarscríbhinn 1 den Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an Teachtaireacht maidir le Creat Straitéiseach an Aontais maidir leis na Romaigh, tugtar forléargas mionsonraithe ar na comhairliúcháin a rinneadh leis na páirtithe leasmhara.

Príomhghníomhaíochtaí ullmhúcháin an tionscnaimh tar éis 2020.

Meastóireacht ar chreat straitéiseach an Aontais maidir leis na Romaigh

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma agus ex post ar chreat straitéiseach an Aontais maidir leis na Romaigh.

Tuarascálacha

Gach dhá bhliain eiseoidh an Coimisiún tuarascálacha faireacháin tréimhsiúla.

Gach dhá bhliain ó 2023 ar aghaidh tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ar chur chun feidhme na gcreataí straitéiseacha náisiúnta maidir leis na Romaigh, bearta chun comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht a chur chun cinn agus leas iomlán a bhaint as punann na dtáscairí san áireamh. Díreofar sa tuairisciú ar chur chun feidhme na ngealltanas a leagtar amach sna creataí náisiúnta, gnóthú na spriocanna náisiúnta san áireamh, i gcás inarb iomchuí. Ba cheart na tuarascálacha sin a chur ar fáil go poiblí, chun cur leis an trédhearcacht agus chun an fhoghlaim beartais a chur chun cinn.

Documents

7 DEIREADH FÓMHAIR 2020
Union of Equality: EU Roma strategic framework on equality, inclusion and participation

7 DEIREADH FÓMHAIR 2020
Factsheet - EU Roma strategic framework