Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
alt=""
Le chéile ar son mhuintir na Tuirce agus na Siria

Comhdháil Deontóirí arb é is aidhm di cistí a thiomsú, acmhainní a shlógadh agus an fhreagairt téarnaimh agus fóirithinte a chomhordú tar éis na gcreathanna talún tubaisteacha

Tá an t-eolas seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Tuircis | türkçe | Araibis | العربية

Comhdháil Deontóirí chun cistí a thiomsú

Lá an-mhaith don dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta is ea an lá inniu. In éineacht lenár gcomhpháirtithe, tá €7 mbilliún ar an iomlán tiomsaithe againn chun tacú le muintir na Tuirce agus na Siria tar éis na gcreathanna talún tubaisteacha. Is ó Team Europe a thagann breis agus leath den ghealltanas sin. Tá sé léirithe againn don domhan go bhfuilimid ag tacú le daoine in am an ghátair. Agus seasaimid lenár gcomhpháirtithe i gcónaí.

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Bhí sprioc thábhachtach amháin ag cruinniú an lae inniu: gníomh a dhéanamh dár gcomhbhrón agus dár ndlúthpháirtíocht. Agus freagairt láidir éifeachtúil chomhordaithe a chur ar fáil chun cabhrú leis na daoine atá thíos leis na creathanna talún tubaisteacha. Ó thaobh Uachtaránacht na Sualainne ar an Aontas Eorpach de, táimid buíoch as an dea-chomhar atá againn leis an gCoimisiún, lenar eagraíomar comhdháil an lae inniu. Chuaigh toradh suntasach an lae go mór i bhfeidhm orainn agus is go humhal a thugaimid faoin obair thábhachtach atá romhainn.

Ulf Kristersson, Príomh-Aire na Sualainne

Méid iomlán na ngealltanas

alt=""
€7 mbilliún

an méid airgid a tiomsaíodh

€7 mbilliún atá sa ghealltanas iomlán ón gComhdháil Deontóirí Idirnáisiúnta seo – is deontais agus iasachtaí don Tuirc atá i €6.05 billiún de sin agus is deontais don tSiria atá i €911 mhilliún de. Is ón gCoimisiún Eorpach agus ó Bhallstáit an Aontais, agus ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, a thagann €3.6 billiún mar chuid de Team Europe, líon ar mó é ná 50% den ghealltanas iomlán deontas sin. Rinne Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa ranníocaíocht thábhachtach €500 milliún in iasachtaí agus €3 mhilliún breise i ndeontais.

Úsáidfear na cistí le haghaidh na Tuirce chun na riachtanais dhaonnúla a chlúdach agus chun cabhrú le hatógáil na réigiún atá buailte. Léiríonn an réamh-mheasúnú ar an damáiste sa Tuirc go bhfuil riachtanais an-mhór os cionn USD 100 billiún ann, agus go leor damáiste déanta don bhonneagar poiblí agus d’fhoirgnimh chónaithe. Na caighdeáin idirnáisiúnta uile maidir le foirgnimh a thógáil i réigiúin sheismeacha agus tosaíochtaí Chomhaontú Glas na Tuirce, cinnteoidh na hiarrachtaí atógála go gcuirfear iad sin san áireamh. Úsáidfear na cistí le haghaidh na Siria chun freastal ar na riachtanais dhaonnúla agus chun tacú leis an téarnamh luath agus leis an athléimneacht.

* Is éard atá i gceist le Team Europe an tAontas Eorpach agus Ballstáit an Aontais – lena n-áirítear a ngníomhaireachtaí cur chun feidhme agus a mbainc forbartha phoiblí – mar aon leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF).

Gealltanais a d’fhógair tíortha agus eagraíochtaí

Deontais do dhaoine sa tSiria agus sa Tuirc

Gealltanais ó Team Europa (An Coimisiún Eorpach agus na Ballstáit)
DeontóirDeontais - an tSiria in €Deontais - an Tuirc in €
an Coimisiún Eorpach108,000,0001,000,000,000
an Ghearmáin117,000,000121,000,000
an Ísiltír38,200,00011,500,000
an tSualainn13,836,81530,798,072
an Danmhairg14,504,4329,555,466
an Iodáil13,000,0004,000,000
an Pholainn3,234,0439,638,298
an Fhionlainn6,000,0006,000,000
an Fhrainc7,000,0005,000,000
Éire6,500,0003,500,000
an Ghréig1,000,0004,000,000
an Spáinn2,200,0002,206,000
an Ostair3,000,0001,000,000
an Chróit200,0003,500,000
an Ungáir947,9571,873,500
Lucsamburg778,0001,873,500
an Bheilg2,000,0000
Poblacht na Seice417,6761,044,190
an Rómáin300,0001,000,000
an Laitvia564,669270,000
an Chipir250,000250,000
an tSlóivéin300,000200,000
an tSlóvaic154,000132,000
an Phortaingéil200,0000
an Bhulgáir30,67871,581
Málta40,00040,000
an Eastóin50,0000
Team Europe (Iomlán)339,908,2701,218,775,021 
Gealltanais ó thríú tíortha
DeontóirDeontais - an tSiria in €Deontais - an Tuirc in €
Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha245,520,903105,223,244
an Asarbaiseáin094,795,715
Cuáit46,307,70646,307,707
an Ríocht Aontaithe32,438,13317,193,356
Stáit Aontaithe Mheiriceá35,074,41512,323,442
Ceanada13,289,30020,683,949
an tSeapáin24,296,1418,057,637
an Iorua20,337,15510,527,043
an Chóiré (Poblacht na Cóiré)947,95714,219,358
an Eilvéis5,551,5573,187,005
an Nua-Shéalainn1,234,8581,117,253
an tSeirbia750,000750,000
an Albáin01,000,000
an Chosaiv*100,000500,000
an Mholdóiv0415,252
Lichtinstéin205,613205,613

 

Deontóiran tSiria/an Tuirc
Catar1142,193,572
an Araib Shádach1142,193,572

1. Níor cuireadh aon mhiondealú de réir tíre ar fáil.

* Ní dochar an t-ainmniú sin do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

Gealltanais ó eagraíochtaí idirnáisiúnta
DeontóirDeontais - an tSiria in €Deontais - an Tuirc in €
Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa03,000,000
An Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair473,9792,464,689
An Banc Ioslamach um Fhorbraíocht1,421,9361,421,936
An Banc Eorpach Infheistíochta2200,000300,000
Ard‑Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe333,178,50050,241,729

2. Faoi réir cheadú chomhlachtaí rialaithe an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta.

3. Tagraíonn sé seo don mhéid a fuarthas mar fhreagairt ar achainí dhaonnúil UNHCR. Níor cuireadh san áireamh é méid iomlán na ngealltanas a ríomh.

 

Iasachtaí arna ngealladh ag institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus ag deontóirí déthaobhacha don atógáil sa Tuirc

Chomh maith le deontais, gheall bainc forbartha iltaobhacha, agus deontóir déthaobhach €4.3 billiún in iasachtaí don atógáil sa Tuirc. Tá téarmaí na n-iasachtaí sin fós le comhaontú.

Iasachtaí arna ngealladh ag institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus deontóirí déthaobhacha
DeontóirIasachtaí in €
An Banc Domhanda1,687,363,731
Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha1,500,000,000
An Banc Eorpach Infheistíochta*500,000,000
Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa500,000,000
Banc na Mara Duibhe um Thrádáil agus um Fhorbairt    55,000,000
an Spáinn50,000,000
Iomlán4,292,363,731

* Faoi réir cheadú chomhlachtaí rialaithe an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta.

Freagairt chuimsitheach ón Aontas

Tá an tAontas Eorpach cheana féin ag tacú leis an Tuirc agus leis an tSiria trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, a cuireadh i ngníomh gan mhoill go díreach i ndiaidh na tubaiste nádúrtha. 

21 Bhallstát + an Albáin, Montainéagró, an Iorua agus an tSeirbia
tá cúnamh curtha ar fáil acu don tSiria agus don Tuirc
32 fhoireann chuardaigh agus tarrthála
sa Tuirc
6 fhoireann leighis lena n-áirítear 5 ospidéal allamuigh
tá cóireáil curtha acu ar níos mó ná 15,000 duine go dtí seo sa Tuirc

Thairis sin, tá a chúltacaí straitéiseacha rescEU slógtha ag an Aontas chun 500 aonad cóiríochta sealadaí, 2,000 puball, agus 8,000 leaba a sheachadadh chuig an Tuirc óna stoc-chairn éigeandála atá á n-óstáil ag an tSualainn agus ag an Rómáin. 

San iomlán, leithdháileadh beagnach € 8.6 mhilliún de chabhair dhaonnúil ón Aontas chun freagairt do riachtanais láithreacha mhuintir na Tuirce, agus cuireadh thart ar €10 milliún ar fáil láithreach chun freagairt d’iarmhairtí práinneacha an chreatha talún sa tSiria.

Doiciméid

  • 24 MÁRTA 2023
Pledging Statement of the International Donors’ Conference for the people in Türkiye and Syria
  • 20 MÁRTA 2023
Bileog eolais: Tacaíocht ón Aontas do dhaoine sa Tuirc agus sa tSiria tar éis na gcreathanna talún
  • 16 MÁRTA 2023
Agenda: International Donors’ Conference
  • 20 MÁRTA 2023
List of participants from the Donors' Conference
  • 15 MÁRTA 2023
Media advisory: Donors' Conference

An nuacht is déanaí