Tá an t-eolas seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Úcráinis | українська | Rúisis | русский
Aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha mhíleata agus chosanta na hÚcráine
Tá €81.9 billiún curtha ar fáil ag an Aontas agus a Bhallstáit le tacú chun cumais mhíleata agus chosanta na hÚcráine a neartú.
Áirítear leis sin €77 mbilliún de chúnamh míleata faoin tSaoráid Eorpach Síochána agus ó na Ballstáit aonair, agus €4.9 billiún ón Iasacht Tacaíochta don Úcráin. Tríd an iasacht tacaíochta sin, is féidir leis an Aontas suas le €28.3 billiún a chur ar fáil chun tacú le hacmhainneachtaí tionsclaíocha cosanta na hÚcráine in 2026.
Ina theannta sin, tá Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin ag dul i ngleic le riachtanais oiliúna fhórsaí armtha na hÚcráine agus chuir sé oiliúint ar 95,000 saighdiúir Úcránach.

Borradh a chur faoi acmhainneachtaí táirgeachta an Aontais
Tá tionscal cosanta na hEorpa tar éis méadú 40% a dhéanamh ar a acmhainneacht táirgeachta le haghaidh armlóin. Tá práinn le dlús a chur le seachadadh diúracán agus armlóin, go háirithe faoin tionscnamh chun 1 mhilliún urchar armlóin airtléire a chur ar fáil, agus níos mó córais aerchosanta a chur ar fáil don Úcráin.
Cuirfidh an tAontas lena acmhainneacht táirgeachta armlóin agus diúracán freisin, tar éis ghlacadh an Ghnímh chun Tacú le Táirgeadh Armlón (‘ASAP’).
A bhuí le ‘ASAP’, beidh tionscal cosanta an Aontais in ann níos mó a tháirgeadh agus ar bhealach níos tapúla toisc go dtacóidh an Rialachán leis an atreisiú tionsclaíoch ar fud na slabhraí soláthair armlóin agus diúracán san Aontas. Is freagairt dhíreach é ar an nglao chun armlón a sheachadadh go práinneach, chomh maith le diúracáin má iarrtar sin, chuig an Úcráin agus cuidiú leis na Ballstáit a gcuid stoc a athlíonadh trí bhearta spriocdhírithe a thabhairt isteach.
Comhar sa tionscal cosanta idir an tAontas agus an Úcráin a mhéadú
Mar a cuireadh i bhfios go láidir sa Pháipéar Bán maidir le hUllmhacht Cosanta na hEorpa 2030, chuir an cogadh foghach tionscal cosanta na hÚcráine i dtábhacht, tionscal a bhfuil saineolas suntasach aige in earnálacha amhail an intleacht shaorga agus teicneolaíocht na ndrón.
Is féidir le cuideachtaí óga dinimiciúla de chuid na hÚcráine cuidiú le forbairt cumas cosanta Eorpach feabhsaithe a spreagadh, rud a chuirfidh le hiomaíochas na hEorpa. Chuige sin, tá roinnt beart déanta ag an gCoimisiún Eorpach chun an comhar sa tionscal cosanta idir Ballstáit an Aontais agus an Úcráin a dhoimhniú.
I mí Iúil 2026 shínigh an Coimisiún agus an Úcráin comhpháirtíocht thionsclaíoch nua um an gcosaint. Trí bhacainní ar an gcomhar a bhaint, agus trí dhlús a chur le hailíniú na gcaighdeán, cuirfidh sé ar chumas cuideachtaí ar an dá thaobh oibriú ar bhealach níos rianúla agus cuideoidh sé chun slándáil choiteann na hEorpa a neartú. Is é is aidhm don chomhpháirtíocht táirgeadh comhpháirteach ladrann agus córas frithdhrón a mhéadú faoi dheireadh 2026, agus diúracán frithbhalaistíoch a mhéadú faoi 2028.
Leis an gComhaontú maidir le Dróin idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, tugtar le chéile acmhainneacht thionsclaíoch na hEorpa agus saineolas na hÚcráine maidir le nuálaíocht drón. Cuirfidh sé dlús le forbairt agus táirgeadh ladrann agus córas frithdhrón den chéad ghlúin eile, rud a chinnteoidh go mbeidh na cumais is gá inniu ann agus go neartófar ullmhacht cosanta na hEorpa don todhchaí ag an am céanna.
Leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir leis an gClár Eorpach um an Tionscal Cosanta, réitítear an bealach do chomhtháthú na hÚcráine i margadh na hEorpa do threalamh cosanta trí Ionstraim thiomnaithe um Thacaíocht don Úcráin (USI) agus trí ghníomhaíochtaí an chláir a oscailt do rannpháirtíocht na hÚcráine.
Mar chuid den Straitéis Thionsclaíoch um an gCosaint Eorpach (EDIS) a glacadh i mí an Mhárta 2024, d’oscail an Coimisiún Eorpach agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) Oifig Nuálaíochta Cosanta an Aontais i gCív chun na naisc chosanta idir an tAontas agus an Úcráin a dhaingniú a thuilleadh.
I mí Iúil 2025, d’fhógair an Coimisiún Eorpach agus an Úcráin BraveTech EU, tionscnamh comhpháirteach idir an tAontas agus an Úcráin arb é is aidhm dó dlús a chur leis an nuálaíocht cosanta trí chomhar níos dlúithe. Le BraveTech EU, tugtar le chéile an Ciste Eorpach Cosanta (EDF), Scéim Nuálaíochta Cosanta an Aontais (EUDIS), agus ardán teicneolaíochta cosanta BRAVE1 na hÚcráine chun creat aontaithe a chruthú ar mhaithe le réitigh chosanta cheannródaíocha a fhorbairt, a thástáil agus a imscaradh go comhpháirteach.
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 15 Iúil 2026