Tá an t-eolas seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Úcráinis | українська | Rúisis | русский
Meascán cuimsitheach tacaíochta
Tá pacáiste láidir tacaíochta curtha ar fáil ag an Aontas don Úcráin lena léirítear na dúshláin chasta atá os comhair na tíre.
Bhí an meascán sin de dheontais, d’iasachtaí, de ráthaíochtaí, de thacaíocht bhuiséadach agus de thionscnaimh struchtúracha ríthábhachtach chun cobhsaíocht eacnamaíoch na hÚcráine a chothabháil agus chun tacú lena téarnamh fadtéarmach.

Cúnamh macrairgeadais agus tacaíocht bhuiséadach
Chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine le haghaidh 2026 agus 2027, tá an tAontas ag tacú leis an tír le hiasacht €90 billiún, trí iasachtaíocht an Aontais ar na margaí caipitil. Tá €19.8 billiún de sin eisíoctha go dtí seo, agus
- €3.2 billiún de mar chúnamh macrairgeadais
- €15.8 billiún de don soláthar cosanta
- €800 milliún de curtha ar fáil tríd an tSaoráid don Úcráin
In 2025 ghlac agus d’eisíoc an tAontas pacáiste cúnaimh airgeadais. Cuimsítear sa phacáiste sin iasacht eisceachtúil cúnaimh mhacrairgeadais €18.1 billiún. Mar chuid den phacáiste, maoinítear an sásra comhair le haghaidh iasachtaí ó ioncaim urghnácha a eascraíonn as sócmhainní ceannasacha blocáilte na Rúise.
Ó thosaigh an cogadh, tá €43.3 billiún de chúnamh macrairgeadais eisíoctha ag an Aontas chun cabhrú leis an Úcráin aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha ar an láthair.
Le cuidiú chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha ar an láthair, cuireadh €19.5 billiún ar fáil ó bhuiséad an Aontais in 2023, pacáiste tacaíochta gan fasach san áireamh dar luach €18 mbilliún in iasachtaí lamháltais. Bhí an méid sin sa bhreis ar na hiasachtaí agus na deontais dar luach €11.6 billiún a cuireadh ar fáil in 2022. A bhuí leis sin, bhí an Úcráin in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
- leanúint de phánna agus pinsin a íoc
- athbhunú a dhéanamh ar bhonneagar criticiúil a ndearnadh damáiste dó de bharr an chogaidh
- seirbhísí poiblí riachtanacha a choinneáil ag dul, amhail ospidéil, scoileanna agus tithe do dhaoine athlonnaithe
- cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chinntiú
In 2025 ghlac agus d’eisíoc an tAontas pacáiste cúnaimh airgeadais. Cuimsítear sa phacáiste sin iasacht eisceachtúil cúnaimh mhacrairgeadais €18.1 billiún. Mar chuid den phacáiste, maoinítear an sásra comhair le haghaidh iasachtaí ó ioncaim urghnácha a eascraíonn as sócmhainní ceannasacha blocáilte na Rúise.
An tSaoráid don Úcráin
Chun tacú leis an Úcráin ina hiarrachtaí fadtéarmacha chun téarnamh ón gcogadh agus chun obair a dhéanamh chun ballraíocht san Aontas a bhaint amach, sheol an tAontas ionstraim airgeadais thiomnaithe do na blianta 2024 go dtí 2027.
Cuireann an tSaoráid don Úcráin ar a chumas don Aontas tacaíocht airgeadais intuartha sholúbtha suas le €50 billiún a chur ar fáil don Úcráin le linn na tréimhse sin. Go dtí seo, tá cúnamh díreach os cionn €31.4 billiún san iomlán curtha ar fáil don Úcráin.
Bearta chun tacú le geilleagar na hÚcráine
I mí Feabhra 2023, shínigh an Coimisiún Eorpach agus an Úcráin comhaontú go dtiocfadh an Úcráine isteach i gClár an Mhargaidh Aonair (SMP). Tacóidh an comhaontú sin le gnólachtaí na hÚcráine tríd an méid seo a leanas a éascú:
- rochtain ar mhargaí
- timpeallacht fhabhrach ghnó
- fás inbhuanaithe
- idirnáisiúnú
Tháinig comhaontú trádála nuashonraithe idir an tAontas agus an Úcráin i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2025. Leis an gcomhaontú nuashonraithe, cuirfear feabhas ar shreafaí trádála, agus íogaireacht earnálacha talmhaíochta áirithe de chuid an Aontais á cur san áireamh go hiomlán ag an am céanna. Rannchuideoidh sé freisin chun an Úcráin a lánpháirtiú de réir a chéile i margadh aonair an Aontais trí thacú leis an tír cinnte a dhéanamh go bhfuil sí ag teacht le caighdeáin an Aontais.
Ina theannta sin, tá bearta coimirce maidir le hiompórtálacha áirithe ón Úcráin curtha ar fionraí ag an Aontas, cuir i gcás iarann agus cruach, chun tacú le geilleagar na hÚcráine. Beidh feidhm ag an bhfionraíocht go ceann 3 bliana.
Bunaíodh na Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas agus an Úcráin i mí na Bealtaine 2022 agus cuidíonn siad lena chinntiú gur féidir leis an Úcráin leanúint dá hearraí a easpórtáil agus na hearraí a theastaíonn uaithi chun tacú lena geilleagar a iompórtáil.
Cuireann an tAontas tacaíocht ar fáil chomh maith trí ráthaíochtaí arna n-eisiúint ag institiúidí airgeadais, amhail BEI agus BEAF. Cuirfidh sé sin ar a chumas do rialtas na hÚcráine creidmheas a chur ar fáil agus cuirfidh sé ar a gcumas do chuideachtaí seirbhísí ríthábhachtacha a chur ar fáil.
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 14 Deireadh Fómhair 2026