Tá an t-eolas seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Úcráinis | українська | Rúisis | русский
Freagairt láidir chuimsitheach ón Aontas
Seasann an tAontas le chéile ina thacaíocht bhuanseasmhach don Úcráin i bhfianaise chogadh foghach na Rúise agus a hiarrachtaí neamhdhleathacha chun críocha na hÚcráine a ionghabháil. Táimid tiomanta leanúint de thacaíocht pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta a chur ar fáil don Úcráin agus dá muintir a fhad is gá.
Tacaíocht iomlán ón Aontas don Úcráin
San iomlán, €220.2 billiún atá i dtacaíocht an Aontais don Úcráin ó thosaigh cogadh foghach na Rúise. Tá an méid seo a leanas san áireamh ann:
- €107 mbilliún curtha ar fáil nó ráthaithe ag buiséad an Aontais
- €77 mbilliún de bhearta cúnaimh mhíleata
- suas le €17 mbilliún chun cabhrú leis na Ballstáit freastal ar riachtanais mhuintir na hÚcráine san Aontas
- €15.5 billiún de thacaíocht ó Bhallstáit den Aontas
- €3.8 billiún ó fháltais shócmhainní díchumasaithe na Rúise
Tacaíocht curtha ar fáil trí bhuiséad an Aontais
Ó thús an ionsaithe, tá €107 mbilliún de thacaíocht don Úcráin curtha ar fáil nó ráthaithe ag buiséad an Aontais. Tá an méid seo a leanas san áireamh ann:
- €43.3 billiún i gcúnamh macrairgeadais a eisíocadh chun cabhrú leis an Úcráin aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha ar an láthair
- €42 bhilliún i gcúnamh díreach agus indíreach faoin tSaoráid don Úcráin
- €11.6 billiún eisíoctha faoin Iasacht Tacaíochta don Úcráin
- €2.8 billiún in iasachtaí agus ráthaíochtaí ó BEI, ó BEAF agus ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile arna ráthú ag an Aontas
- €1.4 milliún i gcabhair dhaonnúil
- €1.2 billiún i gcomhar déthaobhach
- €4.5 billiún de chineálacha eile tacaíochta
Tá an méid seo a leanas i measc na gcineálacha eile tacaíochta:
- Cúnamh macrairgeadais+: fóirdheontas ráta úis: €1.7 billiún
- Tacaíocht ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa le haghaidh Lánaí Dlúthpháirtíochta: €1.6 billiún
- Pacáiste éigeandála: €330 milliún
- Bearta freagartha ar ghéarchéimeanna: €319 milliún
- Tionscadail atá ar siúl faoi láthair atá coigeartaithe chun freastal ar riachtanais phráinneacha ar an láthair: €315 mhilliún
- Athshlánú scoileanna agus busanna scoile: €114 mhilliún
- Comhar maidir le sábháilteacht núicléach: €108 milliún
Cineálacha tacaíochta ón Aontas

Cobhsaíocht eacnamaíoch agus téarnamh na hÚcráine a chinntiú

Cabhair agus tearmann a chur ar fáil do mhuintir na hÚcráine

Aghaidh a thabhairt ar riachtanais fuinnimh láithreacha na hÚcráine agus ar an tslándáil fuinnimh fhadtéarmach

Tacú le téarnamh agus atógáil na hÚcráine, agus lena conair i dtreo aontachas leis an Aontas Eorpach

Cinnte a dhéanamh de go bhfanfaidh bealaí trádála na hÚcráine ar oscailt

Aghaidh a thabhairt ar riachtanais mhíleata agus chosanta na hÚcráine, ó oiliúint go trealamh agus armlón
Doiciméid
Bileoga eolais maidir le dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin
Foilseacháin ina mínítear gníomhaíochtaí an Aontais mar fhreagairt ar ionradh na Rúise ar an Úcráin.
Athbhreithníodh an leathanach seo den uair dheireanach an 21 Lúnasa 2026
