Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Cabhair dhaonnúil an Aontais don Úcráin

Tá an t-eolas seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Úcráinis | українська | Rúisis | русский

Cabhair dhaonnúil agus cosaint shibhialta

Ina theannta sin, seachadadh níos mó ná 159,000 tona de chúnamh comhchineáil chuig an Úcráin ó Bhallstáit an Aontais agus ó chomhpháirtithe trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.

Tá aslonnuithe leighis á gcomhordú ag an Aontas d’othair ón Úcráin a bhfuil cóireáil de dhíth orthu go práinneach. Go dtí seo tá breis is 5,000 othar aistrithe ag an Aontas chuig ospidéil ar fud na hEorpa chun cúram speisialaithe a fháil.

In 2022 shlóg an tAontas €330 milliún le haghaidh clár tacaíochta éigeandála a chuidigh chun rochtain a chinntiú ar earraí agus seirbhísí bunúsacha, amhail oideachas, cúram sláinte agus bia. Chuidigh an clár tacaíochta freisin leis an daonra a chosaint, daoine atá easáitithe ina dtír féin agus na pobail óstacha san áireamh, agus chun tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide agus leis an talmhaíocht.

Tacú le hiarrachtaí dímhianaithe san Úcráin

Gheall an tAontas agus a Bhallstáit €500 milliún i dtreo dímhianú daonnúil san Úcráin idir 2022 agus 2030, rud a fhágann gur príomhdheontóirí iad sa réimse sin.

Tá an tAontas ag tacú le hiarrachtaí gníomhaíochta mianach na hÚcráine trí acmhainneachtaí náisiúnta a neartú, trí oiliúint a chur ar dhímhianadóirí na hÚcráine agus iad a fheistiú, agus trí ghlacadh cur chuige nuálach maidir le gníomhaíocht mianach a chur chun cinn, úsáid madraí dímhianaithe san áireamh. Cuidíonn an cúnamh sin chun limistéir éillithe a dhéanamh sábháilte do shibhialtaigh, agus téarnamh agus atógáil na tíre á gcumasú ag an am céanna.

Mar chuid de na hiarrachtaí sin, tá Comhdháil um Ghníomhaíocht Mianach na hÚcráine 2026 á comhóstáil ag an Aontas agus ag an Úcráin sa Bhruiséil ón 16 go dtí an 18 Samhain. Is é is aidhm don imeacht tacaíocht idirnáisiúnta a shlógadh, comhpháirtíochtaí domhanda a neartú, agus cur chuige nuálach maidir le gníomhaíocht mianach a chur chun cinn, san Úcráin agus níos faide i gcéin.

Tacaíocht rescEU

Cosaint shealadach

Ó shin i leith, chuir tíortha an Aontais fáilte roimh níos mó ná ceithre mhilliún duine ón Úcráin faoin scéim cosanta sealadaí sin. Chomhaontaigh an tAontas síneadh a chur leis an gcosaint shealadach go dtí mí an Mhárta 2028, ó tharla gur léir i gcónaí an gá atá le daoine atá ag teitheadh ón Úcráin a chosaint.

Thug an Coimisiún an tsolúbthacht is mó is féidir isteach ionas gur féidir leis na Ballstáit cistí comhtháthaithe nár caitheadh a úsáid freisin chun tacú le daoine atá ag teitheadh ón gcogadh. A bhuí leis sin, tá suas le €17 mbilliún curtha ar fáil chuige sin.

Tacaíocht do leanaí de chuid na hÚcráine

Leanaí na hÚcráine a thabhairt ar ais abhaile

Ó thús ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin in 2022, díbríodh níos mó ná 20,500 leanbh ón Úcráin go neamhdhleathach agus aistríodh iad le forneart chuig an Rúis agus chuig na críocha atá faoi fhorghabháil shealadach.

Rinne an tAontas comhchathaoirleacht leis an Úcráin agus le Ceanada ar chruinniú ardleibhéil den Chomhghuaillíocht Idirnáisiúnta um Fhilleadh na Leanaí as an Úcráin an 11 Bealtaine 2026. Le linn an imeachta, gheall na rannpháirtithe go gcuirfidís dlús leis an ngníomhaíocht chun filleadh gach linbh ón Úcráin a thóg an Rúis a chinntiú, chomh maith le cuntasacht iomlán as na coireanna sin.

Faigh tuilleadh eolais faoin gcruinniú ardleibhéil 

Scéalta ar an láthair

Athbhreithníodh an leathanach seo den uair dheireanach an 2 Meán Fómhair 2026