Tá an t-eolas seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Úcráinis | українська | Rúisis | русский
Líne tharrthála do gheilleagar na hÚcráine agus beart ríthábhachtach don tslándáil bhia ar fud an domhain
Tá sé ríthábhachtach don Úcráin a bealaí trádála a choinneáil ar oscailt ionas gur féidir le hearraí sreabhadh sa dá threo. Ó bhí Feabhra 2022 ann tá cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ag cur bac ar an sreabhadh sin.
I mí na Bealtaine 2022, sheol an Coimisiún Plean Gníomhaíochta na Lánaí Dlúthpháirtíochta chun bealaí malartacha lóistíochta a bhunú d’iarnród, de bhóthar agus ar uiscebhealaí intíre, bealaí ar a dtugtar Lánaí Dlúthpháirtíochta.
Tábhacht na Lánaí Dlúthpháirtíochta
Tá siad ríthábhachtach chun slándáil bia an domhain a chosaint
Tá siad ríthábhachtach chun earraí talmhaíochta a easpórtáil ón Úcráin
Is iad an príomhbhealach iad ar féidir leis an Úcráin na hearraí go léir atá de dhíth uirthi a iompórtáil (breosla, cabhair dhaonnúil)
Cén chabhair a cuireadh ar fáil a bhuí leis na Lánaí Dlúthpháirtíochta?
Ó mhí na Bealtaine 2022 i leith, tá na Lánaí Dlúthpháirtíochta ag cur ar chumas na hÚcráine beagnach 220 milliún tona earraí a easpórtáil, beagnach 93 mhilliún tona gráin, barr olashíl, agus táirgí gaolmhara ina measc.
Chomh maith leis sin, chuir na Lánaí Dlúthpháirtíochta ar chumas na hÚcráine thart ar 104 mhilliún tona earraí atá de dhíth uirthi a iompórtáil: ó chabhair mhíleata agus cabhair dhaonnúil go breosla agus táirgí eile.
Meastar gurb ionann luach iomlán na trádála trí na Lánaí Dlúthpháirtíochta agus tuairim is €282 bhilliún, thart ar €208 mbilliún d’iompórtálacha chuig an Úcráin ina measc.
Ranníocaíochtaí airgeadais
Tá an Coimisiún Eorpach, in éineacht le hinstitiúidí airgeadais comhpháirtíochta, ag infheistiú i méaduithe acmhainneachta, i ndeisiúcháin, agus i leachtacht d’oibreoirí. Go dtí seo, slógadh níos mó ná €2 bhilliún le haghaidh na Lánaí Dlúthpháirtíochta chun an tslándáil bia a fheabhsú ar fud an domhain agus líne tharrthála a thabhairt do gheilleagar na hÚcráine.
Na forbairtí is tábhachtaí
- Meán Fómhair 2023
Chuir an tAontas €7 mbilliún ar fáil do thionscadail thábhachtacha bhonneagair. Osclaíodh an glao d’eintitis de chuid na hÚcráine agus na Moldóive den chéad uair.
- Iúil 2023
- Chuir an Rúis deireadh le Tionscnamh Gráin na Mara Duibhe
- Moladh i staidéar nua faoi naisc iarnróid an Aontais leis an Úcráin agus leis an Moldóiv nasc den leithead Eorpach a bhunú mar chéad chéim ó Kraków/Katowice na Polainne go Lviv na hÚcráine, agus ó Iași na Rómáine go Císineá na Moldóive.
- Meitheamh 2023
- Infheistíodh €250 milliún i 9 dtionscadal Lánaí Dlúthpháirtíocht chun na naisc trasteorann a fheabhsú idir an Úcráin, an Mholdóiv agus an tAontas.
- Comhlachú na hÚcráine le clár maoinithe bonneagair an Aontais – an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, trínar féidir leis an Úcráin cur isteach ar mhaoiniú ón Aontas i réimsí an iompair, an fhuinnimh agus cúrsaí digiteacha – ar mhaithe le feabhsú na nasc idir an tAontas agus an Úcráin. Síníodh comhaontú den chineál céanna idir an tAontas agus Poblacht na Moldóive i mí Bhealtaine 2023.
- Eanáir 2023
Cuireadh €226 mhilliún ar fáil ó ghlao Soghluaisteachta Míleata lena gcuirtear feabhas ar nascacht fhadtéarmach leis an Úcráin agus leis an Moldóiv agus lena dtreisítear na Lánaí Dlúthpháirtíochta sa Pholainn, sa Rómáin agus sa Ghearmáin.
- Nollaig 2022
Infheistíodh €240 milliún breise i dtionscadail soghluaisteachta míleata, rud a chuir feabhas ar an mbonneagar ar na Lánaí Dlúthpháirtíochta sa Ghearmáin, sa Pholainn agus sa Rómáin.
- Mí Iúil 2022
Moladh an Gréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) a shíneadh go dtí an Úcráin agus an Mholdóiv.
- Meitheamh 2022
Tuilleadh iompair de bhóthar ceadaithe mar gheall ar chomhaontuithe nua sa réimse sin idir an tAontas, an Úcráin agus Poblacht na Moldóive. Bhí tarlóirí in ann idirthurais agus oibríochtaí a dhéanamh idir na críocha sin feasta, gan ceadanna a bheith ag teastáil uathu.
Bileoga eolais
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 8 Meitheamh 2026


