Tá an t-eolas seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Úcráinis | українська | Rúisis | русский
Forléargas
Ó thús an chogaidh, tá an Rúis ag díriú go córasach ar bhonneagar fuinnimh shibhialta na hÚcráine, rud a fhágann go bhfuil cumhacht theoranta ag na milliúin Úcránach.
I ngeall ar ghanntanais fuinnimh, níl teacht ag daonra na hÚcráine ar sheirbhísí bunúsacha, ina measc sin téamh agus uisce reatha, rud a imríonn tionchar ar go leor daoine leochaileacha.
Tá an Coimisiún Eorpach tiomanta slándáil fuinnimh na hÚcráine a chinntiú. Chomh maith le haghaidh a thabhairt ar riachtanais láithreacha an phobail, táimid ag infheistiú i gcóras fuinnimh na hÚcráine chun é a dhéanamh níos athléimní san fhadtéarma.
Ní ligfidh an tAontas don Rúis tabhairt ar an Úcráin géilleadh agus leanfaidh sé de bheith ag cabhrú le muintir na hÚcráine a fhad is gá.

Aghaidh a thabhairt ar riachtanais fuinnimh láithreacha na hÚcráine
An 24 Feabhra 2026, d’fhógair an Coimisiún pacáiste €922 mhilliún chun tacú leis an Úcráin le linn gheimhreadh 2026-2027. Úsáidfear an tacaíocht sin chun tacaíocht chriticiúil a chur ar fáil do ghiniúint fuinnimh, d’athléimneacht eangaí, d’éifeachtúlacht fuinnimh agus do sholáthar teasa.
Chuidigh an tAontas chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha fuinnimh na hÚcráine le linn gheimhreadh 2025-2026 le tacaíocht €977 milliún.
I mí Eanáir 2026, sholáthair an Coimisiún 447 ngineadóir cumhachta éigeandála dar luach €3.7 milliún ó chúlchistí straitéiseacha an Aontais chun cumhacht a thabhairt ar ais d’ospidéil, do bhrúnna dídine agus do sheirbhísí criticiúla san Úcráin. Rinneadh an méid sin tar éis ionsaithe na Rúise gan staonadh ar bhonneagar fuinnimh, rud a d’fhág níos mó ná 1 mhilliún Úcránach gan leictreachas, uisce ná teas i dteochtaí seaca -20°C.
In éineacht leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, chuir an Coimisiún €50 milliún breise ar fáil freisin do Naftogaz, cuideachta fuinnimh na hÚcráine atá faoi úinéireacht stáit. Agus an Úcráin ag tabhairt aghaidh ar an aimsir gheimhridh is déine ó bhí thús an chogaidh ann, cuideoidh an cistiú sin chun soláthar téimh agus fuinnimh a chinntiú do theaghlaigh, do sheirbhísí criticiúla agus do ghnólachtaí ar fud na tíre.
I mí Lúnasa 2025 shínigh an Coimisiún comhaontú ráthaíochta leis an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) lena slógfar €500 milliún chun tacú le slándáil fuinnimh na hÚcráine roimh an ngeimhreadh. Cuideoidh an maoiniú sin chun cúlchistí gáis ídithe na tíre a athshlánú tar éis ionsaithe na Rúise ar shaoráidí táirgthe agus próiseála gáis.
Chuir an tAontas beagnach €160 milliún ar fáil chun tacú le slándáil fuinnimh na hÚcráine le linn gheimhreadh 2024-2025. Ar an méid sin bhí cabhair dhaonnúil €60 milliún do bhrúnna dídine agus do théitheoirí agus thart ar €100 milliún d’oibreacha deisiúcháin agus d’fhoinsí in-athnuaite fuinnimh.
Ina theannta sin, chun an brú atá ar chóras fuinnimh na tíre a laghdú, tá an méid seo a leanas curtha ar fáil ag an Aontas don Úcráin:
- níos mó ná 11,000 gineadóir cumhachta
- níos mó ná 7,000 claochladán
- 6 uathchlaochladán
- na mílte comhpháirteanna leictreacha
- na milliúin bolgán solais LED don Úcráin
Slándáil fuinnimh na hÚcráine a chinntiú san fhadtéarma
Chuir an Coimisiún pacáiste beart i láthair i mí Feabhra 2025 chun an Úcráin a lánpháirtiú i margadh fuinnimh an Aontais de réir a chéile agus athléimneacht fhoriomlán a córais fuinnimh a mhéadú. Bainfear an méid seo a leanas amach leis na bearta sin:
D’athlonnaigh an Coimisiún stáisiún cumhachta teirmí iomlán ón Liotuáin go dtí an Úcráin i mí na Nollag 2025. Leis an oibríocht sin, athbhunaíodh toilleadh criticiúil fuinnimh agus treisíodh go díreach eangach leictreachais náisiúnta na hÚcráine. Tá an gléasra in ann cumhacht a sholáthar do thart ar 1 mhilliún Úcránach.
Rinneadh eangach leictreachais na hÚcráine a shioncrónú le Líonra Mhór-roinn na hEorpa i mí an Mhárta 2022, rud a d’fhág gurbh fhéidir leictreachas a easpórtáil ón Aontas chuig an Úcráin.
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 15 Iúil 2026