Ní féidir le diúracáin an dlúthpháirtíocht a scriosadhBliain amháin tar éis an fheachtais ‘Busanna scoile don Úcráin’ Páistí na hÚcráine a thabhairt ar scoil go sábháilte Is é an t-oideachas bunchloch ár dtodhchaí. Tá rochtain shábháilte ar scoil ríthábhachtach i ngeall go dtugann sé tuiscint do pháistí ar ghnáthshaol agus go bhfuil sé riachtanach dá leas agus dá dtodhchaí. Mar sin féin, is é an rochtain sin go díreach atá curtha i mbaol i ngeall ar ionsaí na Rúise gan chúis gan údar, agus meastar go bhfuiltear ag cur isteach ar scolaíocht 5.7 milliún leanbh atá in aois scoile san Úcráin. Go deimhin, tá diúracáin na Rúise tar éis na mílte scoileanna Úcránacha a scriosadh nó damáiste a dhéanamh dóibh, agus mar thoradh air sin tá ar na milliúin leanaí achar i bhfad níos faide a thaisteal chun na scoile. Sin an fáth ar sheol an tAontas Eorpach a fheachtas ‘Busanna scoile don Úcráin’. Dochardo chóras oideachais na hÚcráine5.7 milliúnlíon na bpáistí in aois na scoile a raibh tionchar ag ionsaí na Rúise orthuBreis agus 2,800líon na saoráidí oideachais a ndearnadh damáiste dóibh nó a scriosadh Feachtas dlúthpháirtíochta chun busanna a bhronnadh I mí na Samhna 2022 sheol an Coimisiún, in éineacht le Céadbhean na hÚcráine, Olena Zelenska, an feachtas dlúthpháirtíochta ‘Busanna scoile don Úcráin’. D’iarr sé ar eintitis phoiblí agus phríobháideacha san Aontas agus níos faide i gcéin dul i gcomhar le chéile agus dlúthpháirtíocht a léiriú, trí bhusanna a dheonú, busanna atá riachtanach chun páistí na hÚcráine a thabhairt ar ais chun na scoile go sábháilte.An 4 Samhain 2023, thug Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, cuairt ar Chív agus, in éineacht le Céadbhean na hÚcráine, Olena Zelenska, d’fhreastail sí ar shearmanas aistrithe fheachtas dlúthpháirtíochta an Aontais ‘Busanna scoile don Úcráin’, lenar seachadadh breis agus 370 bus scoile do phobail na hÚcráine.Cheannaigh an Coimisiún 100 bus scoile, dar luach €14 mhilliún, agus bhronn údaráis, cathracha, réigiúin agus eagraíochtaí iompair i 11 thír den Aontas 271 bhus scoile trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta. Mar thoradh ar an gcogadh cruálach seo, baineadh a soineantacht agus a n-óige de na mílte páistí Úcránacha. Ach ní bhainfidh sé díobh an todhchaí gheal shona atá tuillte acu. Sin an fáth a bhfuilim sásta gur féidir linn cabhrú le páistí Úcránacha a thabhairt chun na scoile go sábháilte. An deonú de níos mó ná 370 bus scoile ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit, is léiriú é sin ar ár dtiomantas comhpháirteach don chéad ghlúin eile d’Úcránaigh. Anuraidh, le linn cuairt ar Pharlaimint na hEorpa, phléigh mé an méid sin le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen. Agus anois táthar ag tabhairt níos mó ná 370 bus do phobail na hÚcráine. Is iontach an léiriú dlúthpháirtíochta é. Seo bealach i dtreo thodhchaí ár bpáistí – an todhchaí a bheidh acu féin agus ag an tír ar fad, agus cogadh ar siúl. Is é sin atá i gceist leis na busanna scoile, agus is é sin an fáth a bhfuil siad tábhachtach. Gailearaí na bhfíseán School buses for UkraineDeparture of donated buses from Helsinki, FinlandSchool buses for Ukraine 1Departure of donated buses from Helsinki, FinlandSchool buses for UkraineDeparture of donated buses from Helsinki, FinlandDún Tacaíocht leanúnach ón Aontas Tá an Eoraip ag tacú leis an Úcráin ó thús ionsaí gan údar na Rúise. D’oscail muintir na hEorpa a gcroíthe agus a ndoirse do bhreis ag 8 milliún Úcránach a theith ó bhuamaí Putin, breis agus 4 mhilliún Úcránach ina measc a d’iarr cosaint shealadach i mBallstáit an Aontais. Chuir scoileanna na hEorpa fáilte roimh na céadta mílte páistí Úcránach. In ainneoin an scriosta agus na n-íobairtí, tá muintir na hÚcráine ag féachaint chun cinn le muinín agus le dóchas. Agus tosaíonn an todhchaí sin le cinnte a dhéanamh de go bhfuil scoileanna ar oscailt agus gur féidir le páistí iad a rochtain. Ina haitheasc ar Staid an Aontais 2022, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, tionscnamh comhpháirteach in éineacht le Céadbhean na hÚcráine, Olena Zelenska, maidir le hathshlánú scoileanna de chuid na hÚcráine a ndearnadh damáiste dóibh. I mí na Nollag 2022 shínigh an Coimisiún agus Rialtas na hÚcráine pacáiste tacaíochta €100 milliún chuige sin. Bainfidh an tacaíocht an Úcráin amach trí chomhpháirtithe daonnúla an Aontais agus cuid eile mar thacaíocht bhuiséadach do Rialtas na hÚcráine.Ag an am céanna, in éineacht le hAireacht Chlaochlaithe Dhigitigh na hÚcráine agus DIGITALEUROPE, eagraíocht Eorpach a dhéanann ionadaíocht ar thionscal na teicneolaíochta digití, d’eagraigh an Coimisiún tionscnamh dar teideal Ríomhairí glúine don Úcráin. Is é an aidhm atá ann ríomhairí glúine, fóin chliste agus táibléid a bhailiú agus a sheachadadh agus freagairt ar riachtanais bhunúsacha na scoileanna, na n-ospidéal agus na riarachán poiblí sna réigiúin chogaidh is mó atá buailte san Úcráin.Chun tacú le glúin foghlaimeoirí, tá 1.5 milliún téacsleabhar seachadta ag an gCoimisiún Eorpach chuig daltaí san Úcráin chomh maith. Conas busanna a dheonú Más eintiteas poiblí nó cuideachta phríobháideach thú atá lonnaithe san Aontas agus más mian leat busanna a bhronnadh, iarrtar ort na ceisteanna coitianta thíos a léamh go cúramach ar dtús. Féadfaidh tú freisin dul i dteagmháil le hIonadaíocht an Choimisiún Eorpaigh sa tír agus beidh siad in ann tuilleadh eolais a chur ar fáil duit faoin bhfeachtas.Má tá tú réidh chun busanna a thairiscint ba chóir duit sonraí do thairisceana a ullmhú tríd an doiciméad thíos dar teideal Sonraíochtaí teicniúla le haghaidh tairiscintí busanna a líonadh isteach agus a sheoladh chuig: EU-BUSES-UKRAINEec [dot] europa [dot] eu (EU-BUSES-UKRAINE[at]ec[dot]europa[dot]eu). Léigh go cúramach an táb Mínithe sa chomhad Excel. 13 EANÁIR 2023Technical specifications for bus offers Le haghaidh ceisteanna breise, tá foireann tiomnaithe ann chun cabhrú leat ag an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha (ERCC) sa Choimisiún Eorpach. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann trí ríomhphost ag EU-BUSES-UKRAINEec [dot] europa [dot] eu (EU-BUSES-UKRAINE[at]ec[dot]europa[dot]eu). 19 SAMHAIN 2022FAQs School buses for Ukraine campaign Lean an dul chun cinn is déanaí agus bí páirteach annTelegramXFacebookInstagramLinkedInLíonraí sóisialta eile
Is é an t-oideachas bunchloch ár dtodhchaí. Tá rochtain shábháilte ar scoil ríthábhachtach i ngeall go dtugann sé tuiscint do pháistí ar ghnáthshaol agus go bhfuil sé riachtanach dá leas agus dá dtodhchaí. Mar sin féin, is é an rochtain sin go díreach atá curtha i mbaol i ngeall ar ionsaí na Rúise gan chúis gan údar, agus meastar go bhfuiltear ag cur isteach ar scolaíocht 5.7 milliún leanbh atá in aois scoile san Úcráin. Go deimhin, tá diúracáin na Rúise tar éis na mílte scoileanna Úcránacha a scriosadh nó damáiste a dhéanamh dóibh, agus mar thoradh air sin tá ar na milliúin leanaí achar i bhfad níos faide a thaisteal chun na scoile. Sin an fáth ar sheol an tAontas Eorpach a fheachtas ‘Busanna scoile don Úcráin’.
Ina haitheasc ar Staid an Aontais 2022, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, tionscnamh comhpháirteach in éineacht le Céadbhean na hÚcráine, Olena Zelenska, maidir le hathshlánú scoileanna de chuid na hÚcráine a ndearnadh damáiste dóibh. I mí na Nollag 2022 shínigh an Coimisiún agus Rialtas na hÚcráine pacáiste tacaíochta €100 milliún chuige sin. Bainfidh an tacaíocht an Úcráin amach trí chomhpháirtithe daonnúla an Aontais agus cuid eile mar thacaíocht bhuiséadach do Rialtas na hÚcráine.Ag an am céanna, in éineacht le hAireacht Chlaochlaithe Dhigitigh na hÚcráine agus DIGITALEUROPE, eagraíocht Eorpach a dhéanann ionadaíocht ar thionscal na teicneolaíochta digití, d’eagraigh an Coimisiún tionscnamh dar teideal Ríomhairí glúine don Úcráin. Is é an aidhm atá ann ríomhairí glúine, fóin chliste agus táibléid a bhailiú agus a sheachadadh agus freagairt ar riachtanais bhunúsacha na scoileanna, na n-ospidéal agus na riarachán poiblí sna réigiúin chogaidh is mó atá buailte san Úcráin.Chun tacú le glúin foghlaimeoirí, tá 1.5 milliún téacsleabhar seachadta ag an gCoimisiún Eorpach chuig daltaí san Úcráin chomh maith.