Dlíthe nua lena dtugtar aghaidh ar riachtanas práinneach
Tá úsáid neamh-inbhuanaithe acmhainní nádúrtha atá, go háirithe díghrádú agus truailliú na n-ithreacha, ar cheann de na cúiseanna is mó leis na géarchéimeanna aeráide agus bithéagsúlachta san Aontas. Chosain sí na mílte saolta agus na billiúin euro orainn cheana féin.
Tá na triomaigh, na falscaithe, an ganntanas uisce agus rioscaí tuilte ag dul i méad go gasta agus ag cruthú tubaistí cheana féin i dtrí cheathrú de thíortha na hEorpa.

Bíonn feirmeoirí agus iascairí thíos le caillteanais barr mar gheall ar dhíghrádú an chomhshaoil, ar thriomaigh, ar theaspaigh, ar thuilte agus ar lotnaidí nua. Ach cosnaíonn na rudaí sin ar shaoránaigh freisin toisc go méadaíonn siad praghsanna an bhia.
Tá bearta tugtha isteach ag an gCoimisiún a gcinntítear leo, de bharr a dtairbhí fadtéarmacha eacnamaíocha, sóisialta, sláinte agus comhshaoil, úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha
Is acmhainn nádúrtha bheo ríthábhachtach í an ithir atá riachtanach don chomhshaol, don gheilleagar agus don tsochaí. Is acmhainn nádúrtha do-athnuaite í, ina mbíonn na céadta mílte speiceas ag idirghabháil agus ag obair le chéile. Soláthraíonn na hithreacha flúirse seirbhísí éiceachórais a mbímid ag brath orthu chun tubaistí a chosc, chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus chun deimhin a dhéanamh den soláthar bia.
Leis an Dlí nua maidir le Faireachán Ithreach, cuireadh an tAontas ar chonair chuig ithreacha sláintiúla faoi 2050, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- a cheangal ar thíortha an Aontais faireachán agus measúnú a dhéanamh ar shláinte ithreach
- tacú le feirmeoirí agus le bainisteoirí ithreach chun sláinte agus athléimneacht ithreach a fheabhsú
- réiteach a chur i bhfeidhm le haghaidh láithreáin éillithe sheanbhunaithe
- eolas faoi shláinte ithreach a fheabhsú
Is féidir le teicneolaíochtaí nua cabhrú le hathléimneacht na talmhaíochta agus na talún foraoise araon a threisiú agus barra a chosaint ar éifeachtaí an athraithe aeráide, chailliúint na bithéagsúlachta agus dhíghrádú an chomhshaoil. Is uirlisí nuálacha iad Teicnící Géanómaíocha Nua (TGNanna) a chuidíonn le hinbhuanaitheacht agus athléimneacht ár gcórais bhia a mhéadú.
Cuireann siad ar ár gcumas dúinn cineálacha plandaí feabhsaithe a fhorbairt a bhíonn athléimneach ó thaobh aeráide de, a bhíonn frithsheasmhach in aghaidh lotnaidí, a dteastaíonn níos lú leasachán agus lotnaidicídí uathu agus a chinntíonn táirgeacht níos airde. Cuidíonn sin linn úsáid na lotnaidicídí ceimiceacha agus na rioscaí a bhaineann leo sin a laghdú ina leath, agus spleáchas an Aontais ar iompórtálacha talmhaíochta a laghdú.
Cad is Teicníc Ghéanómaíoch Nua ann?
Is éard atá i dTeicnící Géanómaíocha Nua teicnící a chuidíonn le cineálacha nua plandaí a phórú níos gasta agus ar bhealach níos beaichte ná mar is féidir le teicnící póraithe traidisiúnta, ar nós roghnú síolta nó an crosphórú. Is féidir éagsúlacht fhairsing de tháirgí plandaí a chruthú le TGNanna. Is féidir nach mbeidh ach athruithe beaga ar na plandaí sin a d’fhéadfadh tarlú sa dúlra nó trí phórú traidisiúnta freisin, nó is féidir go mbeidh modhnuithe níos casta i gceist.
Leis na rialacha nua a tugadh isteach i mí an Mheithimh 2026, cinntítear ardleibhéal cosanta don tsláinte agus don chomhshaol, sin agus cur leis an inbhuanaitheacht i raon leathan speiceas plandaí, agus deiseanna taighde agus nuálaíochta a chruthú.
Leis na rialacha, déantar an méid seo a leanas:
- dhá chatagóir plandaí a bhunú a fhaightear ó TGNanna – plandaí atá inchurtha le hathruithe a tharlaíonn go nádúrtha, agus plandaí a bhfuil modhnaithe níos casta déanta orthu
- an t-ualach riaracháin ar phóraitheoirí agus ar fheirmeoirí a laghdú
- ardleibhéal cosanta a chinntiú chun an tsláinte agus an comhshaol a chosaint
- foráil a dhéanamh le haghaidh monatóireacht láidir ar thionchair eacnamaíocha, chomhshaoil agus shóisialta na dtáirgí TGN
Ábhar atáirgthe plandaí agus foraoise a fheabhsú
Is í earnáil síolta na hEorpa an t-easpórtálaí is mó i margadh domhanda na síolta.
Úsáidtear ábhar atáirgthe plandaí chun plandaí eile a atáirgeadh (síolta, gearrtháin, fréamhacha, tiúbair, etc.). Ar an taobh eile, is é atá i gceist le hábhar atáirgthe foraoise (ÁAF) ná síolta, plandaí, agus codanna de speicis crann a úsáidtear chun foraoisí nua a chruthú agus chun crainn a phlandú. Tá sé tábhachtach go mbeidh an reachtaíocht bord ar bhord le héabhlóid na heolaíochta.

Leis na rialacha nua a glacadh i mí an Mheithimh 2026, déanfar an méid seo a leanas:
- cáilíocht agus infhaighteacht ÁAF a chinntiú
- foraoisí sláintiúla a chothabháil agus a chinntiú go gcuirfear an crann ceart san áit cheart chun na críche cirte
- earnáil ÁAF atá inbhuanaithe nuálach a thógáil lena dtacófar leis an mbithéagsúlacht agus lena gcuideofar chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bheidh ann amach anseo
- cáilíocht agus sláinte ÁAF a ráthú
Tuilleadh eolais maidir le hábhair atáirgthe plandaí agus foraoise
Dramhaíl bhia agus teicstíle a laghdú
Is rud é laghdú na dramhaíola bia agus teicstíle a fhéadfaidh cuidiú le húsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní nádúrtha agus le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó na hearnálacha sin a laghdú a thuilleadh.
Dul i ngleic le cur amú an bhia
Tá an tAontas agus a Bhallstáit tiomanta do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe faoina mbeidh an dramhaíl bhia dhomhanda le laghdú faoina leath ar leibhéal an mhiondíola agus ar leibhéal an tomhaltóra faoi 2030. Chun dlús a chur le dul chun cinn an Aontais, le rialacha nua an Aontais a tugadh isteach i mí Mheán Fómhair 2025, ceanglaítear ar thíortha an Aontais cur amú bia a laghdú ag na leibhéil seo a leanas:
- faoi 10% le linn próiseála agus monaraithe
- faoi 30% (in aghaidh an duine) sa mhiondíol, i mbialanna, i seirbhísí bia agus i dteaghlaigh
Má théitear i ngleic le cur amú an bhia, sábháiltear bia lena ithe ag daoine, cuidítear le gnólachtaí agus le tomhaltóirí airgead a choigilt, agus laghdaítear tionchar tháirgeadh agus thomhaltas an bhia ar an gcomhshaol.
Teicstílí inbhuanaithe agus ciorclacha
Is é tomhaltas teicstílí na hEorpa a imríonn an ceathrú tionchar is mó ar an gcomhshaol agus ar an athrú aeráide, tar éis an bhia, na tithíochta agus na soghluaisteachta. Tá sé ar na trí fhoinse bhrú is mó ar an uisce agus úsáid na talún, agus ar na cúig fhoinse bhrú is mó ó thaobh úsáid na n-amhábhar agus na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa de san Aontas.

Chun dul i ngleic le dramhaíl teicstíle, fágann rialacha nua atá i bhfeidhm ó mhí Mheán Fómhair 2025 go bhfuil táirgeoirí freagrach as saolré iomlán táirgí teicstíle agus go dtacaíonn siad le bainistiú inbhuanaithe dramhaíola teicstíle ar fud an Aontais tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- scéimeanna Freagrachta Leathnaithe Táirgeora a thabhairt isteach le haghaidh teicstílí i ngach Ballstát den Aontas, agus is iad na táirgeoirí a chlúdóidh costais bainistithe na dramhaíola teicstíle
- idirdhealú aonfhoirmeach a thabhairt isteach idir dramhaíl teicstíle agus teicstílí úsáidte – beidh ar thíortha a chinntiú go ndéanfar sórtáil ar theicstílí a bhailítear ar leithligh chun cosc a chur ar dhramhaíl a lipéadú go bréagach mar dhramhaíl in-athúsáidte.
Trí infhaighteacht teicstílí úsáidte a mhéadú, cruthaítear poist áitiúla agus go sábhálann tomhaltóirí airgead san Aontas agus níos faide i gcéin, sin agus laghdaítear an tionchar a bhíonn ag táirgeadh teicstílí ar acmhainní nádúrtha san am céanna.
Tuilleadh eolais faoi theicstílí inbhuanaithe agus ciorclacha
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 8 Iúil 2026