Glao ar iarratais
Níl aon ghlao ar chuairteanna staidéir ar oscailt faoi láthair. Foilseofar an chéad ghlao eile (le haghaidh cuairteanna i mí Mheán Fómhair agus mí na Nollag 2026) ar an suíomh gréasáin seo i mí na Bealtaine/mí an Mheithimh 2026.
Eolas faoi chuairteanna staidéir
Le cuairt staidéir a thabhairt ar Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta, is féidir le mic léinn atá ag déanamh staidéar ar an ateangaireacht chomhdhála eolas a chur ar shaol gairmiúil an ateangaire comhdhála a oibríonn sna hinstitiúidí Eorpacha.
Deis ar leith atá ann d’ábhar ateangairí eolas a fháil ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an Ard-Stiúrthóireacht, fáil amach faoi na caighdeáin ghairmiúla is gá chun bheith ag obair sna hInstitiúidí Eorpacha, foghlaim faoin dul chun cinn is déanaí sna teicneolaíochtaí nua a bhaineann leis an ateangaireacht chomhdhála agus cleachtadh a dhéanamh i mbréagbhothán in éineacht le hoiliúnóir ar feadh aon lá amháin.
Formáidí cuairte
Cuairteanna ó ollscoileanna a bhfuil AS na hAteangaireachta ag obair i gcomhar leo faoi láthair:
- Cuairt ar AS na hAteangaireachta agus ar sheirbhís ateangaireachta Pharlaimint na hEorpa (AS LINC) in éineacht:
cuairt 3 lá; dhá lá in AS na hAteangaireachta agus lá amháin i bParlaimint na hEorpa, ó Luan go Céadaoin de ghnáth - Cuairteanna ar AS na hAteangaireachta amháin:
2 lá nó 3 lá – socrófar fad na cuairte cás ar chás
Cuairteanna ó ollscoileanna nach bhfuil Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta ag obair i gcomhar leo faoi láthair:
- Leathlá nó lá iomlán
Conas iarratas a dhéanamh
- Is ar cheannairí cúrsaí ollscoile, seachas mic léinn aonair, atá sé iarratais ar chuairt staidéir a chur isteach
- Is ar bhonn leas Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta agus sheirbhís ateangaireachta Pharlaimint na hEorpa a dhéantar na hiarratais a mheas.
- Is faoi réir fhormheas na Stiúrthóirí/na gCeann Aonaid ábhartha a ghlacfar le hiarratais agus ar choinníoll go mbíonn baill foirne ar fáil.
- Idir Feabhra agus Bealtaine is mó a bhíonn éileamh ar chuairteanna. Iarrtar ar ollscoileanna dátaí malartacha a lua don tréimhse idir Meán Fómhair agus Eanáir agus/nó i mí an Mheithimh. Is mór ag Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta agus seirbhís ateangaireachta Pharlaimint na hEorpa má léiríonn mic léinn an tsolúbthacht glacadh le dátaí malartacha.
Ní mór a thabhairt ar aire gur seirbhísí feidhmiúla Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta agus seirbhís ateangaireachta Pharlaimint na hEorpa. Mura bhfuil cúrsaí ateangaireachta ar fáil san ollscoil a bhfuil tú ag freastal uirthi agus más mian leat eolas a fháil ar ghnéithe ginearálta (teanga) an Choimisiúin Eorpaigh, is féidir leat cuairt a eagrú trí Ionad Cuairteoirí an Choimisiúin Eorpaigh.
Teagmháil
Cuairt staidéir ar Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta
- Ainm
- Cuairt staidéir ar Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta
- Seoladh ríomhphoist
- scic-study-visits
ec [dot] europa [dot] eu
Cuairteanna Staidéir ar Pharlaimint na hEorpa
- Ainm
- Cuairteanna Staidéir ar Pharlaimint na hEorpa
- Seoladh ríomhphoist
- LINC [dot] universities
europarl [dot] europa [dot] eu