Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Cad é Staid an Aontais?

Leagan soléite: Sa leagan seo, úsáidtear teanga shimplí agus sainmhínithe simplí chun go mbeidh sé níos éasca an t-eolas a thuiscint.

Gach bliain, tugann Uachtarán1 an Choimisiúin2 Eorpaigh óráid thábhachtach. 

Tugtar Staid an Aontais ar an óráid sin. 

Tugann an tUachtarán an óráid i bParlaimint na hEorpa3. 

Éisteann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa4 leis an óráid. 

Is iad muintir an Aontais Eorpaigh5 a thoghann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa.


Sainmhínithe

  1. Is é an tUachtarán atá i gceannas ar an gCoimisiún Eorpach. 
    Is é an tUachtarán a thugann an óráid ar Staid an Aontais gach bliain.
  2. Is grúpa daoine é an Coimisiún Eorpach. 
    Molann siad dlíthe agus pleananna nua don Aontas Eorpach.
  3. Is grúpa daoine í Parlaimint na hEorpa. 
    Is iad muintir an Aontais Eorpaigh a thoghann iad. 
    Déanann siad cinntí maidir le dlíthe nua.
  4. Is iad Feisirí de Pharlaimint na hEorpa na daoine i bParlaimint na hEorpa. 
    Is iad muintir an Aontais Eorpaigh a thoghann iad.
  5. Is grúpa de 27 dtír san Eoraip atá san Aontas Eorpach. 
    Oibríonn na tíortha sin le chéile. 
    Ceapann siad roinnt dlíthe le chéile.

Cad atá i gceist leis an óráid?

  • Labhraíonn an tUachtarán faoin méid a tharla le bliain anuas.
  • Deir an tUachtarán an méid atá tábhachtach don Aontas Eorpach san am i láthair.
  • Insíonn an tUachtarán faoi phleananna nua. 

Tugann an Coimisiún Eorpach pleananna nua ar na tionscnaimh6 sin.

Oibreoidh an Coimisiún Eorpach ar na tionscnaimh sin sa bhliain amach romhainn. 

Tá plean níos mó ag an gCoimisiún Eorpach freisin. 

Maireann an plean níos mó sin ar feadh 5 bliana. 

Tá na tionscnaimh mar chuid den phlean níos mó.


Sainmhíniú

       6. Is éard is tionscnamh ann plean nua nó smaoineamh nua le haghaidh dlí. 
           Is mian leis an gCoimisiún Eorpach obair a dhéanamh ina leith.


Cén fáth a dtugann an tUachtarán an óráid?

  • Is é an tUachtarán atá i gceannas ar an gCoimisiún Eorpach.
  • Ní féidir ach leis an gCoimisiún Eorpach dlíthe agus pleananna nua a mholadh.
  • Is dlíthe iad sin don Aontas Eorpach ina iomláine.

Cad a tharlaíonn tar éis na hóráide?

Tar éis na hóráide, labhraíonn Feisirí de Pharlaimint na hEorpa faoi na pleananna.

  • Is féidir leo athruithe a iarraidh.
  • Is féidir leo a rogha rud a rá. 

Cuireann Comhairle an Aontais Eorpaigh7 a tuairim in iúl faoi na pleananna freisin. 

Éisteann an Coimisiún Eorpach le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa.


Sainmhíniú

       7. Is cruinniú í Comhairle an Aontais Eorpaigh. 
           Tagann rialtais thíortha an Aontais Eorpaigh le chéile ansin. 
           Cinneann Comhairle an Aontais Eorpaigh dlíthe nua in éineacht le Parlaimint na hEorpa.


Éisteann an Coimisiún Eorpach le Comhairle an Aontais Eorpaigh freisin. 

Baineann an Coimisiún Eorpach úsáid as na smaointe uaithi. 

Is féidir le gach duine a fheiceáil conas a dhéanann an tAontas Eorpach a chinntí. 

Ansin, scríobhann an Coimisiún Eorpach a Chlár Oibre. 

Is liosta é an Clár Oibre. 

Cuirtear dlíthe nua agus pleananna don bhliain atá le teacht ar an liosta.