Cuidíonn daoine atá ag obair sa Choimisiún Eorpach chun todhchaí na hEorpa a mhúnlú agus is gá dóibh feidhmiú ar an leibhéal is airde ar mhaithe le gach Eorpach. Leanfaidh an Coimisiún den obair chun ionad oibre nua-aimseartha agus gairmeacha beatha a thairiscint dá fhoireann, chun na daoine is fearr a mhealladh agus a choinneáil ar fud Bhallstáit uile an Aontais.

Difear a dhéanamh
Ar mhaith leat cuidiú le todhchaí an Aontais Eorpaigh a mhúnlú? An pláinéad a dhéanamh níos glaise, sochaí níos cothroime a chur chun cinn, nó tacú le gnólachtaí agus leis an nuálaíocht ar fud an Aontais? Tar ag obair leis an gCoimisiún Eorpach mar ar féidir leat difríocht mhór a dhéanamh!
Is grúpa daoine éagsúla iad baill foirne an Choimisiúin atá spreagtha chun cuidiú le háit níos fearr a dhéanamh den Eoraip, agus den domhan. Is as 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh iad. I ngeall ar na náisiúntachtaí, na teangacha agus na cultúir éagsúla, is ionad oibre bríomhar ionchuimsitheach é an Coimisiún. I measc na ndeiseanna fostaíochta tá rúnaithe, eolaithe, lucht ceaptha beartas, eacnamaithe, idirbheartaithe trádála agus cigirí núicléacha. Féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil faoi chomhdhéanamh na mball foirne ó na príomhfhigiúir agus staitisticí oifigiúla.
Cuir aithne ar níos mó ball foirne sa Choimisiún
Do chéad phost eile sa Choimisiún
Cuireann an Coimisiún deiseanna fostaíochta ar fáil lena ngabhann cineálacha éagsúla stádais fostaíochta, mar atá poist bhuana (státseirbhísigh), poist foirne neamhbhuana, agus tréimhsí oiliúna.
Baill foirne bhuana
Má tá post buan á lorg agat, ní mór duit pas a fháil i gcomórtas oscailte. Is í an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) a bhainistíonn an próiseas roghnúcháin sin d’institiúidí uile an Aontais Eorpaigh. Féach leat suíomh gréasáin EPSO chun fáil amach conas iarratas a dhéanamh.
Nuair a éireoidh comórtas leat, is féidir le hinstitiúid ar bith de chuid an Aontais Eorpaigh tú a earcú ó phainéal na n-iarrthóirí ar éirigh leo.
Baill foirne neamhbhuana
Is féidir leat iarratas a dhéanamh freisin ar phost ar théarma seasta mar bhall foirne sealadach nó mar bhall foirne ar conradh. Bíonn na próisis roghnúcháin éagsúil ag brath ar an gcatagóir foirne agus ar an gcineál conartha. Ina measc sin tá poist rúnaíochta, speisialaithe agus bhainistíochta.
Tréimhse oiliúna
Dhá uair sa bhliain, cuireann an Coimisiún Eorpach tréimhsí oiliúna íoctha 5 mhí ar fáil do 1,800 céimí ollscoile. Tosaíonn siad sin gach mí an Mhárta agus mí Dheireadh Fómhair. Féach leat conas a bheith i d’oiliúnaí.
An saol sa Choimisiún Eorpach
Cuireann poist sa Choimisiún gairmeacha éagsúla sásúla ar fáil i dtimpeallacht bhríomhar ilteangach ilchultúrtha, mar aon le deiseanna foghlama agus forbartha gairme den scoth, dálaí oibre iomaíocha solúbtha agus timpeallacht oibre nua-aimseartha.

Is fostóir glas cuimsitheach é an Coimisiún Eorpach a chuireann dálaí oibre solúbtha, cothromaíocht shláintiúil oibre is saoil agus deiseanna foghlama ar fáil.

Tugann gairmréim sa Choimisiún deis duit dul ag obair in go leor réimsí éagsúla agus aistriú chuig ranna eile de chuid an Choimisiúin, chuig tíortha eile nó chuig institiúidí eile de chuid an Aontais.
Tallann a mhealladh ó na Ballstáit uile
Tá Cinneadh glactha ag an gCoimisiún Eorpach chun a chinntiú go mbeidh láithreacht chothrom ag gach náisiúntacht de chuid an Aontais i measc na mball foirne. Leis an gCinneadh sin, tugtar isteach bearta níos láidre chun aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann, agus prionsabal na hearcaíochta bunaithe ar fhiúntas á choinneáil ag an am céanna.
Faoi láthair, tá 15 as 27 náisiúntacht faoi ghannionadaíocht i measc baill foirne an Choimisiúin. Leis an gCinneadh, déantar comhlánú ar iarrachtaí a rinneadh roimhe seo chun aghaidh a thabhairt ar na míchothromaíochtaí, Pleananna Gníomhaíochta Comhpháirteacha a forbraíodh leis na 15 thír faoi ghannionadaíocht ina measc.
Leis an gCinneadh sin, cuirtear uirlisí breise ar fáil don Choimisiún atá nasctha leis na próisis roghnúcháin agus earcaíochta, chun feabhsuithe a bhaint amach de réir a chéile ar láithreacht náisiúnach faoi ghannionadaíocht.
I Litir Mhisin an Choimisinéara Piotr Serafin, atá i gceannas ar an mBuiséad, ar an gCalaois agus ar an Riarachán Poiblí, bhí sé ina thosaíocht pholaitiúil go léireodh ár lucht saothair sochaí na hEorpa ar bhealach níos fearr.
Leagtar amach iarrachtaí uile an Choimisiúin chun aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí sna Pleananna Gníomhaíochta Comhpháirteacha maidir leis an gCothromaíocht Gheografach. Rinneadh an chéad mheasúnú orthu sin in 2024. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi na Pleananna Gníomhaíochta (2023) ag an nasc thíos.
Doiciméid

- Foilseacháin Ghinearálta
- 6 Samhain 2025

- Foilseacháin Ghinearálta
- 6 Samhain 2025
- 11 IÚIL 2025
- 19 EANÁIR 2023
- български(62.36 KB - PDF)
- español(79.36 KB - PDF)
- čeština(80.23 KB - PDF)
- dansk(91.36 KB - PDF)
- Deutsch(89.44 KB - PDF)
- eesti(59.97 KB - PDF)
- ελληνικά(79.51 KB - PDF)
- English(85.16 KB - PDF)
- français(80.9 KB - PDF)
- hrvatski(53.42 KB - PDF)
- italiano(60.19 KB - PDF)
- latviešu(60.58 KB - PDF)
- lietuvių(60.73 KB - PDF)
- magyar(61.41 KB - PDF)
- Malti(62.27 KB - PDF)
- Nederlands(60.22 KB - PDF)
- polski(62.21 KB - PDF)
- português(61.46 KB - PDF)
- română(78.77 KB - PDF)
- slovenčina(61.55 KB - PDF)
- slovenščina(60.17 KB - PDF)
- suomi(78.41 KB - PDF)
- svenska(61.19 KB - PDF)

