Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan

Plean d’iomaíochas agus do dhícharbónú an Aontais

Gné eile den Chomhaontú is ea an chiorclaíocht, a bhfuil sé mar aidhm aici dramhaíl a laghdú agus síneadh a chur le saol na n-ábhar trí athchúrsáil, athúsáid agus táirgeadh inbhuanaithe. Tá sé ríthábhachtach acmhainní teoranta an Aontais a uasmhéadú agus róspleáchas ar sholáthróirí amhábhar tríú tír a laghdú chun go mbeidh margadh iomaíoch athléimneach againn.    

Príomhghnéithe an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan

Fuinneamh inacmhainne 

Is é fuinneamh inacmhainne bunús an iomaíochais. Chun billí fuinnimh a laghdú do thionscail, do ghnólachtaí agus do theaghlaigh, agus an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin á chur chun cinn ag an am céanna, ghlac an Coimisiún an plean gníomhaíochta um fhuinneamh inacmhainne chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • dlús a chur le feidhmiú céimneach an fhuinnimh ghlain, agus dlús a chur leis an leictriú
  • an margadh inmheánach fuinnimh a chomhlánú le hidirnaisc fhisiceacha
  • fuinneamh a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla agus an spleáchas ar bhreoslaí iontaise iompórtáilte a laghdú

Borradh a chur faoin éileamh ar tháirgí glana

Leis na ngníomh um dhlús a chur leis an dícharbónú tionsclaíoch, méadófar an t-éileamh ar tháirí glana a dhéantar san Aontas trí chritéir inbhuanaitheachta, athléimneachta agus ‘déanta san Eoraip’ a thabhairt isteach i dtaca le soláthar poiblí agus príobháideach.  

In 2026 déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú freisin ar an gcreat soláthair phoiblí chun critéir inbhuanaitheachta, athléimneachta agus tosaíochta Eorpacha a thabhairt isteach sa soláthar poiblí le haghaidh earnálacha straitéiseacha. 

An t-aistriú glan a mhaoiniú

Leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, slógfar breis agus €100 billiún chun tacú le monaraíocht ghlan a dhéantar san Aontas. An Coimisiún 

  • i mí an Mheithimh 2025, ghlac sé Creat státchabhrach nua i ndáil leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan chun dlús a chur le formheas na státchabhrach chun foinsí in-athnuaite a chur i bhfeidhm, chun an tionscal a dhícharbónú agus chun acmhainneacht mhonaraíochta leordhóthanach teicneolaíochta glaine a chinntiú
  • neartóidh sé Ciste don Nuálaíocht agus molfaidh sé banc um dhícharbónú tionsclaíoch a mbeidh €100 billiún i maoiniú d’aidhm aige, é bunaithe ar chistí atá sa Chiste don Nuálaíocht, ar ioncam breise a thiocfaidh as codanna den chóras trádála astaíochtaí agus as an athbhreithniú ar InvestEU
  • seolfaidh sé glao tiomnaithe faoin gclár Fís Eorpach chun taighde agus nuálaíocht a spreagadh sna réimsí sin
  • déanfaidh sé leasú ar Rialachán InvestEU chun méid na ráthaíochtaí airgeadais ó InvestEU ar féidir a chur ar fáil chun tacú le hinfheistíochtaí a mhéadú. Dá réir sin, slógfar suas le €50 billiún chun teicneolaíocht ghlan a chur in úsáid, agus le haghaidh soghluaisteacht ghlan agus laghdú dramhaíola freisin

Ciorclaíocht agus rochtain ar ábhair 

Tá amhábhair chriticiúla ríthábhachtach dár dtionscal. Ní mór don Aontas rochtain ar na hábhair sin a dhaingniú agus an spleáchas ar sholáthraithe neamhiontaofa a laghdú. Tá sé ríthábhachtach an chiorclaíocht a chomhtháthú inár straitéis dícharbónaithe chun an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainní teoranta an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas: 

  • sásra a chur ar bun lena gcuirfear ar a gcumas do chuideachtaí Eorpacha teacht le chéile agus a n-éileamh ar amhábhair chriticiúla a chomhiomlánú
  • lárionad amhábhar criticiúil an Aontais a chruthú chun amhábhair a cheannach go comhpháirteach ar son cuideachtaí leasmhara, rud a chruthóidh barainneacht scála agus a chuirfidh tuilleadh giarála ar fáil chun idirbheartaíocht a dhéanamh le haghaidh praghsanna agus coinníollacha níos fearr
  • gníomh um an ngeilleagar ciorclach a ghlacadh in 2026 chun dlús a chur leis an aistriú ciorclach agus chun a chinntiú go ndéanfar ábhair ghanna a úsáid agus a athúsáid ar bhealach éifeachtúil, go laghdófar ár spleáchais dhomhanda agus go gcruthófar poist ar ardchaighdeán. Is é an aidhm atá ann 24% de na hábhair a bheith ciorclach faoi 2030

Gníomhú ar scála domhanda 

Tá comhpháirtithe iontaofa domhanda de dhíth ar an Aontas níos mó ná riamh. Chomh maith le comhaontuithe trádála atá ar siúl faoi láthair agus comhaontuithe trádála nua, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas: 

  • na Comhpháirtíochtaí Trádála agus Infheistíochta Glana a sheoladh chun slabhraí soláthair a éagsúlú agus comhaontuithe a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh a chruthú; síníodh an chéad chomhpháirtíocht den sórt sin leis an Afraic Theas i mí na Samhna 2025
  • cinnte a dhéanamh de go mbeidh tionscal an Aontais slán agus athléimneach go heacnamaíoch i bhfianaise iomaíocht dhomhanda agus neamhchinnteacht gheopholaitiúil, trí réimse ionstraimí cosanta trádála agus eile
  • an sásra um choigeartú carbóin ar theorainneacha, arb é uirlis an Aontais chun praghas cothrom a chur ar an gcarbón a astaítear nuair atá earraí diancharbóin á dtáirgeadh, a shimpliú agus a neartú

Chuir an Coimisiún fís dhomhanda nua an Aontais maidir leis an aeráid agus le fuinneamh chun cinn i mí Dheireadh Fómhair 2025, chun a leagan amach conas is féidir leis an Aontas aistriú domhanda glan athléimneach a mhúnlú, comhpháirtíochtaí á neartú agus é ag cur le hiomaíochas an Aontais ag an am céanna.

Scileanna agus poist ar ardchaighdeán 

Ní mór na scileanna riachtanacha a bheith ag lucht saothair an Aontais chun tacú leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, scileanna i dteicneolaíochtaí glana, sa digitiú agus san fhiontraíocht ina measc.  

Bhunaigh an Coimisiún aontas na scileanna lena dhéantar infheistíocht in oibrithe, lena bhforbraítear scileanna agus lena gcruthaítear poist ar ardchaighdeán.  

Treiseoidh Erasmus+ cláir oideachais agus oiliúna chun lucht saothair oilte agus inoiriúnaithe a fhorbairt, agus chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna i bpríomhearnálacha, le maoiniú suas le €90 milliún

Díreoidh an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan freisin ar chumasóirí cothrománacha atá riachtanach do gheilleagar iomaíoch, is iad sin:  

  • rómhaorlathas a laghdú,  
  • leas iomlán a bhaint as scála an mhargaidh aonair,  
  • poist ar ardchaighdeán a chur chun cinn,
  • comhordú níos fearr a dhéanamh ar bheartais ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. 

Príomhfhigiúirí

Cúlra

Ina cuid treoirlínte polaitiúla, gheall Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan a chur i gcrích laistigh den chéad 100 lá den Choimisiún, agus tús áite a thabhairt d’iomaíochas agus do rathúnas an Aontais.  

Cuireann an tionscnamh sin le hionchur ó cheannairí tionscail, ó chomhpháirtithe sóisialta agus ón tsochaí shibhialta, tar éis Dhearbhú Antuairp i dtaca le comhaontú tionsclaíochta don Eoraip agus an t-idirphlé maidir leis an aistriú glan. 

Doiciméid

  • 26 FEABHRA 2025
An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan
  • 2 IÚIL 2025
Delivering on the clean industrial deal