Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe GhlaisTionscal glan-nialasach na hEorpa a chur ar thús cadhnaíochta Réabhlóid na teicneolaíochta glaine a stiúradh Le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais, táthar ag feabhsú iomaíochas thionscal glan-nialasach na hEorpa agus ag cur dlús leis an aistriú chuig an aeráidneodracht. Déantar amhlaidh trí thimpeallacht níos tacúla a chur ar fáil chun dlús a chur le hacmhainneacht mhonaraíochta na hEorpa i dtaca le teicneolaíochtaí glan-nialasacha agus táirgí a bhfuil gá leo chun spriocanna uaillmhianacha aeráide na hEorpa a bhaint amach. Tá deis againn nach bhfaightear ach uair amháin sa saol a bheith inár n-eiseamláirí a mhéid a bhaineann le ceannaireacht thionsclaíoch an Aontais a chinntiú le luas, le huaillmhian agus le meon cuspóra in earnáil na teicneolaíochta glan-nialasaí atá ag fás go tapa. Tá rún daingean ag an Eoraip a bheith ar thús cadhnaíochta i réabhlóid na teicneolaíochta glaine. I gcás ár gcuideachtaí agus ár ndaoine, ciallaíonn sé sin scileanna a iompú ina bpoist ardcháilíochta agus an nuálaíocht ina mórtháirgeadh, a bhuí le creat níos simplí agus níos tapúla. Le rochtain níos fearr ar mhaoiniú, beidh ár bpríomhthionscail teicneolaíochta glaine in ann méadú go tapa. An bealach chuig glan-nialasach Níos mó ná €100 billiún,is é sin an luach a bhí le héiceachóras gnólachtaí nuathionscanta an Aontais in 2021, é méadaithe faoi dhó ó 2020Is mó ná 400 GWacmhainneacht táirgeachta fuinnimh in-athnuaite gaoithe agus gréine san Aontas in 2022, méadú os cionn 25% i gcomparáid le 20204.5 milliúnpost glas i ngeilleagar na hEorpa in 2019, méadú ó na 3.2 milliún post a bhí ann in 2000 Ceithre cholún an phlean Chun an Eoraip a chinntiú mar cheanncheathrú na nuálaíochta tionsclaíche agus na teicneolaíochta glaine, clúdófar ceithre phríomhcholún mar chuid de Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais: Timpeallacht rialála intuartha agus shimplitheRochtain níos tapúla ar mhaoiniúFeabhas a chur ar scileannaTrádáil oscailte do shlabhraí soláthair athléimneacha Timpeallacht rialála intuartha agus shimplithe Baineann an colún seo den phlean leis an timpeallacht rialála. Is éard atá i gceist leis sin creat níos simplí, níos tapúla agus níos intuartha a chruthú, na méideanna is gá d’amhábhair a chinntiú, agus deimhin a dhéanamh de go mbeidh úsáideoirí in ann tairbhe a bhaint as na costais ísle a bhaineann le foinsí in-athnuaite fuinnimh. Tá trí thionscnamh ann chun tacú leis an obair sin. InitiativesAn Gníomh um Thionscal Glan-NialasachSpriocanna a shainaithint maidir le hacmhainneacht thionsclaíoch ghlan-nialasach agus chun creat rialála a sholáthar a oireann dá chur in úsáid go tapaGníomh um Amhábhair ChriticiúlaRochtain imleor ar na hábhair sin a chinntiú, cuir i gcás tearc-chré, ar ábhair iad atá ríthábhachtach chun príomhtheicneolaíochtaí a mhonarúAthchóiriú ar dhearadh an mhargaidh leictreachaisCuidiú le tomhaltóirí tairbhe a bhaint as na costais níos ísle a bhaineann le foinsí in-athnuaite fuinnimh Rochtain níos tapúla ar mhaoiniú Leis an dara colún den phlean, cuirfear dlús le hinfheistíocht agus le maoiniú do tháirgeadh na teicneolaíochta glaine san Eoraip. Kitreel - adobe.stock.comFaoin mbeartas iomaíochta, tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún cothrom na Féinne a ráthú laistigh den Mhargadh Aonair agus, ag an am céanna, é a dhéanamh níos éasca do na Ballstáit an chabhair is gá a dheonú chun tús áite a thabhairt don aistriú glas. Chun na críche sin, d’fhonn dlús a chur le deonú cabhrach agus é a shimpliú, rinne an Coimisiún an méid seo a leanas:chuaigh sé i gcomhairle leis na Ballstáit agus leasaigh sé an Creat leasaithe Sealadach Géarchéime agus Aistrithe um Státchabhairrinne sé athbhreithniú ar an Rialachán Ginearálta Blocdhíolúine i bhfianaise an Chomhaontaithe GhlaisIna theannta sin, éascóidh an Coimisiún úsáid na gcistí de chuid an Aontais atá ann cheana chun nuálaíocht, monaraíocht agus cur in úsáid na teicneolaíochta glaine a mhaoiniú, é ag díriú ar REPowerEU, ar InvestEU agus ar an gCiste don Nuálaíocht. Féachfaidh an Coimisiún freisin leis an gCiste Eorpach Ceannasachta a bhunú, mar fhreagra struchtúrach meántéarmach ar na riachtanais infheistíochta. Feabhas a chur ar na scileanna riachtanacha Leis an fás ollmhór i dteicneolaíochtaí nua, teastóidh fás ollmhór uainn i réimse na scileanna agus na n-oibrithe oilte san earnáil seo. Chun na scileanna a fhorbairt a theastaíonn chun an t-aistriú glas a bhaint amach, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas: stockbusters - adobe.stock.commolfaidh sé Acadaimh an Tionscail Ghlan-Nialasaigh a bhunú chun cláir uas-scilithe agus athscilithe a chur i bhfeidhm i dtionscail straitéiseacha breathnóidh sé freisin ar an gcaoi le cur chuige ‘Tús áite do scileanna’, lena n-aithneofar scileanna iarbhír, a nascadh le cur chuige atá ann cheana atá bunaithe ar cháilíochtaíféachfaidh sé ar an gcaoi le rochtain náisiúnach tríú tír a éascú ar mhargaí saothair an Aontais in earnálacha tosaíochtaféachfaidh sé ar bhearta chun maoiniú poiblí agus príobháideach a chothú agus a ailíniú le haghaidh forbairt scileanna Trádáil oscailte chóir a éascú Baineann an ceathrú colún le comhar domhanda agus le trádáil a chur ag obair don aistriú glas, faoi phrionsabail na hiomaíochta córa agus na trádála oscailte, é ag tógáil ar an rannpháirtíocht le comhpháirtithe an Aontais agus ar obair na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT).Chuige sin, leanfaidh an Coimisiún de líonra an Aontais de Chomhaontuithe Saorthrádála agus cineálacha eile comhair a fhorbairt le comhpháirtithe chun tacú leis an aistriú glas. Ina theannta sin, leanfaidh sé den Mhargadh Aonair a chosaint ar chleachtais éagóracha trádála. Cúlra Tá rás na dteicneolaíochtaí glana faoi lán seoil. Tá tús curtha ag na geilleagair is mó ar domhan – idir na Stáit Aontaithe agus an India, an tSín agus an tSeapáin – le hinfheistíocht ollmhór a dhéanamh sa nuálaíocht ghlas. Is cinnte gur dea-scéala é sin dár bpláinéad, ach is iomaí brú a bhaineann leis i dtaca le haistriú glan an Aontais féin. Chun aistriú glan an Aontais a bhaint amach, ní mór cothrom iomaíochta domhanda agus Eorpach a bheith againn. Is éard atá i gceist leis sin ár dtionscal féin a chothú ar bhealach níos fearr – idir hidrigin agus cheimiceáin, biteicneolaíocht agus nanaitheicneolaíocht. Agus is ar mhaithe leis an sprioc sin a bhaint amach a seoladh Plean Tionsclaíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. *is é stock.adobe.com a rinne na híocóin ar an leathanach seo Doiciméid 1 FEABHRA 2023Communication: A Green Deal Industrial Plan for the Net-Zero Age 1 FEABHRA 2023Factsheet - The Green Deal Industrial Plan 1 FEABHRA 2023Statement by President von der Leyen on the Green Deal Industrial Plan 1 FEABHRA 2023Questions and answers about the Green Deal Industrial Plan Naisc ghaolmhara Iomaíochas an Aontais tar éis 2030: ag féachaint chun cinn ar ócáid chomóradh 30 bliain an Mhargaidh AonairAn Comhaontú Glas don Eoraip
An Gníomh um Thionscal Glan-NialasachSpriocanna a shainaithint maidir le hacmhainneacht thionsclaíoch ghlan-nialasach agus chun creat rialála a sholáthar a oireann dá chur in úsáid go tapa
Gníomh um Amhábhair ChriticiúlaRochtain imleor ar na hábhair sin a chinntiú, cuir i gcás tearc-chré, ar ábhair iad atá ríthábhachtach chun príomhtheicneolaíochtaí a mhonarú
Athchóiriú ar dhearadh an mhargaidh leictreachaisCuidiú le tomhaltóirí tairbhe a bhaint as na costais níos ísle a bhaineann le foinsí in-athnuaite fuinnimh
Kitreel - adobe.stock.comFaoin mbeartas iomaíochta, tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún cothrom na Féinne a ráthú laistigh den Mhargadh Aonair agus, ag an am céanna, é a dhéanamh níos éasca do na Ballstáit an chabhair is gá a dheonú chun tús áite a thabhairt don aistriú glas. Chun na críche sin, d’fhonn dlús a chur le deonú cabhrach agus é a shimpliú, rinne an Coimisiún an méid seo a leanas:chuaigh sé i gcomhairle leis na Ballstáit agus leasaigh sé an Creat leasaithe Sealadach Géarchéime agus Aistrithe um Státchabhairrinne sé athbhreithniú ar an Rialachán Ginearálta Blocdhíolúine i bhfianaise an Chomhaontaithe GhlaisIna theannta sin, éascóidh an Coimisiún úsáid na gcistí de chuid an Aontais atá ann cheana chun nuálaíocht, monaraíocht agus cur in úsáid na teicneolaíochta glaine a mhaoiniú, é ag díriú ar REPowerEU, ar InvestEU agus ar an gCiste don Nuálaíocht. Féachfaidh an Coimisiún freisin leis an gCiste Eorpach Ceannasachta a bhunú, mar fhreagra struchtúrach meántéarmach ar na riachtanais infheistíochta.
stockbusters - adobe.stock.commolfaidh sé Acadaimh an Tionscail Ghlan-Nialasaigh a bhunú chun cláir uas-scilithe agus athscilithe a chur i bhfeidhm i dtionscail straitéiseacha breathnóidh sé freisin ar an gcaoi le cur chuige ‘Tús áite do scileanna’, lena n-aithneofar scileanna iarbhír, a nascadh le cur chuige atá ann cheana atá bunaithe ar cháilíochtaíféachfaidh sé ar an gcaoi le rochtain náisiúnach tríú tír a éascú ar mhargaí saothair an Aontais in earnálacha tosaíochtaféachfaidh sé ar bhearta chun maoiniú poiblí agus príobháideach a chothú agus a ailíniú le haghaidh forbairt scileanna
Baineann an ceathrú colún le comhar domhanda agus le trádáil a chur ag obair don aistriú glas, faoi phrionsabail na hiomaíochta córa agus na trádála oscailte, é ag tógáil ar an rannpháirtíocht le comhpháirtithe an Aontais agus ar obair na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT).Chuige sin, leanfaidh an Coimisiún de líonra an Aontais de Chomhaontuithe Saorthrádála agus cineálacha eile comhair a fhorbairt le comhpháirtithe chun tacú leis an aistriú glas. Ina theannta sin, leanfaidh sé den Mhargadh Aonair a chosaint ar chleachtais éagóracha trádála.
Iomaíochas an Aontais tar éis 2030: ag féachaint chun cinn ar ócáid chomóradh 30 bliain an Mhargaidh Aonair