Achoimre
- Tá an chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais molta ag an gCoimisiún Eorpach do 2028–2034, ar a dtugtar an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) freisin
- Is fiú €2 thrilliún é thar thréimhse seacht mbliana, agus is é is aidhm dó ceannasacht na hEorpa a neartú, borradh a chur faoin iomaíochas, agus athléimneacht a chothú
- Beidh buiséad nua an Aontais níos cuíchóirithe, agus a bhuí leis, déanfar infheistíochtaí an Aontais a nuachóiriú agus iad a ailíniú ar bhealach níos straitéisí le tosaíochtaí náisiúnta agus tosaíochtaí an Aontais.
Cén chaoi a gcaithfear an t-airgead?
- €865 bhilliún, beagnach leath den bhuiséad, chun an bhearna idir réigiúin na hEorpa a dhúnadh
- €409 mbilliún chun an Eoraip a dhéanamh níos iomaíche sa gheilleagar domhanda
- €49 mbilliún chun infheistíocht a dhéanamh san oideachas (Erasmus+) agus chun luachanna daonlathacha a chur chun cinn (AgoraEU)
- €200 billiún chun comhpháirtíochtaí níos láidre a fhorbairt leis an gcuid eile den domhan
Eolas faoin gcairt seo
Is i bpraghsanna reatha atá na méideanna go léir.
*Fís Eorpach san áireamh. Níl an Ciste don Nuálaíocht (€41 bhilliún) san áireamh
**An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), cosaint shibhialta agus sláinte, Clár an Mhargaidh Aonair (SMP), Clár Taighde agus Oiliúna Euratom, an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES), ceartas, díchoimisiúnú núicléach, Tíortha agus Críocha Thar Lear (OCT), agus an clár Pericles IV
Cad iad príomhthosaíochtaí an togra nua maidir le buiséad an Aontais?
Sainaithnítear sa togra sé thosaíocht straitéiseacha lena sainítear an chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais.
- Saoránaigh
- Maoiniú don oideachas agus deiseanna do dhaoine óga chun staidéar agus obair a dhéanamh i dtír eile (e.g. tá fás 50% ag teacht ar Erasmus+)
- Tacaíocht níos láidre don tsochaí shibhialta, do shaoirse na meán, don chomhshaol, agus do luachanna daonlathacha tríd an gclár nua AgoraEU
- Ullmhúchán níos fearr agus gníomhaíocht níos tapúla le linn tubaistí nádúrtha nó cásanna éigeandála
- Rochtain níos éasca ar thithíocht inacmhainne, i bpleananna náisiúnta agus réigiúnacha freisin
- Ballstáit den Aontas Eorpach
- Rochtain níos éasca ar mhaoiniú ón Aontas trí phleananna cuíchóirithe saincheaptha
- Tuilleadh rialuithe do cheantair áitiúla maidir le conas maoiniú a úsáid agus tosaíochtaí an Aontais á gcomhlíonadh ag an am céanna
- Deiseanna nua chun iasachtaí airgid a fháil trí Catalyst Europe le coinníollacha fabhracha le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha
- Tuilleadh uirlisí straitéiseacha le haghaidh neamhthuilleamaíocht fuinnimh, nuálaíocht teicneolaíochta agus cumas cosanta
Cén chaoi a maoineoidh an tAontas an buiséad seo?
Chun an clár uaillmhianach seo a mhaoiniú gan iarraidh ar thíortha ranníocaíocht bhreise a dhéanamh, tá cúig fhoinse nua ioncaim ón Aontas molta ag an gCoimisiún Eorpach, ar a dtugtar ‘acmhainní dílse’:
- Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh
- Sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha
- Trealamh leictreach neamhbhailithe
- Dleacht mháil ar thobac
- Ranníocaíochtaí ó chorparáidí móra atá ag feidhmiú sa mhargadh aonair
Meastar go nginfidh siad €58.5 billiún in aghaidh na bliana. Cuideoidh siad leis an Aontas tosaíochtaí fadtéarmacha nua (teicneolaíochtaí digiteacha, cosanta agus glana) a mhaoiniú agus fiacha a aisíoc ó chlár téarnaimh COVID (NextGenerationEU)
Cad iad acmhainní dílse an Aontais?
Is iad acmhainní dílse na príomhbhealaí atá ag an Aontas chun airgead a chruinniú, cuir i gcás dleachtanna custaim nó sciar CBL, a théann díreach chuig buiséad an Aontais chun a thosaíochtaí a mhaoiniú.
Cad é an chéad rud eile a tharlóidh?
Téann an togra isteach anois i gcéim na caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa agus leis na Ballstáit. A luaithe a fhormheasfar é, ní hamháin go maoineofar spriocanna na hEorpa leis an gcéad bhuiséad eile de chuid an Aontais ach déanfar athmhúnlú ar an gcaoi a gcuireann an tAontas luach ar fáil thar theorainneacha agus ó ghlúin go glúin.
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 10 Meán Fómhair 2025