San fhíseán gearr seo, tabharfar forléargas duit ar an gclár agus ar na ceithre shnáithe a bhaineann leis. Moltar dóibh siúd a bhreathnaíonn ar an bhfíseán cuairt a thabhairt ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ de chuid an Choimisiúin Eorpaigh (Glaonna ar thograí | Tairseach ‘Cistiú & Tairiscintí’ an Aontais) agus féachaint ar fhíseáin bhreise chun tuilleadh eolais a fháil faoi na snáitheanna aonair (Tionscadail Cistiúcháin - an tAontas Eorpach)
An clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV) i mbeagán focal
Seoladh an clár CERV in 2021 agus mairfidh sé go ceann seacht mbliana go dtí 2027. Cruthaíodh é in éineacht leis an gclár um Cheartas 2021-2027 faoin gCiste um Cheartas, Cearta agus Luachanna.
Tá sé mar aidhm ag an gclár CERV tacú le sochaithe atá oscailte, daonlathach, cothrom, cuimsitheach agus bunaithe ar chearta an duine, sin agus forbairt a dhéanamh orthu, bunaithe ar an smacht reachta. Áirítear leis sin sochaí shibhialta bhríomhar agus chumhachtaithe, a spreagann rannpháirtíocht dhaonlathach, shibhialta agus shóisialta na ndaoine agus a chothaíonn éagsúlacht shaibhir shochaí na hEorpa, bunaithe ar luachanna, ar stair agus ar chuimhne is coiteann dúinn.
Tá ceithre cholún sa chlár CERV:
- Comhionannas, Cearta agus Comhionannas Inscne lena gcuirtear chun cinn cearta, neamh-idirdhealú, comhionannas (comhionannas inscne san áireamh), sin agus príomhshruthú inscne agus neamh-idirdhealaithe a chur chun cinn
- Rannpháirtíocht agus rannpháirteachas na saoránach, lena gcuirtear chun cinn rannpháirtíocht agus rannpháirteachas na saoránach i saol daonlathach an Aontais, sin agus idirphlé idir saoránaigh na mBallstát éagsúil agus feasacht a ardú maidir le stair choiteann na hEorpa
- Daphne – an foréigean a chomhrac, an foréigean inscnebhunaithe agus foréigean in aghaidh leanaí san áireamh
- Luachanna an Aontais, lena gcosnaítear luachanna an Aontais agus lena gcuirtear chun cinn iad
Eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus trasnáisiúnta, mar aon le páirtithe leasmhara eile, is féidir leo iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú CERV do thionscnaimh atá dírithe ar rannpháirtíocht na saoránach, ar chomhionannas do chách agus ar chearta agus luachanna an Aontais a chosaint agus a chur chun cinn.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh anseo ar an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV).
Chun an t-eolas is déanaí a fháil maidir le deiseanna maoinithe agus maidir le tionscadail mhaoinithe faoin gclár CERV agus faoin gclár um Cheartas, cláraigh anseo chun an nuachtlitir faoin maoiniú a fháil go rialta.
Tá pointe teagmhála náisiúnta ag go leor tíortha freisin chun cuidiú le hiarratasóirí agus tairbhithe i ndáil le ceisteanna agus saincheisteanna a bhaineann leis an gclár CERV (cuir i gcás, conas iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú). Is féidir liosta na bPointí Teagmhála CERV a fheiceáil anseo.
Mura bhfuil pointe teagmhála náisiúnta CERV ag do thír go fóill, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh leis an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA).
Doiciméid
- български
- español
- čeština
- dansk
- Deutsch
- eesti
- ελληνικά
- English
- français
- hrvatski
- italiano
- latviešu
- lietuvių
- magyar
- Malti
- Nederlands
- polski
- português
- română
- slovenčina
- slovenščina
- suomi
- svenska