Forléargas
Is mol nua é an Lárionad Eorpach um an Athléimneacht Dhaonlathach le haghaidh malartú idir institiúidí an Aontais, na Ballstáit agus an tsochaí shibhialta chun daonlathais láidre athléimneacha a chumhachtú, a chosaint agus a chur chun cinn ar fud an Aontais.
Is dlúthchuid den Sciath Eorpach don Daonlathas é an Lárionad, lena sainítear cur chuige leathan ar fud na sochaí chun an daonlathas a neartú.
Sa spotsolas
24 Feabhra 2026 – Ag cruinniú na Comhairle Gnóthaí Ginearálta, bhuail an Coimisinéir um an Daonlathas agus an Ceartas, Michael McGrath, le hAirí an Aontais chun plé a dhéanamh ar conas is féidir leis an Lárionad comhroinnt saineolais agus taithí a éascú agus tacú le freagairtí éifeachtacha ar bhagairtí coiteanna a fhorbairt, chun torthaí nithiúla a bhaint amach do shaoránaigh.
Agus an Lárionad á sheoladh, tá céim eile á ghlacadh ag an Aontas Eorpach i dtreo athléimneacht dhaonlathach a threisiú, sláine na díospóireachta poiblí a chosaint agus muinín as córais dhaonlathacha na hEorpa a neartú.

Cad é ról an Lárionaid?
Leis an Lárionad, tugtar le chéile saineolas agus acmhainní a chomhaltaí chun cur leis an gcumas comhchoiteann bagairtí ar ár ndaonlathais a réamh-mheas, a bhrath agus freagairt orthu, mar atá ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (FIMI) agus bréagaisnéis.
Beidh sé ina chreat le haghaidh malartú agus comhar oibríochtúil agus comhordú idir na Ballstáit rannpháirteacha, tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, iad sin agus institiúidí an Aontais.
Le hardán na bpáirtithe leasmhara le haghaidh páirtithe leasmhara neamhspleácha (cuir i gcás eagraíochtaí na sochaí sibhialta, taighdeoirí agus an saol acadúil, etc.), tacófar le hobair an Lárionaid freisin trí shaineolas agus taighde a chomhroinnt, chomh maith le malartuithe a spreagadh.
Cé atá páirteach ann?
Leis an Lárionad, spreagtar rannpháirtíocht leathan ó institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, ó na Ballstáit, ó thíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas agus ó thíortha is iarrthóirí ionchasacha, chomh maith le páirtithe leasmhara neamhspleácha trí ardán na bpáirtithe leasmhara.
Comhaltaí
Institiúidí agus comhlachtaí rannpháirteacha an Aontais Eorpaigh
- Parlaimint na hEorpa
- An Coimisiún Eorpach
- An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí
Ballstáit rannpháirteacha
- An Ostair
- An Bheilg
- An Bhulgáir
- An Chróit
- An Chipir
- An tSeicia
- An Danmhairg
- An Eastóin
- An Fhionlainn
- An Fhrainc
- An Ghearmáin
- An Ghréig
- An Ungáir
- Éire
- An Iodáil
- An Laitvia
- An Liotuáin
- Lucsamburg
- Málta
- An Ísiltír
- An Pholainn
- An Phortaingéil
- An Rómáin
- An tSlóvaic
- An tSlóivéin
- An Spáinn
- An tSualainn
An Rúnaíocht
Cinntíonn Rúnaíocht an Lárionaid comhordú oibríochtúil idir na comhaltaí.
Má bhíonn ceisteanna agat faoin Lárionad, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an rúnaíocht le ríomhphost: EU-ECDR
ec [dot] europa [dot] eu (EU-ECDR[at]ec[dot]europa[dot]eu)
Cruinnithe
Imeachtaí atá ar na bacáin
- Beidh an chéad seisiún oiliúna ‘Oiliúint a chur ar na hOiliúnóirí’ do mhí Mheán Fómhair ar siúl ón 7 go dtí an 11 Meán Fómhair 2026.
Imeachtaí roimhe seo
An 15 Iúil 2026 tionóladh cruinniú leis na Lárphointí teagmhála.
Tionóladh an dara cruinniú teicniúil ardleibhéil sa Bhruiséil an 9 Iúil 2026.
An 17 Meitheamh 2026 tionóladh cruinniú leis na Lárphointí teagmhála.
An 20 Bealtaine 2026 tionóladh cruinniú leis na Lárphointí teagmhála.
An 15 Aibreán 2026 tionóladh cruinniú leis na Lárphointí teagmhála.
An 27 Márta 2026 tionóladh ceardlann ar chineálacha cur chuige iomlánaíocha i leith na hathléimneachta daonlathaí sa Bhruiséil.
An 16 Márta 2026 tionóladh cruinniú leis na Lárphointí teagmhála.
Tionóladh an chéad chruinniú teicniúil ardleibhéil sa Bhruiséil an 29 Eanáir 2026.
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 31 Iúil 2026
