An Chomhdháil maidir leis an Athrú Aeráide Tionóladh an 30ú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP30) ón 10-21 Samhain 2025 in Belém na Brasaíle. Ar chomóradh 10 mbliana Chomhaontú Pháras, tugadh comhdháil COP30 na Páirtithe le chéile, is é sin na tíortha agus na heagraíochtaí réigiúnacha a chuaigh isteach i gcoinbhinsiún aeráide na Náisiún Aontaithe, chun dlús a chur leis na hiarrachtaí domhanda an t-ardú teochta domhanda a theorannú. Ba dheis í an chomhdháil freisin do na Páirtithe pleananna aeráide nua nó nuashonraithe a chur i láthair, ar a dtugtar Rannchuidithe arna gCinneadh go Náisiúnta (RCNanna), ina leagtar amach iarrachtaí náisiúnta chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, agus measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir leis na gealltanais airgeadais a rinneadh ag COP29. Na príomhthorthaí Ag COP30 chuir an tAontas ina luí ar an gcomhphobal idirnáisiúnta a dhícheall a dhéanamh gníomhú ar bhealach níos ceannasaí chun astaíochtaí a laghdú agus chun dul in oiriúint do thionchar na géarchéime aeráide.Agus é mar aidhm aige níos mó uaillmhéine a bhaint amach, rinne an tAontas an méid seo a leanas:comhaontú a dhaingniú maidir le freagairt dhomhanda chun an teorainn 1.5C a choinneáil insroichterannchuidiú uaillmhianach arna chinneadh go náisiúnta a chur i láthair chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 66.25% go 72.5% faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2035maoiniú le haghaidh oiriúnú a mhéadú faoi thrí faoi 2035 faoi na gealltanais a comhaontaíodh ag COP29 maidir le maoiniú don aeráid faoin Sprioc Nua Chainníochtaithe Chomhchoiteann (NCQG)dearbhú a fhormhuiniú chun borradh a chur faoin aitheantas a thugtar do phraghsáil carbóin agus do shásraí margaidh mar phríomhuirlisí chun gníomhú ar son na haeráide a chur chun cinn ar fud an domhaintacaíocht a thabhairt do shásra cistiúcháin nuálach domhanda lena gcúitítear caomhnú foraoisí trópaiceachatiomantas a athdhearbhú chun na gealltanais dhomhanda a chomhlíonadh maidir le haistriú ó bhreoslaí iontaise, acmhainneacht shuiteáilte foinsí in-athnuaite fuinnimh a mhéadú faoi thrí, agus ráta domhanda na bhfeabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a dhúbailt faoi 2030, mar a comhaontaíodh ag COP28 Gníomhaíocht an Aontais ar son na haeráide sa bhaile Tá an tAontas ag seasamh lena ghealltanas a spriocanna aeráide a bhaint amach. Mhol an Coimisiún leasú ar Dhlí Aeráide an Aontais, leasú lena leagtar síos sprioc aeráide 2040 an Aontais chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 90% (sprioc 85% laistigh den Aontas agus creidmheas carbóin idirnáisiúnta suas le 5%), i gcomparáid le leibhéil 1990. Ar an mbealach go 2040, tá an tAontas tagtha ar chomhaontú maidir le Rannchuidiú arna Chinneadh go Náisiúnta a cuireadh faoi bhráid Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC). Is éard atá sa RCN glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 66.25% - 72.5% faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2035.Cuireann an dá sprioc leis an gcuspóir atá ann cheana glanastaíochtaí a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030, agus is céim idirmheánach atá iontu i dtreo ghealltanas uileghabhálach an Aontais an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. -55% glanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030-90% glanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2040Aeráidneodracht faoi 2050 Tá an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan don Eoraip curtha i láthair ag an gCoimisiún, plean ina leagtar amach gníomhaíochtaí praiticiúla chun go mbeidh an dícharbónú ina phríomhspreagadh fáis do thionscail na hEorpa.Thairis sin, ba cheart do bhuiséad fadtéarmach nua an Aontais do 2028-2034 borradh a chur faoi infheistíochtaí chun tacú le cuideachtaí nuálacha agus chun ról ceannasach na hEorpa in earnálacha na teicneolaíochta glaine agus sa chiorclaíocht a choinneáil. Ranníocaíocht an Aontais le maoiniú domhanda le haghaidh an chomhraic i gcoinne an athraithe aeráide Leanann an tAontas de thacaíocht a thabhairt do thíortha i mbéal forbartha trí mhaoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide, comhpháirtíochtaí, agus trádáil agus infheistíocht riailbhunaithe chun aistriú glan a chur chun cinn nach bhfágfaidh aon duine ar lár.Is é an tAontas an deontóir is mó ar domhan i gcónaí i dtaobh an mhaoinithe don troid i gcoinne an athraithe aeráide. In 2024, ranníoc an tAontas Eorpach agus a 27 mBallstát maoiniú aeráide €31.7 billiún ó fhoinsí poiblí agus chuir siad maoiniú príobháideach €11 bhilliún sa bhreis ar fáil chun tacú le tíortha i mbéal forbartha a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus oiriúnú d’iarmhairtí an athraithe aeráide.I mí Eanáir 2025, sheol an tAontas an Fóram Domhanda um an Aistriú Fuinnimh, lena dtugtar le chéile comhpháirtithe ó gach cearn den domhan chun spriocanna uaillmhianacha aeráide a bhaint amach agus chun tacú le tíortha a bhfuil dúshláin níos mó rompu san aistriú chuig fuinneamh glan.Tacaíonn cur chuige trádála agus forbartha inbhuanaithe an Aontais i gcónaí leis an bhforbairt inbhuanaithe i dtríú tíortha trí ghealltanais cheangailteacha a chur isteach i gcomhaontuithe nua trádála chun Comhaontú Pháras a urramú.A team of workers install brackets for solar panels on the roof of a house in Cape Town, South Africa. An nuacht is déanaí Speech6 Feabhra 2026Remarks by Commissioner Hoekstra at the press conference of the informal ENVI Council in NicosiaAm léitheoireachta: 3 nóiméadNews article1 Nollaig 2025What did COP30 achieve?Am léitheoireachta: 8 nóiméadPreaseisiúint22 Samhain 2025An tAontas tagtha ar chomhaontú maidir le freagairt dhomhanda chun an teorainn 1.5C a choinneáil insroichte *Am léitheoireachta: 8 nóiméadSpeech21 Samhain 2025Remarks by Commissioner Hoekstra at the Mutirão consultationsAm léitheoireachta: 2 nóiméadMore news Naisc ghaolmhara Gníomhú ar son na haeráideConclúidí ón gComhairle roimh COP30Bearta idirnáisiúnta maidir leis an athrú aeráideFuinneamh don Afraic Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 24 Samhain 2025
Tionóladh an 30ú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP30) ón 10-21 Samhain 2025 in Belém na Brasaíle. Ar chomóradh 10 mbliana Chomhaontú Pháras, tugadh comhdháil COP30 na Páirtithe le chéile, is é sin na tíortha agus na heagraíochtaí réigiúnacha a chuaigh isteach i gcoinbhinsiún aeráide na Náisiún Aontaithe, chun dlús a chur leis na hiarrachtaí domhanda an t-ardú teochta domhanda a theorannú. Ba dheis í an chomhdháil freisin do na Páirtithe pleananna aeráide nua nó nuashonraithe a chur i láthair, ar a dtugtar Rannchuidithe arna gCinneadh go Náisiúnta (RCNanna), ina leagtar amach iarrachtaí náisiúnta chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, agus measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir leis na gealltanais airgeadais a rinneadh ag COP29.
Leanann an tAontas de thacaíocht a thabhairt do thíortha i mbéal forbartha trí mhaoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide, comhpháirtíochtaí, agus trádáil agus infheistíocht riailbhunaithe chun aistriú glan a chur chun cinn nach bhfágfaidh aon duine ar lár.Is é an tAontas an deontóir is mó ar domhan i gcónaí i dtaobh an mhaoinithe don troid i gcoinne an athraithe aeráide. In 2024, ranníoc an tAontas Eorpach agus a 27 mBallstát maoiniú aeráide €31.7 billiún ó fhoinsí poiblí agus chuir siad maoiniú príobháideach €11 bhilliún sa bhreis ar fáil chun tacú le tíortha i mbéal forbartha a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus oiriúnú d’iarmhairtí an athraithe aeráide.I mí Eanáir 2025, sheol an tAontas an Fóram Domhanda um an Aistriú Fuinnimh, lena dtugtar le chéile comhpháirtithe ó gach cearn den domhan chun spriocanna uaillmhianacha aeráide a bhaint amach agus chun tacú le tíortha a bhfuil dúshláin níos mó rompu san aistriú chuig fuinneamh glan.Tacaíonn cur chuige trádála agus forbartha inbhuanaithe an Aontais i gcónaí leis an bhforbairt inbhuanaithe i dtríú tíortha trí ghealltanais cheangailteacha a chur isteach i gcomhaontuithe nua trádála chun Comhaontú Pháras a urramú.A team of workers install brackets for solar panels on the roof of a house in Cape Town, South Africa.
Speech6 Feabhra 2026Remarks by Commissioner Hoekstra at the press conference of the informal ENVI Council in NicosiaAm léitheoireachta: 3 nóiméad
Preaseisiúint22 Samhain 2025An tAontas tagtha ar chomhaontú maidir le freagairt dhomhanda chun an teorainn 1.5C a choinneáil insroichte *Am léitheoireachta: 8 nóiméad
Speech21 Samhain 2025Remarks by Commissioner Hoekstra at the Mutirão consultationsAm léitheoireachta: 2 nóiméad