Page contents Page contents Infheistíocht a dhéanamh i dtodhchaí ghlas Chun na spriocanna atá leagtha síos sa Chomhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach, tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún €1 trilliún ar a laghad d’infheistíochtaí inbhuanaithe a shlógadh sna deich mbliana amach romhainn. 30% de bhuiséad ilbhliantúil an Aontais (2021-2028) agus NextGenerationEU (NGEU), ionstraim uathúil de chuid an Aontais chun téarnamh ó phaindéim COVID-19, leithdháileadh é ar infheistíochtaí glasa. 37% ar a laghad den mhaoiniú a fhaigheann siad ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta dar luach €672.5 billiún, ní mór do na Ballstáit é a chur i dtreo infheistíochtaí agus athchóirithe lena dtacaítear le cuspóirí aeráide. Na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe atá le maoiniú ar an gcaoi sin, níor cheart dóibh aon dochar suntasach a dhéanamh do chuspóirí comhshaoil an Aontais. Thar ceann an Aontais, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún 30% de na cistí faoi NGEU a thiomsú trí bhannaí glasa a eisiúint. Beartas comhtháthaithe an Aontais Cuidíonn Beartas Comhtháthaithe an Aontais le Ballstáit, réigiúin, rialtais áitiúla agus cathracha de chuid an Aontais infheistíochtaí móra a chuireann leis an gComhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme. Ní mór dóibh 30% ar a laghad den mhéid a fhaigheann siad ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa a chur i treo na dtosaíochtaí sin. Sa bhreis air sin, cuirfidh 37% den Chiste Comhtháthaithe go mór leis an sprioc maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Tá Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (EGDIP), ar a dtugtar an Plean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe (SEIP) freisin, curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip. Cuimsítear leis sin an Sásra um Aistriú Cóir lena ndírítear ar aistriú cóir cothrom a chinntiú i dtreo geilleagar glas. Déanfaidh an Sásra infheistíochtaí suntasacha a shlógadh thar an tréimhse 2021-2027 lena dtacófar le saoránaigh na réigiún is mó ar a bhfuil tionchar ag an aistriú. Infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a shlógadh Cuirfidh clár InvestEU leis an iarracht sin, agus soláthróidh sé maoiniú ríthábhachtach fadtéarmach don Aontas trí chistí suntasacha príobháideacha agus poiblí a ghiaráil. Foráiltear le Rialachán InvestEU gurb é an sprioc a bheidh ann i dtaca le ciste InvestEU ina iomláine go gcuirfear 30% ar a laghad d’infheistíochtaí i dtreo cuspóirí aeráide. Le Scéim thiomnaithe um Aistriú Cóir, ginfear infheistíocht bhreise a rachaidh chun tairbhe do chríocha um Aistriú Cóir, rud a dhéanfaidh comhlánú ar an gCiste um Aistriú Cóir agus ar shaoráid iasachta na hearnála poiblí. Sa bhreis air sin, bearta maoiniúcháin suntasacha, an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht i dtaca le hinfheistíochtaí glasa a aicmiú ina measc, cuirfidh siad leis an gComhaontú Glas don Eoraip trí dhlús a chur le hinfheistíochtaí na hearnála príobháidí i dtionscadail ghlasa agus inbhuanaithe. Ghlac an Coimisiún sraith tograí chun go mbeidh beartais aeráide, fuinnimh, iompair agus chánach an Aontais oiriúnach chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990. Tuilleadh eolais maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích. GníomhaíochtaíNextGenerationEUBannaí glasa NextGenerationEUAn tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta Maoiniú inbhuanaithe An Sásra um Aistriú CóirTacaíocht athchóiriúcháin don aistriú glas Doiciméid 13 EANÁIR 2020Commission Communication on the Sustainable Europe Investment PlanTeangacha eile (22)български(278.84 KB - HTML)Íoslódáilespañol(223.8 KB - HTML)Íoslódáilčeština(218.79 KB - HTML)Íoslódáildansk(215.3 KB - HTML)ÍoslódáilDeutsch(222.78 KB - HTML)Íoslódáileesti(211.33 KB - HTML)Íoslódáilελληνικά(284.65 KB - HTML)Íoslódáilfrançais(226.57 KB - HTML)Íoslódáilhrvatski(96.81 KB - HTML)Íoslódáilitaliano(HTML)Íoslódáillatviešu(HTML)Íoslódáillietuvių(215.39 KB - HTML)Íoslódáilmagyar(115.83 KB - HTML)ÍoslódáilMalti(HTML)ÍoslódáilNederlands(215.44 KB - HTML)Íoslódáilpolski(HTML)Íoslódáilportuguês(220.84 KB - HTML)Íoslódáilromână(HTML)Íoslódáilslovenčina(HTML)Íoslódáilslovenščina(HTML)Íoslódáilsuomi(215.71 KB - HTML)Íoslódáilsvenska(215.01 KB - HTML)Íoslódáil 14 EANÁIR 2020An Sásra um Aistriú Cóir: deimhin a dhéanamh de nach bhfágtar aon duine chun deiridhTeangacha eile (23)български(5.95 KB - HTML)Íoslódáilespañol(5.95 KB - HTML)Íoslódáilčeština(5.95 KB - HTML)Íoslódáildansk(5.95 KB - HTML)ÍoslódáilDeutsch(5.95 KB - HTML)Íoslódáileesti(5.95 KB - HTML)Íoslódáilελληνικά(5.95 KB - HTML)ÍoslódáilEnglish(5.95 KB - HTML)Íoslódáilfrançais(5.95 KB - HTML)Íoslódáilhrvatski(5.95 KB - HTML)Íoslódáilitaliano(5.95 KB - HTML)Íoslódáillatviešu(5.95 KB - HTML)Íoslódáillietuvių(5.95 KB - HTML)Íoslódáilmagyar(5.95 KB - HTML)ÍoslódáilMalti(5.95 KB - HTML)ÍoslódáilNederlands(5.95 KB - HTML)Íoslódáilpolski(5.95 KB - HTML)Íoslódáilportuguês(5.95 KB - HTML)Íoslódáilromână(5.95 KB - HTML)Íoslódáilslovenčina(5.95 KB - HTML)Íoslódáilslovenščina(5.95 KB - HTML)Íoslódáilsuomi(5.95 KB - HTML)Íoslódáilsvenska(5.95 KB - HTML)Íoslódáil 14 EANÁIR 2020Infheistíocht a dhéanamh i ngeilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de agus i ngeilleagar ciorclachTeangacha eile (23)български(HTML)Íoslódáilespañol(HTML)Íoslódáilčeština(HTML)Íoslódáildansk(HTML)ÍoslódáilDeutsch(HTML)Íoslódáileesti(HTML)Íoslódáilελληνικά(HTML)ÍoslódáilEnglish(5.95 KB - HTML)Íoslódáilfrançais(HTML)Íoslódáilhrvatski(HTML)Íoslódáilitaliano(HTML)Íoslódáillatviešu(HTML)Íoslódáillietuvių(HTML)Íoslódáilmagyar(HTML)ÍoslódáilMalti(HTML)ÍoslódáilNederlands(HTML)Íoslódáilpolski(HTML)Íoslódáilportuguês(HTML)Íoslódáilromână(HTML)Íoslódáilslovenčina(HTML)Íoslódáilslovenščina(HTML)Íoslódáilsuomi(HTML)Íoslódáilsvenska(HTML)Íoslódáil 14 EANÁIR 2020EU-funded projects to green the economy 14 AIBREÁN 2021NextGenerationEU - Green bondsTeangacha eile (4)español(532.54 KB - PDF)ÍoslódáilDeutsch(524.58 KB - PDF)Íoslódáilfrançais(520.75 KB - PDF)Íoslódáilitaliano(518.34 KB - PDF)Íoslódáil 21 AIBREÁN 2021Factsheet: EU sustainable finance: April package Naisc ghaolmhara Tionscadail maidir le beartais réigiúnachaAn tArdán um Shonraí ComhtháthaitheGnó, an geilleagar, an euroBuiséad an Aontais Eorpaigh, 2021-2027investEU