Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Rialú Inmheánach Poiblí

Eolas maidir leis an gcóras um Rialú Inmheánach Poiblí (PIC), arb é is aidhm dó feidhmíocht na hearnála poiblí san Aontas a fheabhsú.

Ar gach leibhéal den Aontas Eorpach, cuireann an earnáil phoiblí méideanna ollmhóra cistí ar fáil chun riachtanais an gheilleagair a mhaoiniú, agus, dá bhrí sin, tá sí freagrach as bainistiú fónta agus éifeachtúil na gcistí a thugann cáiníocóirí na mBallstát ar iontaoibh di.

Ní mór d’earnáil phoiblí an Aontais a léiriú go gcaitheann sí na hacmhainní atá ar fáil go héifeachtúil, agus go bhfuil an t-aschur agus na torthaí éifeachtach. Chuige sin, déanann Rialú Inmheánach Poiblí (PIC) tairbhe trí chuidiú chun samhail a bhunú a chomhlíonann caighdeáin idirnáisiúnta maidir leis an mbainistiú airgeadais agus leis an rialú ar úsáid cistí poiblí.

Déantar foráil sa tsamhail, a aithnítear ar fud an domhain mar dhea-chleachtas, maidir leis na bunghnéithe a d’fhéadfadh cuidiú go mór chun calaois agus éilliú a chosc. Ón am a chuir an Coimisiún Eorpach PIC chun feidhme in 2002 mar chreat chun rialú éifeachtach agus éifeachtúil a dhéanamh ar na hacmhainní a bhainistíonn sé, tá athstruchtúrú de réir a chéile déanta ag tíortha an Aontais ar a samhlacha rialaithe rialála ar mhaithe le prionsabail PIC a leabú.

Is féidir le malartú faisnéise idir riaracháin phoiblí san Aontas cuidiú chun buiséad poiblí a bhunú lena mbainfear torthaí amach, rud ar cuspóir coiteann acu é.

In 2012, ar iarraidh ó na Ballstáit, sheol an Coimisiún Eorpach Líonra PIC a thagann le chéile trí chomhdhálacha rialta. I mí an Mheithimh 2017 i mBúdaipeist, cuireadh straitéis i láthair maidir le Líonra PIC a fhorbairt amach anseo agus d’fhormhuinigh na rannpháirtithe í.

Ina theannta sin, leag torthaí suirbhé a rinneadh ina dhiaidh sin béim ar an ngá atá le tionchar ghníomhaíochtaí an Líonra a mhéadú. Tá rannpháirtíocht níos dlúithe na bainistíochta ardleibhéil ríthábhachtach chun a chinntiú go ndéanfar aschuir an Líonra a chur chun cinn agus a úsáid laistigh de na Ballstáit, agus, dá bhrí sin, moladh Líonra PIC feabhsaithe nua a chruthú d’fheidhmeannaigh ardleibhéil. Tionóladh an chéad chruinniú ar an leibhéal teicniúil an 14 Deireadh Fómhair 2019 sa Bhruiséil agus athraíodh ainm an Líonra go BSN (An Líonra um Chaiteachas Níos Fearr).

Bhí an chéad chomhdháil ardleibhéil den Líonra um Chaiteachas Níos Fearr le bheith ar siúl i mí Mheán Fómhair 2021 agus bhí sé beartaithe í a reáchtáil ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin. Mar gheall ar an gcomhthéacs reatha (COVID-19 agus an ghéarchéim san Úcráin), b’éigean an chéad chomhdháil a chur siar agus tá an dáta nua fós le socrú.