Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

An Creat Airgeadais Ilbhliantúil: díospóireacht ar na tosaíochtaí polaitiúla

Sonraí

Dáta foilsithe
14 Feabhra 2018

Cur síos

EU budget

 

Tá roghanna éagsúla, agus impleachtaí airgeadais na roghanna sin, leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhair buiséad nua comhaimseartha fadtéarmach don Aontas Eorpach. Cinnteoidh an buiséad sin go gcuirfear na tosaíochtaí atá ag muintir na hEorpa i gcrích go héifeachtach ó 2020 amach. Sa díospóireacht faoi cé chomh huaillmhianach agus is ceart don Aontas Eorpach a bheith i réimsí éagsúla — teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint, tacaíocht d’fhíor-Aontas Cosanta Eorpach, dlús a chur le claochlú digiteach an Aontais nó beartas comhtháthaithe an Aontais agus beartas talmhaíochta an Aontais a dhéanamh níos éifeachtúla — tá sé tábhachtach a bheith eolach ar an toradh praiticiúil a d’fhéadfadh a bheith ar na roghanna éagsúla maidir le maoiniú ar leibhéal an Aontais. Gheofar an t-eolas ar leith sin sa Teachtaireacht agus sna bileoga eolais thíos — déantar an tionchar airgeadais a bheadh ag roghanna éagsúla beartais a thomhas. Leagtar amach iontu freisin na himpleachtaí diúltacha a bheadh ann do shaoránaigh agus do ghnólachtaí dá mbeadh moill ar ghlacadh bhuiséad nua an Aontais Eorpaigh.

Comhaid

A new, modern Multiannual Financial Framework for a European Union that delivers efficiently on its priorities post-2020
14 Feabhra 2018