Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta9 Iúil 2024Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 2 nóiméad

Bíodh do chearta mar phaisinéir AE ar eolas agat sula dtaistealaíonn tú

Holiday planning in Europe

 

Málaí pacáilte is tú réidh chun reatha? Don té atá ag imeacht ar laethanta saoire an tsamhraidh go luath, tá súil againn nach rachaidh do phleananna taistil amú, ach má tharlaíonn sé sin, bíodh a fhios agat go gcumhdaítear paisinéirí le rialacha taistil an Aontais i gcásanna éagsúla. Má chuirtear d’eitilt ar ceal, má chuirtear moill ar do thraein nó má chailltear do bhagáiste ar bord loinge cúrsála, tá sé de cheart agat éileamh a dhéanamh faoi chearta paisinéirí an Aontais. 

An méid a bhfuil tú i dteideal a fháil más gá duit éileamh a dhéanamh, beidh sé ag brath ar an gcineál iompair a úsáideann tú (aer, iarnród, bus/cóiste nó bád) agus cibé acu a thaistealaíonn tú isteach san Aontas, amach as nó laistigh de.  I bhformhór na gcásanna, áfach, bíonn nós imeachta caighdeánach le leanúint más gá duit éileamh a dhéanamh ar mhoill, ar chealú nó ar fhadhbanna le bagáiste. 

Ar an gcéad dul síos, déan teagmháil leis an gcuideachta taistil ónar cheannaigh tú do thicéad, tríd an bhfoirm ghearáin a chuirfidh siad ar fáil a úsáid. Mura bhfaigheann tú freagra ón gcuideachta laistigh de 1 go 3 mhí ag brath ar an gcineál iompair a roghnaíodh, nó mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an údarás náisiúnta ábhartha sa tír inar tharla an fhadhb. Féadfaidh tú dul i gcomhairle freisin le do bhrainse áitiúil den Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí chun cabhair agus comhairle a fháil faoi fhadhbanna a bhaineann le cearta paisinéirí. 

Má bhíonn fadhbanna agat fós le d’éileamh, is féidir iarracht a dhéanamh do dhíospóid a réiteach trí úsáid a bhaint as nósanna imeachta lasmuigh den chúirt - nó eintiteas um Réiteach Malartach Díospóide. Más ar líne a cheannaigh tú do thicéad, féadfaidh tú do ghearán a chur isteach tríd an gClár Réitigh Díospóide ar líne. Níl an dá chineál réitigh díospóidí sin ar fáil ach do chónaitheoirí an Aontais.  

Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá do shoghluaisteacht laghdaithe, tá sé de cheart agat rochtain a fháil ar thaisteal aeir, traenach, bus, cóiste nó báid ar nós duine ar bith eile agus tá sé de cheart agat cúnamh saor in aisce a fháil ag críochfoirt agus ar bord feithiclí. Má bhraitheann tú gur sáraíodh do chearta, lean na treoirlínte thuas chun éileamh a dhéanamh. Tá tuilleadh sonraí faoi do chearta mar phaisinéir le fáil thíos. 

Tuilleadh eolais 

Cearta paisinéirí 

Cearta do thaistealaithe atá faoi mhíchumas nó a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe 

Nósanna imeachta lasmuigh den chúirt do thomhaltóirí 

Réiteach Díospóidí Ar Líne 

Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí 

Íoslódáil an aip "Do Chearta Paisinéirí" ar d'fhón cliste ( Google Android, Apple iOS

Ag taisteal duit san Eoraip 2024

Sonraí

Dáta foilsithe
9 Iúil 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide