Conas a oibríonn ECC
Is éard atá in ECC Net líonra d’oifigí faoi bhainistíocht neamhspleách atá cómhaoinithe ag an gCoimisiún Eorpach. Más san Aontas, san Íoslainn nó san Iorua atá cónaí ort, féadfaidh an ECC i do thír
- na cearta atá agat mar thomhaltóir a mhíniú
- cuidiú leat chun díospóid a réiteach le díoltóir atá lonnaithe i dtír eile san Aontas (nó san Íoslainn nó san Iorua)
- insint duit cé a chuideoidh leat teagmháil a dhéanamh mura bhfuil siad féin in ann cabhrú
Chomh maith le cúnamh a thabhairt do thomhaltóirí, is saineolaí agus comhpháirtí iontaofa é ECC Net do pháirtithe leasmhara agus do lucht déanta beartas atá ag iarraidh cearta tomhaltóirí a chur chun cinn. Tá ról tábhachtach aige maidir le húdaráis forfheidhmiúcháin a chur ar an eolas faoi thrádálaithe a sháraíonn dlí na dtomhaltóirí.
Ceann de na luachanna a bhaineann leis an líonra is ea an fhreagairt ghasta ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn, cuir i gcás an cúnamh a cuireadh ar fáil do thomhaltóirí le linn phaindéim COVID-19.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi ECC Net, téigh chuig suíomh gréasáin an líonra.
Forbhreathnú ar na cásanna a láimhseáladh
In 2023 chuidigh an líonra le níos mó ná 125,000 tomhaltóir. Fuair na tomhaltóirí sin eolas saincheaptha agus comhairle shaincheaptha faoin tsaincheist a bhí acu. I 22,500 cás, rinne an líonra idirghabháil dhíreach leis an trádálaí chun sásamh a fháil. Meastar gur mó ná €9 milliún luach iomlán na gcistí arna n-aisghabháil ag ECC-Net in idirghabhálacha trádálaithe amháin.
Téigh i dteagmháil le ECC Net
Ní mór duit dul i dteagmháil le ECC Net sa tír ina bhfuil cónaí ort.
Oibríonn ECC Net freisin i gcomhar leis an Lárionad Idirnáisiúnta do Thomhaltóirí sa Ríocht Aontaithe.
Foilseacháin
Foilsíonn ECC Net treoir agus comhairle freisin maidir le fadhbanna coitianta a bhíonn ag tomhaltóirí agus is féidir teacht orthu sin ag na naisc seo a leanas
- Na rioscaí a bhaineann le hearraí góchumtha a sheachaint
- Tuarascáil ECC-Net 2015 ar Chearta paisinéirí aeir (pdf)
- Carr a cheannach ó Bhallstát eile
- Réadmhaoin amroinnte (pdf)
- Na 10 leid is fearr do thomhaltóirí maidir le réadmhaoin amroinnte (pdf)
- Barántaí fadaithe
- Calaois ar líne (pdf)
- Trustmharcanna r-thrádála (pdf)
- Cearta paisinéirí aeir - diospóidí a réiteach (pdf)
- Díospóidí idirnáisiúnta beaga a réiteach (pdf)
- Siopadóireacht ar líne san Aontas Eorpach (pdf)
- Aismhuirear san Aontas/LEE (pdf)
Doiciméid
- 3 IÚIL 2024
- 18 AIBREÁN 2023
- 18 AIBREÁN 2023
- 10 EANÁIR 2023
- 18 AIBREÁN 2023
- 1 SAMHAIN 2020
- 10 DEIREADH FÓMHAIR 2017
- 10 DEIREADH FÓMHAIR 2017