Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Dlíthe de chuid an Aontais Eorpaigh a ghlacadh

Baineann an tAontas feidhm as cineálacha éagsúla nósanna imeachta le dlíthe a ghlacadh. An cineál nóis imeachta a mbaintear feidhm as, braitheann sé ar an gcineál togra reachtach atá i gceist agus ar an réimse lena mbaineann sé. I gcás fhormhór mór dhlíthe an Aontais Eorpagh, is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in éineacht a ghlacann an dlí, ach

Glacann an Pharlaimint agus an Chomhairle an gnáthnós imeachta reachtach

Is tríd an ngnáthnós imeachta reachtach a ghlactar an chuid is mó de reachtaíocht an Aontais, nós imeachta ina bhfuil guth Pharlaimint na hEorpa (institiúid a dtoghtar a feisirí go díreach) agus guth Chomhairle an Aontais Eorpaigh (atá comhdhéanta d'ionadaithe ó 27 mBallstát an Aontais) ar chomhchéim le chéile. Cuireann an Coimisiún togra reachtach faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle, agus ansin caithfidh an dá institiúid sin an téacs a chomhaontú sular féidir dlí a dhéanamh de. 

Conas a oibríonn sé

Trí shraith de léamha, déanann an Pharlaimint agus an Chomhairle athbhreithniú agus leasú ar thogra reachtach. Má bhíonn an dá institiúid ar aon intinn faoi na leasuithe, déantar dlí de. Mura mbíonn an dá institiúid ar aon intinn faoi na leasuithe, déantar léamh eile. Mura dtagann comhaontú as an léamh sin, cuirtear an togra faoi bhráid 'coiste idir-réiteach', ina mbíonn an líon céanna ionadaithe ón bParlaimint agus ón gComhairle. Freastalaíonn ionadaithe ón gCoimisiún ar chruinnithe an choiste agus glacann siad páirt sna cruinnithe sin. A luaithe a thagtar ar chomhaontú, cuirtear an togra chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle chun go ndéanfar an tríú léamh air agus dlí a dhéanamh de. Mura dtagtar ar chomhaontú sa choiste, rud atá neamhchoitianta, ní ghlactar an dlí.

Tuilleadh eolais faoi ról na Parlaiminte agus ról na Comhairle i bpróiseas ceaptha dlíthe an Aontais.

Nósanna imeachta reachtacha speisialta

Ní bhaintear feidhm as nósanna imeachta speisialta i bhfeidhm ach i gcásanna áirithe. Is iondúil sna cásanna sin gurb é Comhairle an Aontais Eorpaigh an t-aon institiúid amháin a ghlacann an dlí agus nach mbíonn de ról ag an bParlaimint ach toiliú le glacadh an togra nó a tuairim ina thaobh a thabhairt. Corruair is í an Pharlaimint léi féin a ghlacann an dlí (i ndiaidh di an togra a chur i gcead na Comhairle)

An Coimisiún a glacann an dlí

Is féidir leis an gComhairle nó leis an bParlaimint údarú a thabhairt don Choimisiún dhá shaghas gnímh nach gníomhartha reachtacha iad a ghlacadh, mar atá:

  • gníomhartha cur chun feidhme, i.e., gníomhartha arb é is aidhm dóibh deimhin a dhéanamh de go gcuirtear dlíthe i bhfeidhm ar an gcaoi chéanna ar fud an Aontais
  • gníomhartha tarmlighte, i.e. gníomhartha lena ndéantar dlíthe atá ann cheana a leasú nó a fhorlíonadh, go háirithe chun rialacha nua nach bunrialacha iad a thabhairt isteach 

Gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe

Athbhreithniú ar na Conarthaí

Is éard atá i gconarthaí an Aontais bunús dlíthiúil reachtaíocht uile an Aontais, agus is féidir na conarthaí sin a athbhreithniú agus a leasú chun dlíthe agus beartais an Aontais a chur in oiriúint do dhúshláin nua. Ní féidir aon athrú a dhéanamh ar na conarthaí mura dtoilíonn gach ceann de na 27 mBallstát leis.

Tá dhá bhealach ann leis na conarthaí a athbhreithniú, mar atá: 

  • is é an gnáthnós imeachta um athbhreithniú a úsáidtear chun leasuithe tábhachtacha a dhéanamh ar na conarthaí, cuir i gcás inniúlachtaí an Aontais a mhéadú nó laghdú
  • is é an nós imeachta simplithe um athbhreithniú a úsáidtear chun leasuithe a dhéanamh a bhaineann le beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais, cuir i gcás, talmhaíocht agus iascach, an margadh inmheánach, rialuithe teorann, an beartas eacnamaíoch agus airgeadais, ar chuntar nach méadaíonn siad inniúlachtaí an Aontais.

Ról pharlaimintí na mBallstát

Faigheann parlaimintí na mBallstát tograí reachtacha uile an Choimisiúin san am céanna a fhaigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle iad, rud a fhágann go mbíonn caoi acu a dtuairim ina dtaobh a thabhairt.

I gcás réimsí ina bhfuil an chumhacht chun gníomhú á roinnt idir an tAontas agus na Ballstáit, dearbhálann parlaimintí na mBallstát arbh éifeachtaí gníomhú ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach (prionsabal na coimhdeachta). ‘An nós imeachta chun faireachán a dhéanamh ar phrionsabal na coimhdeachta’ a thugtar air sin.

Caidreamh leis na parlaimintí náisiúnta