Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe

Tar éis dlí an Aontais a rith, is féidir leis tarlú go mbeidh gá é a thabhairt cothrom le dáta chun forbairtí in earnáil ar leith a chur san áireamh nó le deimhin a dhéanamh de go gcuirfear chun feidhme i gceart é. Is féidir leis an bParlaimint agus leis an gComhairle údarú a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme, faoi seach, a ghlacadh chun é sin a dhéanamh.

Gníomhartha cur chun feidhme

Is ar na Ballstáit atá an phríomhfhreagracht as dlíthe an Aontais a chur chun feidhme. Mar sin féin, i réimsí ina mbíonn gá le coinníollacha aonfhoirmeacha cur chun feidhme (cánachas, talmhaíocht, an margadh inmheánach, sláinte agus sábháilteacht bia, srl.), glacann an Coimisiún (nó, i gcásanna eisceachtúla, an Chomhairle) gníomh cur chun feidhme.

Conas a ghlactar gníomhartha cur chun feidhme?

Sular féidir leis an gCoimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh, go hiondúil ní mór dó dul i gcomhairle le coiste ar a bhfuil ionadaíocht ag gach Ballstát.

Cuireann an coiste ar chumas na mBallstát maoirseacht a dhéanamh ar obair an Choimisiúin agus gníomh cur chun feidhme á ghlacadh aige – tugtar 'an nós imeachta coiste' ar a bpróiseas sin i mbéarlagair an Aontais.

Mar chuid de Chlár Oibre maidir le Rialáil Níos Fearr an Choimisiúin, is féidir le saoránaigh agus le páirtithe leasmhara eile aiseolas a thabhairt ar dhréacht-téacs de ghníomh cur chun feidhme le linn tréimhse 4 seachtaine sula gcaitheann an coiste ábhartha vóta chun glacadh leis nó diúltú dó. Bíonn eisceachtaí áirithe ann, mar shampla i gcás éigeandála nó más rud é go bhfuil aighneachtaí déanta ag saoránaigh agus páirtithe leasmhara cheana féin. Tá tuilleadh sonraí sa bhosca uirlisí le haghaidh rialáil níos fearr

Cuirtear forbhreathnú ar an aiseolas a bailíodh i láthair don choiste, agus cuirtear an plé a eascraíonn as sin san áireamh sa taifead achomair, a fhoilsítear in i gclár an nós imeachta coiste.

Tuilleadh eolais faoin nós imeachta coiste

 

Gníomhartha tarmligthe

Glacann an Coimisiún iad ar bhonn tarmligin a thugtar sa téacs i ndlí de chuid an Aontais Eorpaigh, i ngníomh reachtach sa chás seo.

Tá dianteorainneacha leis an gcumhacht atá ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh:

  • ní féidir leis an ngníomh tarmligthe na heilimintí riachtanacha den dlí a athrú
  • nó mór cuspóirí, ábhar, raon feidhme agus fad ama an tarmligin cumhachta a bheith sainithe sa ghníomh reachtach
  • féadfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle an tarmligean a aisghairm nó agóidí a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tarmligthe

Conas a ghlactar gníomhartha tarmligthe?

Ullmhaíonn agus glacann an Coimisiún gníomhartha tarmligthe tar éis dul i gcomhairle le grúpaí saineolaithe, ina mbíonn ionadaithe ó gach Ballstát, agus a eagraíonn cruinnithe ar bhonn rialta nó anois agus arís.

Mar chuid de chlár oibre an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr, is féidir le saoránaigh agus páirtithe leasmhara eile aiseolas a thabhairt ar an dréacht-téacs de ghníomh tarmligthe le linn tréimhse 4 seachtaine. Bíonn eisceachtaí áirithe ann, mar shampla i gcás éigeandála nó más rud é go bhfuil aighneachtaí déanta ag saoránaigh agus páirtithe leasmhara cheana féin. Tá tuilleadh sonraí sa bhosca uirlisí le haghaidh rialáil níos fearr

Tar éis an gníomh a bheith glactha ag an gCoimisiún, bíonn 2 mhí ag an bParlaimint agus ag an gComhairle go hiondúil chun agóidí a dhéanamh. Mura ndéanann siad agóid, tagann an gníomh tarmligthe i bhfeidhm.

Bíonn 'meabhrán míniúcháin' mar chuid de ghníomhartha a ghlactar ina dtugtar achoimre ar an aiseolas a fuarthas agus ar an gcaoi ar úsáideadh é.

An Clár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin agus d'eintitis eile den saghas céanna

Documents

 

14 FEABHRA 2017
Commission proposal amending the Comitology Regulation