Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Caidreamh leis na parlaimintí náisiúnta

Is féidir leis na parlaimintí náisiúnta tionchar tábhachtach a imirt i bhfeidhmiú an Aontais Eorpaigh tríd an nós imeachta um fhaireachán ar phrionsabal na coimhdeachta agus trí idirphlé polaitiúil leis an gCoimisiún. 

Comhar idir an Coimisiún agus na parlaimintí náisiúnta

Sa Chonradh ar an Aontas Eorpach daingnítear ról na bparlaimintí náisiúnta i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh.

Bíonn na parlaimintí náisiúnta agus an Coimisiún ag obair i gcomhar le chéile ar dhá phríomhbhealach:

  • tríd an nós imeachta um fhaireachán ar phrionsabal na coimhdeachta is féidir leis na parlaimintí náisiúnta a mheas má tá tograí reachtacha nua i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta;
  • trí idirphlé polaitiúil is féidir eolas agus tuairimí a mhalartú maidir le saincheisteanna beartais agus maidir le tionscnaimh reachtacha agus neamhreachtacha.

Doiciméid a sheoltar chuig na parlaimintí náisiúnta

Seolann an Coimisiún doiciméid áirithe chuig na parlaimintí náisiúnta ar bhonn córasach. Ar na doiciméid sin áirítear, mar shampla, tograí reachtacha, páipéir bhána agus uaine, teachtaireachtaí, an clár reachtaíochta bliantúil agus doiciméid eile phleanála agus bheartais.

I gcás tograí reachtacha a bhaineann le réimse beartais a thagann faoin inniúlacht roinnte, bíonn ar an gCoimisiún na tograí a chur chuig na parlaimintí náisiúnta ionas gur féidir leo seiceáil an gá beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (prionsabal na coimhdeachta). 'An nós imeachta um fhaireachán ar phrionsabal na coimhdeachta' a thugtar air sin.

Subsidiarity control mechanism

Cuireann an Coimisiún doiciméid eile chuig na parlaimintí náisiúnta sa bhreis ar na cinn sin a luaitear thuas, doiciméid atá dírithe chuig an gComhairle go háirithe. Ina theannta sin, gach uair a lainseálann an Coimisiún comhairliúchán poiblí, cuirtear na parlaimintí náisiúnta ar an eolas.

Idirphlé polaitiúil

Is féidir le parlaimintí náisiúnta tuairimí a eisiúint faoi dhoiciméid de chuid an Choimisiúin nó faoi réimsí beartais a bhfuil sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhú ina leith. Déanann an Coimisiún gach iarracht freagra a thabhairt ar thuairimí den sórt sin laistigh de 3 mhí.

Faoi chuimsiú an idirphlé pholaitiúil, tugann an Coimisiún freagraí freisin ar thuairimí réasúnaithe arna bhfáil faoin nós imeachta um fhaireachán ar phrionsabal na coimhdeachta, sa chás nach mbaintear amach na cuótaí is gá chun nós imeachta an chárta bhuí ná nós imeachta an chárta oráiste a chur i ngníomh.

Foilsítear na tuairimí sin ó na parlaimintí náisiúnta agus freagraí an Choimisiúin ar líne.

Tuairimí ó na parlaimintí náisiúnta agus freagraí an Choimisiúin

Bíonn idirphlé polaitiúil ar siúl ar bhealaí eile freisin:

  • cuairteanna agus cruinnithe ar leibhéal polaitiúil agus ar leibhéal riaracháin. Bíonn cruinnithe rialta ag formhór na bparlaimintí náisiúnta le baill den Choimisiún;
  • rannpháirtíocht an Choimisiúin i gcruinnithe agus comhdhálacha idirpharlaiminteacha;
  • rannpháirtíocht oifigigh de chuid an Choimisiúin i gcruinnithe le coistí agus le hionadaithe de chuid na bparlaimintí náisiúnta, arna iarraidh sin. 

Tuarascálacha bliantúla ar an gcaidreamh leis na parlaimintí náisiúnta

Documents

7 MEITHEAMH 2016
Protocol no.1 on the role of national parliaments in the European Union

7 MEITHEAMH 2016
Protocol no. 2 on the application of the principles of subsidiarity and proportionality