Ganntanas scileanna san Aontas a shárú
![Female African doctors speaking of healthcare](https://commission.europa.eu/sites/default/files/styles/oe_theme_medium_no_crop/public/2023-11/AdobeStock_577006515.jpeg?itok=l7un8K7q)
Tá ganntanas lucht saothair fós ann ar fud an Aontais, i réimse earnálacha, agus ar leibhéil éagsúla scileanna. Ní féidir le fostóirí teacht ar na hoibrithe a theastaíonn uathu i láthair na huaire. Is fadhb é sin go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), mar a léiríodh i suirbhé ón Aontas Eorpach.
Agus aghaidh á tabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus scileanna, tá sé mar thosaíocht ag an Aontas an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht an lucht saothair atá san Aontas cheana. Mar sin féin, ní leor é sin chun aghaidh a thabhairt ar na ganntanais, agus sin an fáth ar gá scileanna agus tallann a mhealladh ón gcoigríoch mar chuid den réiteach.
Chun dul i ngleic leis an dúshlán sin agus chun cabhrú leis na Ballstáit dul san iomaíocht sa rás domhanda chun tallann a mhealladh, tá trí ghníomhaíocht curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún mar chuid den Phacáiste um Shoghluaisteacht Tallainne. Is iad sin:
- earcaíocht ó thíortha lasmuigh den Aontas a éascú
- cáilíochtaí gairmiúla agus scileanna a fuarthas i dtríú tíortha a aithint níos tapúla
- an tsoghluaisteacht foghlama a chothú do chách
Léirítear sa phacáiste freisin go bhfuil comhpháirtíocht le tríú tíortha ríthábhachtach chun a chinntiú go mbainfidh gach páirtí tairbhe as an tsoghluaisteacht.
An fáth a bhfuil gá le gníomhaíocht
![Cairt grafaice faisnéise ina léirítear ráta dífhostaíochta 6% agus ráta folúntas poist 2.9%, agus cairt ina léirítear go raibh 265 mhilliún duine in aois oibre in 2022, agus go bhfuiltear ag tuar go mbeidh 258 milliún ann in 2030](https://commission.europa.eu/sites/default/files/styles/oe_theme_medium_no_crop/public/2023-12/unemployment-job-vacancy-working-age-population2-GA.png?itok=EoFhHnxC)
I mí Mheán Fómhair 2023 bhí an ráta dífhostaíochta ab ísle riamh ann, 6%, agus d’ardaigh an ráta folúntais poist go 2.9% in 2022 – ráta atá níos mó ná dhá oiread níos airde ná leibhéal 2012. Cuirfidh an t-athrú déimeagrafach leis na dúshláin i margadh an tsaothair atá os comhair an Aontais. Tiocfaidh laghdú ar dhaonra an Aontais atá in aois oibre ó 265 mhilliún in 2022 go 258 milliún in 2030.
Earcaíocht ó thíortha lasmuigh den Aontas a éascú
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Linn Tallann an Aontais a bhunú chun earcú cuardaitheoirí poist ó thíortha lasmuigh den Aontas a éascú, bunaithe ar ghairmeacha ina bhfuil ganntanais oibrithe agus ar riachtanais an mhargaidh saothair. Is ar bhonn deonach a ghlacfaidh na Ballstáit páirt i Linn Tallann an Aontais, agus tacóidh siad le bainistiú an ardáin.
Cuideoidh an t-ardán le náisiúnaigh tríú tíortha oilte agus fostóirí a mheaitseáil ar bhealach níos tapúla agus níos éasca, agus ag an am céanna cuirfidh sé eolas ar fáil do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí araon maidir le nósanna imeachta earcaíochta agus dálaí maireachtála agus oibre. Ina theannta sin, cosnóidh sé náisiúnaigh tríú tíortha ar chleachtais a d’fhéadfadh an dúshaothrú a bheith ag baint leo.
Chun feabhas a chur ar an gcaidreamh idir an tAontas agus na príomhthíortha comhpháirtíochta, tacóidh Linn Tallann an Aontais le cur chun feidhme na gComhpháirtíochtaí Tallainne freisin. Chuirfeadh na comhpháirtíochtaí sin soghluaisteacht ar fáil le haghaidh oibre nó oiliúna, rud a mhéadódh deiseanna imirce dleathaí agus a d’fhágfadh nach mbeadh an imirce neamhrialta chomh tarraingteach céanna.
Cáilíochtaí gairmiúla agus scileanna a fuarthas i dtríú tíortha a aithint níos tapúla
Tá sé molta ag an gCoimisiún éascaíocht a dhéanamh ar aitheantas scileanna agus cáilíochtaí náisiúnach tríú tíortha. Leis an tacar beart déanfar an córas atá i bhfeidhm faoi láthair a nuachóiriú agus tabharfar níos gaire é don chóras a bunaíodh le haghaidh na náisiúnach den Aontas a aistríonn go Ballstát eile. Is é an aidhm atá ann cinntí aitheantais a dhéanamh níos tapúla chun folúntais a líonadh i ngairmeacha ina bhfuil ganntanais oibrithe san Aontas. Áireofar sa chóras moltaí chun acmhainneacht a fhorbairt sna húdaráis náisiúnta chomhfhreagracha ar mhaithe le nósanna imeachta a shimpliú agus a bhrostú, trí fheabhas a chur ar chomhoiriúnacht cáilíochtaí tríú tíortha agus ar an dóigh le measúnú a dhéanamh ar scileanna cuardaitheoirí poist.
An tsoghluaisteacht foghlama a chur ar fáil do chách
![Trí ghraif ina léirítear: +25% Céimithe ardoideachais, +20% Foghlaimeoirí ar lú na deiseanna atá acu, +15% Foghlaimeoirí gairmoideachais](https://commission.europa.eu/sites/default/files/styles/oe_theme_medium_no_crop/public/2023-12/Share%20of%20mobility%20experiences_0-GA.png?itok=1vdWZVNk)
Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an tsoghluaisteacht foghlama laistigh den Aontas a dhéanamh ina dlúthchuid de na conairí oideachais agus oiliúna uile – ón oideachas scoile agus ón ngairmoideachas agus ón ngairmoiliúint, go dtí an t-ardoideachas agus an t-oideachas aosach, agus malartuithe ógra. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún sciar na n-eispéireas soghluaisteachta a mhéadú go dtí na céatadáin seo a leanas ar a laghad in 2030:
- 25% i gcás céimithe ardoideachais
- 20% i gcás foghlaimeoirí ar lú na deiseanna atá acu
- 15% i gcás foghlaimeoirí gairmiúla
Ina theannta sin, cuireann sé tarraingteacht an Aontais chun cinn mar cheann scríbe foghlama do dhaoine ó thríú tíortha.
Cúlra
Gan gníomhaíocht chomhbheartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na ganntanais scileanna san Aontas, d’fhéadfadh na treochtaí atá ann faoi láthair an bonn a bhaint den aistriú glas agus den aistriú digiteach, iomaíochas an Aontais a mhaolú, agus seirbhísí poiblí a lagú i réimsí ina bhfuil easpa oibrithe cheana féin, amhail an cúram sláinte agus an cúram fadtéarmach. Sin an fáth a bhfuil an pacáiste seo chomh tábhachtach sin, agus cuireann sé leis an obair atá ar bun faoin bpacáiste ‘Scileanna agus Tallann’ agus faoin gComhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, agus cuireann sé leis an mBliain Eorpach um Scileanna atá ann faoi láthair tríd an mbéim a leagann sé ar chur chuige straitéiseach chun na ganntanais lucht saothair agus scileanna a réiteach.