Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An Ciste um Aistriú Cóir

Is é an Ciste um Aistriú Cóir (JTF) an chéad cholún den Sásra um Aistriú Cóir (JTM).

Beidh sé ina phríomhuirlis chun tacú leis na críocha is mó a ndéanfaidh an t-aistriú i dtreo na neodrachta aeráide difear dóibh, trí thacaíocht shaincheaptha a thabhairt dóibh. Déantar é a chur chun feidhme faoi chomhbhainistíocht, faoi chreat comhiomlán an bheartais Chomhtháthaithe, arb é an príomhbheartas de chuid an Aontais é chun éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú agus aghaidh a thabhairt ar athruithe struchtúracha san Aontas.

€17.5 billiún a bheidh sa chiste sin (is é sin an méid i bpraghsanna 2018; €19.2 billiún atá ann i bpraghsanna reatha). Is é atá i gceist leis an méid sin airgead nua a chuirfear ar fáil do thíortha an Aontais chun tacú leo an t-aistriú glas a chur i gcrích; maoineofar €7.5 billiún de faoi bhuiséad 2021-2027 an Aontais, agus is ioncam sannta seachtrach a eascraíonn as Ionstraim Théarnaimh an Aontais a bheidh sa €10 mbilliún eile (agus, mar sin, cuirfear ar fáil é ó 2021 go 2023).

Féadfaidh na Ballstáit, ar bhonn deonach, acmhainní breise a aistriú chuig an JTF óna leithdháiltí náisiúnta faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), ar choinníoll nach bhfuil an tsuim iomlán níos mó ná trí oiread an leithdháilte JTF. An caiteachas ó bhuiséad an Aontais, déanfar é a fhorlíonadh le cómhaoiniú náisiúnta i gcomhréir le rialacha an bheartais Chomhtháthaithe.

Leis an gciste maolófar na costais shocheacnamaíocha a eascrófar as an aistriú aeráide, rud a thacóidh leis an éagsúlú eacnamaíoch agus le haistriú na gcríoch lena mbaineann. Is é a chiallaíonn sé sin tacú le hinfheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide, gnólachtaí nua a chruthú, taighde agus nuálaíocht, athshlánú comhshaoil, fuinneamh glan, uasoiliúint agus athoiliúint oibrithe, cúnamh chun post a chuardach agus cláir cuardaitheoirí poist a chuimsiú go gníomhach, chomh maith le hathrú ó bhonn a dhéanamh ar shuiteálacha atá ann cheana agus atá dian ar charbón nuair a bhíonn ciorruithe suntasacha astaíochtaí agus cosaint post mar thoradh ar na hinfheistíochtaí sin. Measfar go slógfaidh an méid sin infheistíochtaí dar luach beagnach €30 billiún.

Scéim thiomnaithe faoi InvestEU

Is é scéim thiomnaithe InvestEU an dara colún den Sásra um Aistriú Cóir.

Déanfar í a chur chun feidhme faoin gclár InvestEU sna ceithre ionú beartais Fágann sé sin gur féidir le InvestEU tacú le hinfheistíochtaí i gcreat an Phlean Chríochaigh um Aistriú Cóir (TJTP) i réimse níos leithne tionscadal i gcomparáid leis an gCiste um Aistriú Cóir, cuir i gcás tionscadail le haghaidh bonneagar fuinnimh agus iompair, lena n-áirítear bonneagar gáis agus téamh ceantair, agus tionscadail dícharbónaithe, éagsúlú eacnamaíoch agus bonneagar sóisialta.

Cuirfidh an Coimisiún Eorpach ráthaíocht bhuiséadach ar fáil do chomhpháirtithe cur chun feidhme le maoiniú a sholáthar go díreach nó go hindíreach do thionscnóirí tionscadal atá lonnaithe i gcríocha an aistrithe chóir a bhfuil TJTP formheasta acu. Tionscadail nach bhfuil lonnaithe ar na críocha sin, féadfaidh siadsan tairbhe a bhaint as an scéim freisin ar choinníoll go gcuireann na tionscadail sin le comhlíonadh na riachtanas forbartha a eascraíonn as aistriú na gcríoch sin mar atá leagtha amach sa TJTP ábhartha.

Feidhmeoidh Mol Comhairleach InvestEU mar lárphointe iontrála le haghaidh iarratais ar thacaíocht chomhairleach i dtaca le haon tionscadal faoi cholúin 2 agus 3 den JTM, chomh maith le roinnt tionscadal a mhaoineofar faoin JTF. Cuirfidh sé cúnamh teicniúil saincheaptha agus tacaíocht fothaithe acmhainneachta ar fáil, ag brath ar riachtanas an tionscnóra tionscadail. Beidh tacaíocht chomhairleach ar fáil chun tionscadail a shainaithint, a ullmhú, a fhorbairt, a struchtúrú, a sholáthar agus a chur chun feidhme, agus chun feabhas a chur ar chumas na dtionscnóirí tionscadail píblíne láidir tionscadal a chur le chéile sna críocha sin.

 

Saoráid iasachta nua don earnáil phoiblí arna giaráil ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI)

Is é an tSaoráid Iasachta don Earnáil Phoiblí an tríú colún den Sásra um Aistriú Cóir. Déanfaidh sé deontais dar luach €1.5 billiún, a mhaoineofar ó bhuiséad an Aontais, a chomhcheangal le hiasachtaí dar luach €10 mbilliún ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI), chun infheistíocht phoiblí dar luach idir €25 bhilliún agus €30 billiún a shlógadh, rud a fhreastalóidh ar riachtanais fhorbartha chríocha an aistrithe chóir. D’fhéadfaí an tsaoráid a leathnú amach anseo chun maoiniú a thabhairt do chomhpháirtithe eile seachas BEI.

Díreofar an ionstraim seo ar eintitis phoiblí amháin, ag cur tacaíocht ar fáil do thionscadail nach ngineann sruth leordhóthanach acmhainní dílse chun maoiniú tráchtála a fháil. Meastar go n-áireofar ar na tionscadail sin infheistíochtaí i ngach cineál bonneagair phoiblí, cuir i gcás i réimse an fhuinnimh agus an iompair; líonraí le haghaidh téamh ceantair; bearta éifeachtúlachta fuinnimh, athchóiriú foirgneamh ina measc; agus bonneagar sóisialta. Fágtar as an áireamh tacaíocht d’infheistíochtaí a bhaineann le breoslaí iontaise.

Incháilitheacht maidir le maoiniú

Sna pleananna críochacha um Aistriú Cóir, beidh ar thíortha an Aontais na críocha agus na hearnálacha a shainaithint atá incháilithe le haghaidh maoiniúcháin faoin gCiste um Aistriú Cóir. Déanfar na críocha sin a shainaithint trí idirphlé leis an gCoimisiún. Bainfear leas as an anailís a rinneadh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus go háirithe ar an togra ón gCoimisiún maidir le réigiúin agus earnálacha tosaíochta ó thaobh incháilitheachta de, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn D de Thuarascálacha Tíre Sheimeastar Eorpach 2020. Le formheasadh na bpleananna ag an gCoimisiún, beifear in ann maoiniú tiomnaithe a fháil ní hamháin ón gCiste um Aistriú Cóir ach freisin ón scéim thiomnaithe um aistriú cóir faoi InvestEU agus ó shaoráid iasachta BEI don earnáil phoiblí. Cuirfear na pleananna i gceangal le cláir an Bheartais Chomhtháthaithe a bhfuil tacaíocht don Chiste um Aistriú Cóir ag baint leo, agus glacfaidh an Coimisiún iad in éineacht leis na cláir sin.

Cúnamh teicniúil

Beidh ról lárnach ag an Ardán um Aistriú Cóir ó thaobh tacaíocht theicniúil shaincheaptha a chur ar fáil d’údaráis fad is a bheidh Plean Críochach um Aistriú Cóir á dhréachtú acu le linn an phróisis, lena chinntiú go léiríonn siad riachtanais shonracha gach réigiúin.

I mí an Mhárta 2020, sheol an Coimisiún glao ar iarrataí faoin gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach chun cabhrú leis na Ballstáit a bpleananna críochach um aistriú cóir a ullmhú chun maoiniú a fháil ón Sásra um Aistriú Cóir. Tá tacaíocht á cur ar fáil faoi láthair do 18 mBallstát.

Le dhá bhliain anuas, tá tacaíocht phraiticiúil á cur ar fáil ag an gCoimisiún, trína Chlár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, do na réigiúin chun cuidiú leo straitéisí eacnamaíocha fadtéarmacha a ullmhú dá n-aistriú ar shiúl ón ngual, mar shampla i réigiún Horna Nitra na Slóvaice, i Macadóin Thiar na Gréige nó i nGleann Jiu na Rómáine.

Beidh sé de dheis ag na Ballstáit tacaíocht theicniúil bhreise a iarraidh faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil a bheidh ann le haghaidh na tréimhse 2021-2017, i dtaca le leasuithe rialála agus riaracháin a bhaineann leis an gclár oibre um aistriú cóir ina measc.

Cuirtear cúnamh teicniúil ar fáil freisin do roinnt críoch san Aontas tríd an Tionscnamh um Réigiúin Ghuail atá i mbun Aistrithe.

Sruthanna maoiniúcháin ábhartha eile a d’fhéadfadh a bheith ann

Tá ionstraimí maoiniúcháin eile de chuid an Aontais ar fáil a d’fhéadfaí a úsáid chun tacú le cláir agus le tionscadail atá dírithe ar an aistriú cóir:

Lean an Coimisiún Eorpach ar