Page contents Page contents Réamhrá Uirlis thábhachtach is ea an Sásra um Aistriú Cóir (JTM) chun a chinntiú go dtarlóidh an t-aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de ar bhealach cothrom, agus nach bhfágfar aon duine ar lár. Cuireann sé tacaíocht spriocdhírithe ar fáil le cuidiú chun tuairim agus €55 bhilliún a shlógadh thar an tréimhse 2021-2027 sna réigiúin is mó atá buailte, d’fhonn tionchar socheacnamaíoch an aistrithe a mhaolú. Caithfimid dlúthpháirtíocht a léiriú leis na réigiúin is mó san Eoraip atá buailte, cuir i gcás réigiúin bainte guail agus réigiúin eile nach iad, lena chinntiú go mbeidh tacaíocht an uile dhuine ag an gComhaontú Glas agus go mbeidh seans ann go gcuirfear i bhfeidhm é. Maoiniú Leis an Sásra um Aistriú Cóir tugtar aghaidh ar éifeachtaí sóisialta agus eacnamaíocha an aistrithe, agus dírítear ar na réigiúin, na tionscail agus na hoibrithe a mbeidh na dúshláin is mó le sárú acu, trí bhíthin trí cholún: Le Ciste nua um Aistriú Cóirde €19.7 billiún i bpraghsanna reatha, meastar go slógfar thart ar €7.3 billiún de chómhaoiniú náisiúnta, arb ionann é agus €27 mbilliún san iomlán.Scéim InvestEU um Aistriú Cóircuirfidh an scéim seo ráthaíocht bhuiséadach ar fáil faoi Chlár InvestEU ar fud na gceithre ionú beartais agus Mol Comhairleach InvestEU a fheidhmeoidh mar lárphointe iontrála le haghaidh iarratais ar thacaíocht chomhairleach. Táthar ag dréim leis go slógfaidh sé infheistíochtaí dar luach €10-15 bhilliún ón earnáil phríobháideach go príomha.Saoráid iasachta nua don earnáil phoiblíleis an tsaoráid seo déanfar deontais dar luach €1.5 billiún, a mhaoineofar ó bhuiséad an Aontais, a chomhcheangal le hiasachtaí dar luach €10 mbilliún ón mBanc Eorpach Infheistíochta, chun infheistíocht phoiblí dar luach €30 a shlógadh. An Ciste um Aistriú Cóir I bpleananna críochach um aistriú cóir, sainítear na críocha ina n-úsáidfear an Ciste um Aistriú Cóir. Déantar na críocha sin a shainaithint trí idirphlé leis an gCoimisiún. Leagtar amach iontu na dúshláin a bhaineann le gach críoch, chomh maith leis na riachtanais agus spriocanna forbartha atá le comhlíonadh faoi 2030. Sainaithnítear leo na cineálacha oibríochtaí atá beartaithe agus sonraítear sásraí rialachais iontu. Le formheasadh na bpleananna críochach um aistriú cóir, tugtar deis maoiniú tiomnaithe a chur ar fáil faoin dá cholún eile den Sásra um Aistriú Cóir. An tArdán um Aistriú Cóir Cabhraíonn an tArdán um Aistriú Cóir le tíortha agus réigiúin an Aontais an t-aistriú cóir a dhéanamh. Cuimsíonn an t-ardán pointe rochtana aonair agus deasc chabhrach. Cuirtear tacaíocht chuimsitheach theicniúil agus chomhairleach ar fáil air. Féadfaidh údaráis agus tairbhithe an t-ardán a rochtain chun an t-eolas go léir atá ag teastáil uathu a fháil faoi na cistí, cuir i gcás deiseanna, nuashonruithe rialála ábhartha nó tionscnaimh a bhaineann go sonrach le hearnáil ar leith. Leis an Ardán déantar malartú na ndea-chleachtas a chur chun cinn go gníomhach i measc na bpáirtithe leasmhara go léir freisin, trí chruinnithe rialta fisiciúla agus fíorúla, cuir i gcás. Má bhíonn ceist agat faoin Sásra/Ciste/Ardán um Aistriú Cóir, líon isteach an fhoirm theagmhála le do thoil. An tArdán um Aistriú CóirRochtain ar an ardán Cé a bhainfidh leas as? Cuirfear tacaíocht ar fáil do gach Ballstát, tacaíocht a bheidh dírithe ar na réigiúin is déine ó thaobh carbóin de nó ina bhfuil an líon is mó daoine atá ag obair le breoslaí iontaise. Féadfaidh na Ballstáit rochtain a fháil air trí phleananna críochach um aistriú cóir a ullmhú le haghaidh na tréimhse idir seo agus 2030, ina sainaithneofar na críocha is mó a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu. Ba cheart na bealaí is fearr chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil a leagan síos freisin. Na daoine agus na saoránaigh is leochailí ó thaobh an aistrithe de Tabharfaidh an Sásra um Aistriú Cóir cosaint dóibh ar na bealaí seo a leanastrí dheiseanna fostaíochta a éascú in earnálacha nua agus in earnálacha atá i mbun aistrithetrí dheiseanna athscilithe a chur ar fáiltrí thithíocht atá tíosach ar fhuinneamh a fheabhsútrí infheistíocht a dhéanamh chun bochtaineacht fuinnimh a chomhractrí rochtain ar fhuinneamh glan inacmhainne agus slán a éascúCuideachtaí agus earnálacha atá gníomhach sna tionscail atá dian ar charbóin, nó a chuimsíonn na tionscail sin Tabharfaidh an Sásra um Aistriú Cóir cosaint dóibh ar na bealaí seo a leanastrí thacú leis an aistriú chuig teicneolaíochtaí ísealcharbóin agus leis an éagsúlú eacnamaíoch bunaithe ar infheistíochtaí agus ar phoist atá seasmhach ó thaobh na haeráide detrí dhálaí a chruthú atá níos tarraingtí d’infheisteoirí poiblí agus príobháideachatrí rochtain níos éasca a thabhairt ar iasachtaí agus ar thacaíocht airgeadaistrí infheistíocht a dhéanamh chun gnólachtaí nua, FBManna nua agus gnólachtaí nuathionscanta a chruthútrí infheistíocht a dhéanamh i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochtaBallstáit agus réigiúin a bhraitheann go mór ar bhreosla iontaise agus ar thionscail atá dian ó thaobh an charbóin de Tabharfaidh an Sásra um Aistriú Cóir cosaint dóibh ar na bealaí seo a leanastrí thacú leis an aistriú chuig gníomhaíochtaí ísealcharbóin agus gníomhaíochtaí atá seasmhach ó thaobh na haeráide detrí phoist nua sa gheilleagar glas a chruthútrí infheistíocht a dhéanamh san iompar poiblí agus san iompar inbhuanaithetrí chúnamh teicniúil a chur ar fáiltrí infheistiú i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaitetrí nascacht dhigiteach a fheabhsútrí iasachtaí inacmhainne a chur ar fáil d’údaráis phoiblí áitiúlatríd an mbonneagar fuinnimh, téamh ceantair agus líonraí iompair a fheabhsú.