Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Príomhphointe

Daoine a shábháil ón mbás tríd an ailse a chosc ar bhealach inbhuanaithe

Is féidir tuairim agus 40% de chásanna ailse a chosc: straitéisí éifeachtacha coiscthe ailse, is féidir leo an galar a chosc, daoine a shábháil ón mbás, agus an fhulaingt a laghdú.

Feabhas a chur ar aimsiú luath ailse

Ailse a aimsiú go luath de scagthástáil, is féidir leis sin cabhrú chun daoine a shábháil ón mbás. Ó thaobh na rochtana de, áfach, tá éagothromaíochtaí ann idir na Ballstáit go fóill.

Tá éagsúlacht ann i measc na mBallstát maidir le líon na ndaoine leochaileacha a ndéantar tástáil orthu. Is éard atá sa líon sin raon idir

6% – 90%
le haghaidh ailse chíche
25% – 80%
le haghaidh ailse cheirbheacs

In January 2024, The Commission put forward a Recommendation to support Member States in their efforts to prevent cancer through vaccination. Part of Europe's Beating Cancer Plan and a key pillar of the European Health Union, it focuses on boosting the uptake of two key vaccinations that can prevent viral infections that may lead to cancer: Human papillomaviruses (HPV) and Hepatitis B virus (HBV), as well as improving the monitoring of coverage rates.

Cancer Plan targets for 2030

HPV vaccination
90% of girls and significant increase for boys
HBV vaccination
Access and increase uptake for all

Leis an gcur chuige nua maidir le brath ailse a moladh i mí Mheán Fómhair 2022, tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit chun a chinntiú go gcuirtear scagthástálacha ailse cíche, ceirbheacs agus colaireictí ar fáil do 90% de dhaonra an Aontais atá ina dteideal sin faoi 2025. Leis an togra, leathnaítear scagthástáil eagraithe ailse daonrabhunaithe chun ailse scamhóg, próstatach agus, i gcúinsí áirithe, ailsí gastracha a áireamh.

Rochtain chomhionann ar dhiagnóis agus cóireáil ailse

Feabhas a chur ar an gcáilíocht saoil atá ag othair ailse agus daoine a tháinig slán ón ailse

Meastar go bhfuil os cionn 12 mhilliún duine san Eoraip a tháinig slán ón ailse, tuairim agus 300,000 duine a tháinig slán ó ailse leanaí ina measc, a bhuí sin leis an dul chun cinn atá déanta maidir leis an aimsiú luath, teiripí éifeachtacha agus an cúram tacúil.

A bhuí leis an dul chun cinn maidir le luathbhrath, teiripí éifeachtacha agus cúram tacúil, meastar go bhfuil

Over 12 million cancer survivors in Europe

including around 300 000 childhood cancer survivors

Cé gur cúis dóchais é sin, is gá na nithe seo a leanas a bheith ann freisin – cúram leantach iomchuí, rochtain ar chosaint shóisialta, agus rochtain chomhionann ar sheirbhísí airgeadais, árachas san áireamh.

Tionscnaimh shuaitheanta

  • An Lárionad Eolais um Ailse
  • Diagnóisic agus Cóireáil Ailse do Chách
  • Tionscnamh Eorpach um Íomháú Ailse
  • Tionscnamh Eorpach um an Ailse a Thuiscint
  • Deireadh a chur le hailsí a eascraíonn as an bpapalómaivíreas daonna
  • Tionscnamh um cháilíocht saoil níos fearr d’othair ailse
  • Scéim Scagtha Ailse an Aontais
  • Clárlann Éagothromaíochtaí Ailse
  • Líonra an Aontais d’Ionaid Chuimsitheacha Náisiúnta Ailse
  • Tionscnamh um chabhrú le Leanaí a bhfuil Ailse orthu

Doiciméid

 

2 FEABHRA 2022
Europe’s Beating Cancer Plan: One year on

 

31 EANÁIR 2022
Europe's Beating Cancer Plan: Implementation Roadmap

 

5 FEABHRA 2021
Factsheet: SAMIRA (Strategic Agenda for Medical Ionising Radiation Applications)

 

3 FEABHRA 2021
Communication: "Europe's Beating Cancer Plan"

 

3 FEABHRA 2021
Factsheet: Europe's Beating Cancer Plan